Cosaint déanta ag Cowen ar an méid a rinne sé le linn dó bheith ina Aire Airgeadais

Dúirt Cowen go ndúradh go neamhbhalbh leis an Rialtas nach ligfí dóibh dul isteach i gclár an IMF mura seasfaidís leis na sealbhóirí bannaí

Screen Shot 2015-07-02 at 12.12.32

Tá cosaint láidir déanta ag Brian Cowen ar an méid a rinne sé le linn dó bheith ina Aire Airgeadais agus é ag caint ar maidin ag an bhFiosrúchán Baincéireachta i dTithe an Oireachtais.

Dúirt an tIar-Thaoiseach go ndearna an Rialtas a seacht ndícheall cruachan in aghaidh na hanachaine ach ghlac sé “freagracht iomlán” as an ról a bhí aige sa ghéarchéim eacnamaíochta agus ghabh leithscéal leo siúd a d’fhulaing cruatan agus anó lena linn. Dúirt sé go raibh an toise “daonna” ar an ngné ba dheacra a bhain le cinnithe crua polaitíochta a dhéanamh.

Rinne Cowen caint ar an deireadh a chuir sé le dreasachtaí cáin réadmhaoine in 2005 agus mar a dhiúltaigh sé dleacht stampála a chur de dhroim seoil d’fhonn iarracht a dhéanamh praghas na dtithe a chur faoi chois. Dúirt sé nach bhfuil se fíor go raibh sé “faoi bhois” an mhargaidh réadmhaoine agus nach rabhthas ar aon fhocal faoin méid a bhí i ndán don tír, i bhfianaise na dtuarascálacha a chuir Banc Ceannais na hÉireann ar fáil don Rialtas a thug le tuiscint gur ‘tuirlingt bhog’ a dhéanfadh an tír tar éis an Tíogair Cheiltigh.

Le linn an tseisiúin ar maidin, mheabhraigh Cathaoirleach an Fhiosrúcháin, Ciarán Lynch, do Cowen agus don Teachta Dála, Joe Higgins, nárbh fhóram chun troda faoi chúrsaí polaitíochta an ceistiúchán.

Léigh Higgins amach ráiteas ó Cowen a chruthaigh, dar leis an Teachta Dála, gur thacaigh sé le lucht airgeadais.

Dúirt an tIar-Thaoiseach nár ghéill sé d’iarracht an Teachta Dála cur síos a dhéanamh air mar dhuine a thacaigh le hamhantraithe agus “buachaillí bó”.

Maidir leis an gcinneadh a rinneadh gan sealbhóirí bannaí a fhágáil ar an trá fholamh mar chuid de bharántas na mbanc, dúirt Cowen go ndúradh go neamhbhalbh leis an Rialtas nach ligfí dóibh dul isteach i gclár an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) mura seasfaidís leis na sealbhóirí agus nach raibh ‘pioc amhrais’ ar an Rialtas faoi dháiríre lucht déanta an fholáirimh sin.

Dúirt sé gur aontaigh sé le tuairimí an Ollaimh Holohan, Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, a dúirt gurbh iad na bainc ba chúis leis an gcliseadh eacnamaíochta de bharr ‘iasachtaí místuama’ a cuireadh ar fáil go rábach. Ba é tuairim an Ollaimh Holohan gur ‘theip glan’ ar na córais rialála ó thaobh priacal a mheas.

Maidir le teacht i gcabhair ar na bainc, dúirt Cowen go ndúradh leis an Rialtas mura ndéanfaí é sin “go gcuirfí Éire siar 25 bliain” agus “gurbh éigean” don Rialtas cinneadh a dhéanamh bunaithe ar “an eolas ab fhearr a bhí ar fáil” dóibh ag an am.

Dúirt sé nach raibh a leithéid de rud ann agus réiteach a bhí “saor ó chostas” nó “saor ó phriacal” ag an am agus gurbh é an beart ba stuama ná teacht i gcabhair ar na bainc agus dul isteach i gclár an IMF.

Maidir leis na daoine a bhí ar mhalairt tuairime le saineolaithe airgeadais agus a raibh i ndán don gheilleagar á thuar acu, dúirt Cowen gurbh í an tuarascáil ba shuntasaí a bhí ann ná ceann an Ollaimh Morgan Kelly ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a foilsíodh i mí Iúil na bliana 2007.

Ba é seasamh eacnamaí an ESRI, an Dr Alan Barrett, nár tháinig sé le tuairimí an Ollaimh Kelly, a dúirt Cowen. “Mar is eol dúinn anois, ba chruinne tuairim an Ollaimh Kelly, tuairim a bhí níos duairce [ná ceann an Dochtúra Barrett]”, a dúirt sé, ach mheabhraigh sé don lucht éisteachta gur scríobh an tOllamh Kelly sa pháipéar céanna go raibh “dóthain caipitil ag bainc na hÉireann ag an am”.

Mar sin féin, d’admhaigh Cowen gur cheart dó a bheith “níos amhrasaí agus níos ceistí” faoin méid a bhí ag titim amach agus na tuairimí a bhí á nochtadh ina thaobh.

Dúirt sé go raibh an iomarca “urraim” ag na bainc agus an rialtóir airgeadais dá chéile. Maidir le polasaithe rialála a bheith bunaithe ar phrionsabail seachas ar rialacha, dúirt Cowen nár chreid sé go ndéanfadh sé aon difear dá mbeadh na polasaithe á múnlú de réir prionsabal, faoi mar a léirigh cás na Spáinne, a dúirt sé.

Nuair a ceistíodh é faoi róchaiteachas a bheith á dhéanamh ag an Rialtas le linn dó a bheith ina Aire Airgeadais, dúirt sé go raibh daoine ann nach raibh go maith as agus nach bhféadfaí fanacht le teacht i gcabhair orthu mar go raibh sé dlite dóibh maireachtáil le “dínit”.

Chosain sé chomh maith an chomhpháirtíocht shóisialta ar “éirigh leis ar go leor bealaí”, dar leis.

Dúirt sé gur “seafóid” a bheadh ann a mhaíomh nach mbíonn cúrsaí toghcháin san áireamh ar chor ar bith agus buiséid rialtais á mbeartú.

Tá ceistiúchán an Iar-Thaoisigh fós ag dul ar aghaidh.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Cowen ar an méid a rinne sé le linn dó bheith ina Aire Airgeadais'