Cosaint déanta ag an NPWS ar an €560,000 a chaitear ar chaomhnú éan ‘Gaeltachta’

Bhíodh an traonach le fáil go fairsing ar fud na hÉireann tráth ach níl ach 168 éan fágtha sa tír anois agus a bhformhór acu sin i gcontae Mhaigh Eo agus i nGaeltacht Chonamara agus Dhún na nGall

Cosaint déanta ag an NPWS ar an €560,000 a chaitear ar chaomhnú éan ‘Gaeltachta’

Tá cosaint déanta ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar an méid airgid a chaitear ar chaomhnú an traonaigh, éan ‘Gaeltachta’ atá go mór i mbaol sa tír seo.

Bhíodh an traonach le fáil go fairsing ar fud na hÉireann tráth ach níl ach 168 éan fágtha sa tír anois agus a bhformhór acu sin i gcontae Mhaigh Eo agus i nGaeltacht Chonamara agus Dhún na nGall.

Le dhá bhliain anuas, caitheadh os cionn €560,000 ar Chlár Caomhnaithe na dTraonach, scéim Rialtais leis an traonach a shábháil. Comhthogra atá anseo idir Cairde Éanlaith Éireann agus an Royal Society for the Preservation of Birds atá ar bun ón mbliain 1991.

Bhí an traonach le fáil i bhFear Manach agus áiteanna eile in Éirinn an t-am sin, ach le dhá bhliain anuas níor airíodh traonach ar bith i gCaladh na Sionainne agus tá a líon tite go mór i Maigh Eo chomh maith.

Thit líon na dtraonach in Éirinn arís i mbliana ó 183 go 168. Ar oileáin Dhún na nGall is measa atá an traonach buailte, áit ar thit a líon i mbliana ó 86 go 63.  Tháinig méadú ar líon na dtraonach i gConamara, áfach, ó 13 go 19.

Tá €2.2m caite ar an togra ó 2012. Dúirt Denis Strong, an státseirbhíseach atá i gceannas ar Chlár Caomhnaithe na dTraonach, gur “údar díomá” dó an titim atá tagtha ar líon na n-éan i mbliana.

“Is údar díomá é mar tá an ghnáthóg ann a thacódh lena thuilleadh éan. Ar ndóigh, chomh maith leis sin, tá go leor ama, fuinnimh agus airgid caite ar an togra caomhnaithe seo.

“Creidim go bhfaightear luach ar an airgead sin. Seo airgead atá á chur ar ais i ngeilleagar na tuaithe i gcuid mhór den tír. Tá muid ag déanamh ár ndíchill. Is deacair a rá, agus an oiread sin oibre á déanamh, cén fáth nach bhfuil méadú ag teacht ar líon na n-éan,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil go leor cúinsí ann a chuireann isteach ar an traonach agus nach bhfuil smacht ag an NPWS orthu agus d’ainneoin go ndéantar gach iarracht go “n-oibríonn sé amanna agus nach n-oibríonn sé amanna eile”.

“Ní raibh an traonach agus a leithéid in ann dul in oiriúint do na hathruithe a tháinig chomh tobann sin ar shaol agus ar shlí bheatha na tuaithe in Éirinn. Is é an rud is lú a d’fhéadfaimis a dhéanamh dóibh anois ná an clár caomhnaithe a chur i gcrích.

“Ní féidir linn dul sa seans go gcaillfí ainmhí dúchais eile in Éirinn — tá sé chomh simplí leis sin,” a dúirt Strong.

Tá fairtheoir éan fostaithe ag an NPWS le súil a choinneáil ar an traonach ó bhí 2010 ann. Tá ceantar speisialta caomhnaithe aitheanta anois freisin ag an eagraíocht agus deontas agus íocaíochtaí eile ar fáil d’fheirmeoirí a dhéanann iarracht gan cur isteach ar an traonach ar a gcuid talún.

Dúirt Strong go bhfuil sé ag iarraidh níos mó airgid a fháil do na deontais sin an bhliain seo chugainn ionas go mbeifear in ann cúiteamh atá “níos réadúla” a thabhairt do na feirmeoirí.

Tugadh beagnach €230,000 d’fheirmeoirí agus d’oibrithe allamuigh de chuid an NPWS i mbliana faoin gclár caomhnaithe — €181,000 do na feirmeoirí agus €48,000 na hoibrithe. Caitheadh €100,000 eile ar an gClár Rialaithe Creachadóirí, faoina dtugtar cosaint don traonach agus do dhá éan eile, an pilibín agus an lóma rua, ar chreachadóirí éagsúla.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag an NPWS ar an €560,000 a chaitear ar chaomhnú éan ‘Gaeltachta’'