Cosaint de dhíth don saoránach agus don phóilín

Póilíní agus Gardaí faoi iniúchadh – is maith sin. Cosaint dóibh féin é chomh maith leis an bpobal

Cosaint de dhíth don saoránach agus don phóilín

Pictiúr: RollingNews.ie

‘Síorcheistiú , agallaimh, treoracha agus éisteachtaí poiblí … ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí, an Coiste Cirt agus Comhionannais, an tÚdarás Póilíneachta agus fiosruithe eile maille le tuairisciú míchruinn … Is cuid iad uilig de chóras freagrachta nua agus riachtanach.’

Bhí frustrachas Choimisinéir an Gharda, Nóirín O’Sullivan leis an ‘síor-iniúchadh’ soiléir ina ráiteas go raibh sí ag éirí as a post tar éis tréimhse an-chorrach in oifig. Bhí an obair a bhain le trédhearcacht nó freagracht ag teacht salach ar an obair leasaithe a bhí le déanamh aici, a dúirt sí.

Chuirfeadh a cur chuige i gcuimhne duit leagan amach iarchomhaltaí den RUC nuair a bunaíodh oifig Ombudsman na bPóilíní. Go deimhin chuir an córas nua, a d’fhág oifig Ombudsman agus Bord na bPóilíní againn, oiread alltachta ar sheanfhondúirí go raibh caint ar dhúshlán cúirte agus baghcat. Anois is cuid den ghnáthshaol iad.

Nílim ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil gach uile shórt togha abhus. I bhfad uaidh, mar is léir ón bhfaillí i bhfiosruithe ar choireanna stairiúla agus ó mhoilleadóireacht an PSNI i dtaca le comhaid a sholáthar le haghaidh cásanna cúirte. Tá baint ag an bpairilis pholaitiúil le cuid de na deacrachtaí. Is minic an Príomh-Chonstábla (agus a réamhtheachtaithe) ag tabhairt foláirimh nach dtig le póilíní an obair reatha a dhéanamh i gceart nuair atá ualach mór oibre curtha orthu faoi choireanna stairiúla. Is mí-áisiúil an boc í an stair! Bhí a fhios againn é sin i gcás an PSNI ach is léir ón méid atá tagtha chun solais le tamall de bhlianta nach mór do na Gardaí a dhul i ngleic lena stair féin.

Admhaím nach raibh Nóirín O’Sullivan ag casaoid faoi Oifig Ombudsman an Gharda Síochána ach is léir don dall nach bhfuil an oifig sin chomh láidir le hOmbudsman na bPóilíní ó thuaidh agus nár tugadh an chumhacht chéanna di mar sheirbhís. Cé is moite de thréimhse eatramhach idir téarma Nuala O’Loan agus an tOmbudsman reatha an Dr Michael Maguire is eiseamláir do sheirbhísí iniúchta í oifig an Ombudsman.

An tseachtain seo, d’eisigh an tOmbudsman Maguire tuairisc faoin PSNI a bhain croitheadh as an bpobal. In 2013 mharaigh Sean Hegarty agus fear eile Caron Smyth agus Finbarr McGrillen i mBéal Feirste. Frítheadh na coirp agus iad batráilte ar an 13 Nollaig. Maraíodh iad an lá roimhe sin. Tá príosúnacht saoil á seirbheáil ag Hegarty, gearradh ceithre bliana déag príosúin ar a chionpháirtí Ciaran Nugent.

Ciontóir ilghníomhach a bhí amuigh ar bannaí ab ea Hegarty a bhí freagrach as liosta fada d’ionsaithe ar mhná. Gabhadh é ar an 8 Nollaig i ngeall ar ionsaí ar Caron Smyth. Choinnigh sé ina teach í agus bhuail sé le barra iarainn í; bhí faitíos uirthi go maródh sé í. Chinn na póilíní a labhair léi agus a chonaic a gortuithe go raibh sí i gcontúirt. Mar sin féin scaoileadh Hegarty amach ar bhannaí póilíní lá arna mhárach, an 9 Nollaig, gan an t-iarratas a bheith curtha faoi bhráid cúirte. Ligeadh amach é agus clib leictreonach air chuig áit chónaithe nach raibh aon leictreachas ann. Trí lá ina dhiaidh sin maraíodh Caron agus a cara Finbarr McGrillen.

D’ordaigh an tOmbudsman go smachtófaí ochtar comhaltaí den PSNI agus go ndéanfaí beartais a chinnteodh nach bhféadfadh a leithéid tarlú arís. Ghlac na póilíní leis na moltaí. Smachtaíodh seisear agus bhí duine eile imithe as an tseirbhís. Chuir dlíodóir thar ceann an duine eile in aghaidh an phróisis smachtaithe agus d’éirigh leis ar chúiseanna nach bhfuil soiléir. N’fheadar cé mhéad eolais faoi sin a thiocfaidh chun solais – mar go bhfuil ceart chun príobháideachais ag an sáirsint – ach scrúdófar é sa chúirt, seans, ó tá muintir Caron Smyth chun an dlí a chur ar an PSNI. Ceisteofar ceannairí na bpóilíní go dian faoin scéal ag cruinniú Bhord na bPóilíní a d’iarr tuairisc ón bPríomh-Chonstábla faoi fheidhmiú na moltaí go léir a rinne an tOmbudsman.

Go bunúsach is córas déchraobhach é. Fiosraíonn an tOmbudsman gearáin faoi phóilíní agus tá an t-údarás aige mí-iompar nó mí-éifeacht a scrúdú as a stuaim féin, mar a rinne Nuala O’Loan faoi fhiosrú bhuamáil na hÓmaí. Is le himscrúdaitheoirí seachtracha a oibríonn an tOmbudsman agus ní le baill den PSNI ag scrúdú a seirbhíse féin. Is é an Bord an dara craobh. Déanann sé feitheoireacht ar bhainistiú, pleananna, buiséad agus polasaithe ach ní thig leis a ladar a chur i gcúrsaí oibríochta. Sin é gnó an Phríomh-Chonstábla agus má dhéantar botún is gnó don Ombudsman é.

Go dtí seo ní fhacamar Príomh-Chonstábla á cheistiú ag coistí Stormont mar a tharla le Nóirín O’Sullivan. Ach dá mbeadh Stormont ag feidhmiú go héifeachtach d’fhéadfadh sé tarlú, ag an gCoiste Cirt nó an Coiste um Chuntais Phoiblí. Cén dochar? Tuige a mbeadh aon cheo le ceilt? Dá mhéad eolais a bhíonn ar fáil faoi conas a riartar seirbhísí is ea is fearr é. Cothaíonn trédhearcacht tuiscint agus muinín.

Ní bheadh oiread ama caite ag an iarchoimisinéir os comhair coistí agus fiosruithe murach na scannal sa Gharda Síochána. Ní hiad lucht na gceisteanna a chothaigh na fadhbanna. Go dtí go ndéanfar na leasuithe riachtanacha ní féidir ollscrúdú a sheachaint. Agus nuair a dhéanfar, féachtar chuige go mbeidh freagracht, oscailte, de dhlúth agus d’inneach na seirbhíse. Cosaint a bheidh inti sin don saoránach agus don phóilín araon.

Fág freagra ar 'Cosaint de dhíth don saoránach agus don phóilín'