Cosa in airde sa Ghearmáin

Tá dul chun cinn iontach déanta i mBerlin ó athaontú na tire 24 bliain ó shin, ach an bhféadfadh gurbh í an Ghearmáin seachas Sasana a bhualfadh buille is troime ar an Aontas Eorpach.

german_shoes
Léiríonn ógánaí an lae inniu “bród dúchais” le linn comórtais idirnáisiúnta ina bhfuil a dtír páirteach. Níorbh amhlaidh an scéal sa Ghearmáin 10 mbliana ó shin ná roimhe sin.

Beirlín, 6 Deireadh Fómhair, 2014

Rinne na Gearmánaigh a lá saoire náisiúnta bliantúil, Tag der Deutschen Einheit, a cheiliúradh le linn na seachtaine. Níl aon cheard den tír is mó a bhfuil comharthaí sóirt an aontais le feiceáil ann ná i mBeirlín, de bharr an lorg domhain a d’fhág an scoilt ar an gcathair.

I gceantar an Todesstreifen atá mé féin, san áit a mbíodh an teorainn idir Berlin Ost agus West, mar a mbíodh balla 3.75 méadar ar airde ann ó 1961 go 1989. Tá rian na staire le brath go láidir anseo taobh lena bhfuil fágtha den seanteorainn. Maireann rian na staire i gcultúr na cathrach freisin.

Le hais a ndeachaigh roimhe seo, is iontach an dul chun atá déanta ag an bpobal, idir anam agus intinn, agus an méid sin déanta acu in achar an-ghairid. Maíonn an gnáth-Ghearmánach óg sa lá atá inniu ann go bhfuil sé bródúil as a dhúchas, rud nach ndéanann na glúine a tháinig roimhe chomh héasca céanna.

Tá deighilt á déanamh de réir a chéile idir féinbhród agus an dóigh a gciallódh sin gur náisiúnaí thú nó go mbeadh tionchar aige ar do thuiscint ar réimeas uafáis an Tríú Reich. Mar sin, le linn Chorn an Domhain 2014, ní mba údar iontais é go raibh níos mó bratach dubh-dearg-buí le feiceáil ná riamh cheana.

Ar aon dul leis an tsaoirse nua atá le haireachtáil i measc an phobail sa 21ú aois, tá cumhacht eacnamaíoch agus pholaitiúil na tíre ag méadú as cuimse go hidirnáisiúnta, ní áirím taobh istigh den Aontas Eorpach. Tráth den saol, bhíodh an Bhreatain, an Fhrainc agus an Ghearmáin ag tiomáint pholasaithe na hEorpa. Breathnaítear go minic anois ar an mBreatain mar thír nach bhfuil iomlán páirteach san Aontas agus ar an Fhrainc mar thír atá lagtha ag streachailt geilleagair inmheánach. Ó 2007 i leith, tá an Ghearmáin tagtha chun cinn i réimse pleanála eacnamaíochta an Aontais. Dá bhrí sin, níltear ag breathnú ar an mBruiséil ná ar Frankfurt níos mó le haghaidh polasaithe a mheas, ach ar Bheirlín agus, mar a fheicfeas muid ar ball,  i Lucsamburg.

Má tá tionchar láidir tar éis a bheith ag an nGearmáin ar pholsaithe eacnamaíochta an AE le deireanas, is fiú gluaiseacht réasúnta nua de chuid na cosmhuintire a lua, os rud é go bhfuil tionchar aici ar pholasaithe an rialtais; is í sin an Alternative für Deutschland (AfD). Deirtear, scaití, faoin AfD go bhfuil said cosúil le UKIP. B’fhéidir nach slán mar chomparáid é sin, ach, cinnte, tá siad i gcoinne an euro, na hinimirce agus “cumhacht an AE,” mar a fheictear dóibh féin é.

Gan amhras, tá Angela Merkel faoi bhrú ón ngrúpa nua seo atá ag baint vótaí óna páirtí (CDU). Tá sí féin i bhfabhar deireadh a chur le heilimintí lárnacha den stát sóisialta. Ach tá an borradh faoin AfD agus an chaoi ar baol iad don CDU ag déanamh cinnte de seo. Tá reachtaíocht i bhfeidhm cheana trína bhfuiltear ag iarraidh deireadh a chur leis an teidlíocht atá ag saoránaigh an AE ar leas sláinte agus sóisialach. Ar ndóigh, ní mó ná sásta atá feisirí as an gcuid eile den Eoraip leis seo, Lazlo Andor, Coimisinéir Gnóthaí Sóisialta na hEorpa ina measc. Beidh an focal scoir ar ndóigh ar an gceist seo ag Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa (CBE) i Lucsamburg.

Dá n-éireoidh le GroKo (ollchomhrialtas) na Gearmáine leis an iarracht seo atá fós faoi bhráid an CBE, tá go leor atá ag maíomh gur buille mór a bheadh ann do bhunchloch an aontais: cearta                       saorghluaiseachta d’oibrithe na hEorpa.

I Londain, tá David Cameron ag gealladh go mbeidh baint níos lú ag an Aontas Eorpach feasta le pobal atá ag cur an mhilleáin ar an AE as a gcuid fadhbanna, ach seans go raibh súil róghéar á coinneáil go dtí seo ag tíortha eile na hEorpa ar Londain.

Tharlódh sé gurb í an tír a bhí níos lárnaí i gcruthú an AE ná aon tír eile is mó a bhainfidh creathadh as bunchloch an aontais.

Tá súil i Lucsamburg le toradh ar an gcás seo i 2015.