Corp aimsithe ag lucht cuardaigh i gcuan na Gaillimhe

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála tráthnóna inné nuair nár tháinig bád iascaigh ar ais go dug na Gaillimhe

Corp aimsithe ag lucht cuardaigh i gcuan na Gaillimhe

Tá corp aimsithe ag an lucht cuardaigh i gcuan na Gaillimhe a bhí ag cuardach iascaire a bhí ar iarraidh ó inné. Thángthas ar an gcorp gar don Rinn Mhíl in aice le hÓrán Mór, cúpla ciliméadar ón áit ar thángthas ar bhád iascaigh aréir.

Níor tugadh ainm an té ar aimsíodh a chorp go fóill.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála tráthnóna inné nuair nár tháinig an bád iascaigh, a d’fhág dug na Gaillimhe ag 3pm inné, ar ais. Bhí fear amháin ar bord an bháid agus é ar a bhealach amach le súil a chaitheamh ar photaí gliomaigh.

Fuarthas a bhád ar ancaire os cionn ciliméadar siar ón gCarraig Dhubh i mBóthar na Trá, gar do Thrá na gCeann i mBearna i nGaeltacht na Gaillimhe, ach ní raibh duine ar bith ar bord nuair a thángthas ar an mbád ag 9.30 aréir.

Chuir an drochaimsir as don chuardach aréir ach cuireadh tús leis arís ag 8.20 ar maidin inniu.

Bhí héileacaptair ó Shligeach, ón tSionainn agus ó Dhúlainn páirteach sa chuardach chomh maith le báid tarrthála as cathair na Gaillimhe agus as Oileáin Árann.

Fág freagra ar 'Corp aimsithe ag lucht cuardaigh i gcuan na Gaillimhe'