Corn Uí Chon Cheanainn bronnta den chéad uair

Ba é seo an chéad bhliain ar an bhfód ag Corn Uí Chon Cheanainn, comórtas a cuireadh ar bun in ómós do Chiarán Ó Con Cheanainn a bhí ina amhránaí sean-nóis den scoth é féin

Ciarán Ó Con Cheanainn

Is é Eoghan Ó Ceannabháin, mac léinn i gColáiste na Tríonóide, a bhuaigh comórtas sean-nóis nuabhunaithe i mbliana, Corn Uí Chon Cheanainn.

In Ionad na Mac Léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a bhí an comórtas ar siúl Dé Sathairn seo caite. Ba é seo an chéad bhliain ar an bhfód ag Corn Uí Chon Cheanainn, comórtas a cuireadh ar bun in ómós do Chiarán Ó Con Cheanainn, a bhí ina léachtóir le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, BÁC, agus a bhí ina amhránaí sean-nóis den scoth é féin.

Buaiteoir, Moltóirí agus Stiúrthóir2Chuaigh Ciarán go mór i bhfeidhm ar mhic léinn an Choláiste agus ar a chuid comhghleacaithe agus ba í amhránaíocht na Gaeilge a shainréimse taighde. Ba bhreá an fonnadóir é agus d’éirigh leis neart gradam amhránaíochta a ghnóthú, sméar mullaigh an Oireachtais, Corn Uí Riada, ina measc. Go deimhin, ba é an duine ab óige riamh é a ghnóthaigh an Corn sin sa bhliain 2008. Cailleadh é an bhliain dár gcionn.

Comórtas uile-oileánda a bhí i gceist le Corn Uí Chon Cheanainn agus iomaitheoirí ó na cúigí ar fad ag glacadh páirte ann, mar aon le duine amháin ó Mheiriceá Theas. Trí dhuine dhéag san iomlán a bhí san iomaíocht lena aghaidh.

Is é Rob Ó Caoindealbháin a chuimhnigh ar an gcomórtas a chur ar bun an chéad lá riamh agus ba é a bhí ina stiúrthóir ar an gcomórtas i mbliana.

B’iad Aodán Ó Ceallaigh (ón Rinn i bPort Láirge), Brian Ó Domhnaill (Anagaire, Co. Dhún na nGall) agus Mairéad Ní Fhlatharta (An Spidéal, Co. na Gaillimhe) a bhí i mbun moltóireachta ar an lá agus bhí Áine Ni Bhreisleáin ina bean an tí.

Bhí ardchaighdeán amhránaíochta ag roinnt leis an gcomórtas, meascán stíleanna an-deas agus an-ghealladh go deo faoi na hiomaitheoirí go léir.

As a leagan de Liam Ó Raghallaigh agus an Sceilpín Draighneach a bronnadh an Corn ar Eoghan Ó Ceannabháin, comhpharóisteach as Dún Droma i mBaile Átha Cliath.   

Tháinig Doireann Ní Ghlacáin, as Cluain Tarbh agus mac léinn sa Choláiste Ollscoile, BÁC, sa dara háit lena leagan de Cois Abhann na Séad. Ba é An Gamhnaicín a chas sí mar amhrán mear.

Ba í Ciara de Mórdha ó Bhaile an Fhéirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus mac léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a thug an tríú háit léi, le leagan álainn de Raghadsa ‘s mo Cheití agus An Staicín Eorna.

Rinne Oireachtas na Gaeilge agus Gael Linn urraíocht ar dhuaiseanna na mbuaiteoirí agus is iad muintir Chiaráin Uí Chon Cheanainn féin a bhronn na duaiseanna ar na buaiteoirí.

Táthar ag súil go rachaidh an comórtas ó neart go neart anois, agus gur comórtas bliantúil a bheidh ann feasta.

Fág freagra ar 'Corn Uí Chon Cheanainn bronnta den chéad uair'