CORN DOMHANDA RUGBAÍ NA mBAN: Seasaimis gualainn ar ghualainn le mná na hÉireann

An mbeidh foireann na hÉireann in ann an lámh in uachtar a fháil ar fhoireann na hAstráile agus tús maith a chur lena bhfeachtas?

CORN DOMHANDA RUGBAÍ NA mBAN: Seasaimis gualainn ar ghualainn le mná na hÉireann

Claire Molloy agus í faoi agallamh ag meáin inné. ©INPHO/Dan Sheridan

Beidh comórtas Chorn Domhanda Rugbaí na mBan ag tosú inniu agus beidh mná na hÉireann ag imirt ag a seacht a chlog in aghaidh na hAstráile san UCD Bowl, ar champas an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i ndeisceart na cathrach.

Is é seo an t-ochtú comórtas dá leithéid ó cuireadh tús leis i 1991. Dhá fhoireann déag a bheidh ag glacadh páirte i gcomórtas na bliana seo, agus beidh Hong Cong agus an tSeapáin sna iomaíocht ann den chéad uair riamh. Roinntear na foirne ina dtrí ghrúpa – A, B agus C –agus rachaidh buaiteoirí na dtrí ghrúpa, mar aon leis an gceathrú foireann is fearr, ar aghaidh chuig na cluichí leathcheannais.

I ngrúpa A tá Ceanada, An Nua-Shéalainn, An Bhreatain Bheag agus Hong Cong. Tá Sasana, Stáit Aontaithe Meiriceá, an Iodáil agus an Spáinn in iomaíocht lena chéile i ngrúpa B, agus mná na Fraince, na hÉireann, na hAstráile agus na Seapáine atá i ngrúpa C. Beidh na cluichí leathcheannais agus an cluiche ceannais ar siúl ó thuaidh i staid Kingspan i mBéal Feirste ag deireadh na míosa seo, agus cuirfear críoch leis an gcomórtas faoin 26 Lúnasa.

Agus captaen fhoireann na hÉireann Niamh Briggs in easnamh de bharr drochghortú ar a teannán Aichill, an mbeidh ‘na cailíní sa nglas’ in ann an lámh in uachtar a fháil ar mhuintir na hAstráile agus tús maith a chur leis an bhfeachtas?

Ba í Niamh captaen na foirne ón mbliain 2014 agus d’imir sí faoi dhó i gcorn an domhain. Ar ndóigh, bhí sí ina captaen freisin ar fhoireann na hÉireann a bhuaigh Craobh na Sé Náisiún in 2015. Ainmníodh Claire Molloy mar chaptaen na foirne in ionad Paula Fitzpatrick, a raibh an cúram sin uirthi le linn Chraobh na Sé Náisiún in 2015. Is í Clare a ghnóthaigh an méid is mó caipíní le hÉirinn agus ní haon ionadh é gurb í a roghnaíodh dá bharr.

Ní hiad mná na hÉireann amháin a bheidh le feiceáil ar pháirceanna UCD amárach, mar beidh gach foireann ag imirt an. Beidh chéad chluiche an lae le feiceáil ag a 2 a chlog idir foireann Shasana, seaimpíní an chomórtais agus foireann na Spáinne, agus cuirfidh an Fhrainc agus an tSeapáin críoch leis an lá ag a 7:45pm.

Is é seo an chéad uair don chomórtas a bheith á reáchtáil in Éirinn. Bhain foireann na hÉireann an ceathrú háit amach i gcomórtas na bliana 2014, agus táthar ag súil go gcabhróidh an tacaíocht a bheidh acu mar fhoireann baile leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann na hAstráile. Is cinnte nach aon dóithín iad na hAstrálaigh a bhfuil Shannon Parry, a buaigh bonn óir leis an bhfoireann ag na Cluichí Oilimpeachai, mar chrann taca acu.

Anuas ar chluiche mhná na hÉireann, cuirfear an-chuid suime sa chluiche ag a 2:45pm idir na Nua-Shéalannaigh agus an Bhreatain Bheag. Tá an comórtas buaite ag an Nua-Shéalainn ceithre huaire. Mar sin féin, níor éirigh leo na cluichí leathcheannais féin a bhaint amach acu i gcorn na bliana 2014. Tá lucht tacaíochta na foirne baile dóchasach go dtapódh foireann na hÉireann an deis seo na Nua-Shéalannaigh a dhíbirt má chasann an dá fhoireann ar a chéile.

Ba cheart aird a thabhairt ar an gcomórtas seo mar beidh scoth na himeartha le feiceáil ann – agus chun seasamh gualainn ar ghualainn le mná na hÉireann.

– Beidh cluiche na hÉireann le feiceáil ar RTÉ 2 nó Eir Sport 1 agus le cloisteáil ar RTÉ 2fm ó 6:30pm ar aghaidh

Fág freagra ar 'CORN DOMHANDA RUGBAÍ NA mBAN: Seasaimis gualainn ar ghualainn le mná na hÉireann'