CORN AN DOMHAIN 2018: An Danmhairg an dúshlán d’Éirinn sna babhtaí cáilithe

Rinneadh an tarraingt do chluichí cáilithe Chorn an Domhain 2018, a imreofar an mhí seo chugainn, i gceannáras Fifa in Zurich tráthnóna

CORN AN DOMHAIN 2018: An Danmhairg an dúshlán d’Éirinn sna babhtaí cáilithe

Tá foireann na hÉireann tarraingthe i gcoinne na Danmhairge do na babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain sa Rúis.

Rinneadh an tarraingt do na cluichí cáilithe, a imreofar an mhí seo chugainn, i gceannáras Fifa in Zurich tráthnóna.

Imreoidh Tuaisceart Éireann in aghaidh na hEilvéise.

Tá an An Danmhairg sa 19ú háit ar domhan i rangú FIFA. Tá Éire 26ú háit. Imreofar an chéad chluiche idir na foirne sa Danmhairg ar an 9-11 Samhain,

As na foirne uile a d’fhéadfadh a bheith á n-imirt ag foireann Martin O’Neill, is í an Danmhairg is lú a bhfuil taithí ag Éirinn ar a bheith ag imirt ina n-aghaidh le 20 bliain anuas. Níl ach dhá chluiche dúshláin imeartha ag na foirne seo in aghaidh a chéile sa tréimhse sin, agus deich mbliana ó shin a bhí an cluiche is déanaí eatarthu.

Is sa dara háit i nGrúpa E a chríochnaigh foireann na Danmhairge, taobh thiar den Pholainn. Ba é an bua 4-0 a bhí acu ar na Polannaigh mí Mheán Fómhair an taispeántas ab fhearr a thug siad ach ní raibh siad gan locht i rith an fheachtais ach an oiread, go háirithe sa chluiche a chaill siad sa bhaile in aghaidh Mhontainéagró.

Is é fear Tottenham Hotspur, Christian Eriksen an t-imreoir is aitheanta atá acu agus ba é laoch na foirne sa chomórtas cáilithe inar scóráil sé ocht gcúl. Níor mhór do na hÉireannaigh súil a choinneáil freisin ar Thomas Delaney, fear arbh as Éirinn dá shin-seanathair agus a d’aimsigh ceithre chúl sa chomórtas cáilithe. 

Má éiríonn le foireann Martin O’Neill sna babhtaí cáilithe beidh Éire sa phota do tharraingt Chorn an Domhain 2018 féin. Beidh an tarraingt sin ar siúl ar an 1 Nollaig sa Kremlin.

Bhain Éire na babhtaí cáilithe do chomórtais mhóra amach ocht n-uaire agus d’éirigh leo i dtrí cinn acu sin. D’éirigh leo an beart a dhéanamh i gcoinne na hEastóine chun cáiliú do Euro 2012 agus i gcoinne na Boisnia agus na Heirseagaivéine chun cáiliú do Euro 2016. Aon uair amháin a d’éirigh le hÉireann cáiliú do Chorn an Domhain trí na babhtaí cáilithe, nuair a fuair siad an ceann is fearr i gcoinne na hIaráine in 2001.

Na foirne leis an líon is mó cúl thar an dá chluiche a cháileoidh don Chorn an Domhain sa Rúis an bhliain seo chugainn. Má bhíonn an líon céanna cúl ag an dá fhoireann is í an fhoireann leis an líon is mó cúl as baile a rachaidh tríd. Más mar a chéile líon na gcúl agus líon na gcúl as baile ag an dá fhoireann imreofar am breise ag deireadh an dara cluiche agus riail na gcúl as baile fós i bhfeidhm. Murar leor sin chun teacht ar bhuaiteoir beidh ciceanna éirice ann.

Fág freagra ar 'CORN AN DOMHAIN 2018: An Danmhairg an dúshlán d’Éirinn sna babhtaí cáilithe'

  • Eoin

    Éire abú! Níl an tarraingt sin ródhona dúinn, ba mhaith an rud é an Chróit agus an Iodáil a sheachaint. Feileann sé dúinn an chéad chluiche a imirt as baile freisin, measaim.