Corcaigh v Tiobraid Árann agus na cluichí sraithe eile an deireadh seachtaine seo

Cé go bhfuil Corcaigh agus Tiobraid Árann cáilithe do na babhtaí ceathrú ceannais cheana féin, beidh an iomaíocht fós géar idir sean-naimhde na Mumhan

Paudie O’Sullivan (Corcaigh) agus a chamán á bhriseadh in aghaidh cheann James Barry (Tiobraid Árann) i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Paudie O’Sullivan (Corcaigh) agus a chamán á bhriseadh in aghaidh cheann James Barry (Tiobraid Árann) i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá áiteanna bainte amach cheana féin ag Corcaigh agus Tiobraid Árann sna babhtaí ceathrú ceannais den tsraith, fiú agus gan an deireadh seachtaine deireanach de Roinn 1A caite fós. Cé nach bhfuil mórán ag brath ar thoradh an chluiche, is sean-naimhde iad na Muimhnigh seo agus is cinnte nach mbeidh na himreoirí sásta mórán a ghéilleadh.

Tá na foirne seo tagtha chucu féin tar éis tús lag a bheith acu sa tsraith. Chaill an bheirt acu i mbabhta a haon i mbliana, nuair a theip ar na Tiobraid Árannaigh i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus nuair a chlis ar na Corcaígh in aghaidh Chill Chainnigh i bPáirc Uí Rinn.

Ó shin i leith, áfach, tá sé phointe bainte amach ag an dá taobh agus tá siad ar chomhchéim ag barr na sraithe faoi láthair.

Chas Corcaigh agus Tiobraid Árann ar a chéile i gcluiche leathcheannais na craoibhe anuraidh ach is cluiche thar a bheith aontaobhach a bhí ann. Tar éis dóibh craobh na Mumhan a bhuachan, bhí gach duine ag súil le taispeántas maith eile ó fhir Jimmy Barry Murphy ach bhuaigh Tiobraid Árann orthu go héasca, 2-18 i gcoinne 1-11.

Ag fógairt a chinneadh fanacht leis an iomáint amháin i mbliana dó, luaigh Aidan Walsh an cluiche sin agus an easpa fuinnimh a bhí aige ar cheann de na cúiseanna. Cé go bhfuil peileadóirí Chorcaí sa chéad áit i Roinn 1 chomh maith, níl aon chúis aifeála fós ag Walsh.

Dar ndóigh, chaill muintir Thiobraid Árann an athimirt den chluiche ceannais i gcoinne na gCat ach bhain siad díoltas de shaghas éigin amach an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhí farasbarr 12 phointe acu ar fhoireann Cody i Staid Semple.

Ní dea-scéalta uile atá ag Éamonn O’Shea, faraor, agus Lar Corbett ag rá nach bhfuil a fhios aige fós an gcaithfidh sé geansaí Thiobraid Árann arís. Bhí gortú glúine ag cur as dó anuraidh chomh maith agus dar le Corbett, is í an fhadhb chéanna atá aige i mbliana. Bhí Iománaí na Bliana 2010 in ann imirt sa chraobh anuraidh ach caithfimid fanacht go bhfeicfimid an mbeidh Lar páirteach sa chraobh i mbliana.

Níl ach dhá chluiche peile ar siúl sa tsraith an deireadh seachtaine seo. Bhí na cluichí i Roinn 2 – tá Gaillimh v Laois ar cheann acu – in ainm is a bheith ar siúl ag tús na míosa ach cuireadh siar iad mar gheall ar dhrochaimsir.

Bhí ag éirí thar barr leis na Gaillimhigh sarar cuireadh a gcluiche le Laois ar athló ach tá dhá chluiche caillte ó shin acu, ceann i gcoinne an Dúin agus ceann i gcoinne An Chabháin. Anois, is ag iarraidh a stádas i Roinn 2 a choinneáil atá siad seachas a bheith ag díriú a bhfuinneamh ar fad ar an ardú céime.

Ar an taobh eile den scéal, tá ag éirí go maith le Laois ó cuireadh siar an cluiche i dTuaim. Bhí siad gan pointe ar bith an uair sin agus iad i mbaol a ndícháilithe. Tar éis dóibh bua a fháil ar Ros Comáin agus críochnú ar chomhscór leis An Mhí, tá deis acu fanacht i Roinn 2 do 2016.

Rogha Tuairisc.ie: Tiobraid Árann agus Gaillimh

Dé Domhnaigh, 22 Márta

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

Gaillimh v Laois, Tuaim, 2i.n.

Ros Comáin v An Mhí, Páirc de hÍde, 3i.n.

Sraith Peile Allainz – Roinn 4

Liatroim v Londain, Páirc Sheán Mac Diarmada, 1i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn – 1A

Corcaigh v Tiobraid Árann, Páirc Uí Rinn, 2i.n.

Baile Átha Cliath v Gaillimh, Páirc Parnell, 2i.n

Cill Chainnigh v An Clár, Páirc Uí Nualláin, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1B

Aontroim v Uíbh Fhailí, Baile an Chaistil, 2i.n.

Luimneach v Laois, Cill Mocheallóg, 2i.n.

Loch Garman v Port Láirge, Páirc Loch Garman, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2A

Ciarraí v Londain, Páirc Aibhistín de Staic, 2i.n.

Doire v Cill Mhantáin, An Abhainn Bheag, 2i.n.

An Iarmhí v Ceatharlach, Páirc Uí Chíosóg, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2B

Maigh Eo v Ard Mhacha, Páirc Mhic Éil, 2i.n.

An Mhí v An Dún, Baile Átha Troim, 2i.n,

Dún na nGall v Cill Dara, Leitir Ceanainn, 2.30i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 3A

Fear Manach v Muineachán, Páirc Brewster, 2i.n.

Fine Gall v An Lú, Cill Bharróg, 2i.n.

Tír Eoghain v Ros Comáin, Ómaigh, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 3B

Warwickshire v Liatroim, Páirc na hÉireann, 1i.n.