Corcaigh v Maigh Eo agus cluichí móra eile na deireadh seachtaine seo

Beidh an dá fhoireann ag barr Roinn 1 á fhéachaint le chéile an Domhnach beag seo agus tá cluichí ceathrú ceannais i Roinn 1 den tSraith Iomána chomh maith ann

Corcaigh v Maigh Eo, Aidan Walsh agus Seamus O’Shea. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Corcaigh v Maigh Eo, Aidan Walsh agus Seamus O’Shea. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Is iad Corcaigh agus Maigh Eo atá sa chéad dá áit iRoinn 1 sa tsraith peile i mbliana, na Muimhnigh ar ocht bpointe agus sé cinn faighte ag Maigh Eo as na cúig chluichí go dtí seo. Má bhuann Corcaigh amárach, beidh áit bainte amach acu i gcluichí leathcheannais na sraithe roimh an mbabhta deireanach.

Nuair a chas an dá fhoireann seo ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais na craoibhe anuraidh, bhuaigh Maigh Eo le pointe amháin, 1-19 in aghaidh 2-15, ach ní sásta a bhí Corcaigh leis an réiteoir Cormac Reilly.

Bhí Corcaigh tar éis teacht aniar iontach a dhéanamh agus faoin am ar bronnadh cic saor orthu ar an líne 14m, ní raibh ach dhá phointe idir na foirne. D’fhiafraigh Colm O’Neill den réiteoir an raibh dóthain ama fágtha chun scór eile a fháil tar éis an chic saor. Nuair a chuir O’Neill an iarracht thar an trasnán chun an bhearna a laghdú go dtí aon phointe amháin, is léir gur cheap sé go raibh an t-am sin aige. Ar aon drochuair do Chorcaigh agus O’Neill, shéid Reilly an fheadóg díreach tar éis an chic amach agus ní bhfuair Corcaigh an deis an cic comhscóir a fháil.

Beidh sé sin ina n-intinn ag imreoirí Chorcaí ar an Domhnach agus beidh siad ag iarraidh díoltas de shórt a bhaint amach. Tá O’Neill ar dhuine de shárimreoirí na sraithe i mbliana agus 3-29 aimsithe aige sna cluichí go dtí seo. Agus é ag teacht ar ais óna thríú drochghortú glúine, tá fear Bhaile Cloch ag imirt cuid den pheil is fearr atá feicthe againn uaidh go dtí seo agus beidh ar chosantóirí Mhaigh Eo súil ghéar a choinneáil air.

San iomáint an deireadh seachtaine seo, tá cluichí ceathrú ceannais Roinn 1 ar siúl, chomh maith le cluiche dícháilithe Roinn 1A idir Cill Chainnigh agus An Clár. Dar ndóigh, bhuaigh Cill Chainnigh nuair a chas na foirne seo ar a chéile an Domhnach seo caite ach beidh Davy Fitzgerald ag iarraidh na Cláirínigh a spreagadh chun a háit i Roinn 1A a shábháil.

raibh ach pointe idir na foirne i bPáirc Uí Nualláin ar an Satharn, 2-20 in aghaidh 2-19, ach bhí Cill Chainnigh chun cinn ar feadh an chuid is mó den chluiche. Ag brath ar imreoirí óga den chuid is mó a bhí Brian Cody chun an bua sin a fháil ach ceaptar go mbeidh iománaithe Bhaile hÉil le fáil arís aige agus a bhfeachtas craoibhe tagtha chun deiridh.

Leis na deacrachtaí uile a bhí ag Fitzgerald agus an Clár le cúpla seachtain anuas, is i ndéine a ghabhfaidh an scéal acu agus leithéidí TJ Reid, Michael Fennelly agus a dheartháir Colin ar fáil an athuair do na Cait.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh agus Cill Chainnigh

Dé Sathairn, 28 Márta

Sraith Peile Allianz – Roinn 1

Baile Átha Cliath v Doire, Páirc an Chrócaigh, 7i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

An Cabhán v An Iarmhí, Páirc Breffni, 7i.n.

An Dún v An Mhí, Páirc Esler, 7i.n,

Laois v Cill Dara, Portlaoise, 7i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 3

Ard Mhacha v An Lú, Páirc Lúthchleasaíochta, 7i.n.

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Ceathrú Ceannais Roinn 1

Baile Átha Cliath v Luimneach, Páirc an Chrócaigh, 5i.n.

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Dícháilithe Roinn 1B

Laois v Aontroim, Portlaoise, 5i.n.

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Dícháilithe Roinn 2B

Dún na nGall v Maigh Eo, Cora Droma Rúisc, 3i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 3B

An Longfort v Sligeach, Páirc an Phiarsaigh, 3i.n.

Craobh Peile Iarbhunscoile na hÉireann – Cluiche Leathcheannais

Pobalscoil Chorca Dhuibhne (Ciarraí) v Coláiste Phádraig (An Cabhán), An tAonach,2i.n.

Scoil na mBráithre Críostaí Ros Comáin (Ros Comáin) v Coláiste na Dea-Chomhairle (Loch Garman), An Droichead Nua, 2i.n.

Dé Domhnaigh, 29 Márta

Sraith Peile Allianz – Roinn 1

Corcaigh v Maigh Eo, Páirc Uí Rinn, 2i.n,

Dún na nGall v Tír Eoghain, Páirc Sheáin Mac Cumhaill, 3i.n.

Ciarraí v Muineacháin, Páirc Aibhistín de Staic, 3i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

Ros Comáin v Gaillimh, Páirc de hÍde, 1.30i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 3

Loch Garman v Fear Manach, Páirc Loch Garman, 1.30i.n.

Tiobraid Árann v Sligeach, Staid Semple, 3i.n.

Luimneach v An Clár, An Caisleán Nua, 3i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 4

Londain v Port Láirge, Ruislip, 1i.n.

Ceatharlach v Liatroim, Páirc Uí Chuilinn, 3i.n.

Aontroim v Cill Mhantáin, Páirc Uí Chorragáin, 2i.n.

An Longfort v Uíbh Fhailí, Páirc an Phiarsaigh, 3i.n.

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Ceathrú Ceannais Roinn 1

Uíbh Fhailí v Tiobraid Árann, Páirc Uí Chonchúir, 3i.n.

Corcaigh v Loch Garman, Páirc Uí Rinn, 4i.n.

Port Láirge v Gaillimh, Páirc Breathnach, 4i.n.

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Dícháilithe Roinn 1A

Cill Channaigh v An Clár, Páir Uí Nualláin, 2i.n.

Fág freagra ar 'Corcaigh v Maigh Eo agus cluichí móra eile na deireadh seachtaine seo'