Córas vótala do Westminster lochtach agus éagórach

Léirigh na staitisticí ó olltoghchán na seachtaine seo caite sa Bhreatain an neamhréir ba mhó riamh i stair na Ríochta Aontaithe idir líon na vótaí agus líon na suíochán

Voting_in_UK

Toghadh feisire Parlaiminte Bhéal Feirste Theas in olltoghchán na seachtaine seo caite le 9, 560 vótaí nó 24% den vóta iomlán bailí sa toghcheantar. Toghadh triúr feisirí de chuid Thuaisceart Éireann le breis is 19,000 vóta an duine, ionadaí amhain díobh sin le sciar os cionn 50%. B’in iad na torthaí ab ísle agus ab airde. Céard a tharlódh, áfach, dá mbeadh ionadaíocht chionmhar nó córas d’Hondt in úsáid, murab ionann agus an córas atá i bhfeidhm faoina dtoghtar an té is airde vótaí ar an gcéad iarraidh?

Suíochán parlaiminte amháin i Westminster a fuair UKIP le ceithre mhilliún (4,000,000) vóta. Anois níl aon seans go mbeinnse ná Tuairisc.ie, cheapfainn,  ag éagaoin faoi UKIP a bheith ar an ngannchuid, ach is léir don dall go bhfuil sé míchothrom. Suíochán amháin a fuair an Comhaontas Glas freisin agus breis is milliún vótaí acusan, gar go leor d’iomlán na Náisiúnach in Albain a raibh bua caithréimeach as cuimse acu.

Smál ar an daonlathas a thug an Electoral Reform Society sa Bhreatain ar thorthaí an toghcháin an tseachtain seo caite. Bhí siadsan naimhdeach don chóras cheana, ar ndóigh, ach ní féidir éalú ón uimhríocht. Léirigh an scrúdú a rinne siad ar na staitisticí gurb é seo an toghchán ba mhó a raibh neamhréir idir  líon na vótaí agus líon na suíochán i stair na Ríochta Aontaithe. Scríobh mé anseo roimh an toghchán gur córas lochtach é go dtoghtar an té is airde vótaí ar an gcéad iarraidh ach chuir scála na héagóra agus na figiúirí ón ERS alltacht orm.

Fuair na feisirí a toghadh do Pháirtí Náisiúnach na hAlban ar an meán 26,000 vóta; 34,000 vóta ar an meán a fuair na Caomhaigh in aghaidh gach duine acu a toghadh; 40,000 a bhí i gceist d’fheisire an Lucht Oibre agus caitheadh 299,000 vóta, ar an meán in aghaidh gach feisire de chuid na Liobrálach Daonlathach a toghadh. I gcás na hAlban, is léir gur bhuntáiste é an córas votala don Pháirtí Náisiúnach, an pairtí is mó, agus ba é an scéal céanna é i Sasana mar a raibh sceabha i bhfábhar na gCaomhach. Bhí claonadh níos lú ann i bhfabhar an Lucht Oibre agus leatrom ar na Liobrálaigh Dhaonlathacha agus na mionghrúpaí.

Le 56 suíochán as 59 in Albain, shílfeá go gcaithfeadh sé go bhfuair páirtí Nicola Sturgeon  móramh ollmhór  de na vótaí. Ní bhfuair, ach bailíonn brobh beart. Rinneadar gaisce, fuaireadar 50%  – beagán níos mó ná dhá oiread na vótaí a fuair an Lucht Oibre a bhuaigh suíochán amháin. Ní fhéadfadh éinne a rá  go bhfuil na torthaí sin i gcomhréir le chéile.

Is fada na Liobrálaigh Dhaonlathacha ag iarraidh athrú ar an gcóras vótála. Theip orthu sa reifreann ceithre bliana ó shin ach tá aird bhreise ar an ábhar anois i ndiaidh thorthaí na seachtaine seo caite. Tá Coimisiún faoin ábhar á éileamh ag Paddy Ashdown, iarcheannaire na Lib Dems. Ach an t-am seo, tá an port céanna ag páirtithe eile, ón eite dheas agus ón eite chlé – UKIP agus na Glasaigh.

B’í an argóint is mó i bhfabhar an chórais reatha na gur chinntigh sé buanseasmhacht. Seans go ndearna sé é sin – gan choinne an t-am seo – ó fuair David Cameron móramh Caomhach le 36.9% de na vótaí, níos lú ná vótaí ó cheathrar as gach deichniúr.

Neosfaidh an aimsir cé chomh seasmhach is a bheidh a rialtas ach ní cheilfidh sé an fhírinne gur cur i gcéill é gur córas daonlathach é an córas reatha a chinntíonn nach dtoghtar ach an té is airde vótaí ar an gcéad iarraidh.

Fág freagra ar 'Córas vótala do Westminster lochtach agus éagórach'