Tá a fhios ag cách gur fearr le seandaoine de ghnáth a saol a chaitheamh sa bhaile. Is é sin, mura gcuireann tinneas nó míchumas bac ar a mian.
Tá a fhios ag gach duine stuama freisin go bhféadfaí córas cúraim sa bhaile a reachtáil ar bhonn náisiúnta ar chostas níos ísle ná an caiteachas a theastaíonn faoi láthair chun aire a thabhairt do sheandaoine (a) i dtithe altranais nó (b) in ospidéil.
Tá an bhfuil scríofa thuas soiléir le blianta fada. Mar sin féin, tá an scéal seo á phlé i gcónaí i dTeach Laighean mar fhadhb aisteach nua nach féidir a réiteach gan dul i muinín:
- Tuairisc eile
- Coiste eile
- Athbhreithniú eile
- Tascfhórsa eile
- Plépháipéar eile
- Scrúdú saineolaíoch eile
- Páipéar Uaine eile, agus b’fhéidir
- Páipéar Bán eile
- Reachtaíocht eile, sara mbunófar
- 1Gníomh-Ghrúpa Feidhmiúcháin
’Sea, deirtear linn gur gá na rudaí sin a chur ar bun sara gcuirtear an polasaí, ar léir a riachtanas, i bhfeidhm dáiríre, ar bhonn cothrom, i ngach áit sa tír.
Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris le coiste sláinte an Oireachtais Déardaoin go raibh 538 othar á gcoinneáil in ospidéil ainneoin cead a bheith tugtha ag dochtúirí lena scaoileadh abhaile. Dúirt sé freisin go raibh pacáistí cúram-sa-mbaile de dhíth ar chuid mhór acu.
Thug an tAire “córas neamh-inbhuanaithe” (‘unsustainable’) ar an gcóras atá in ainm is a bheith i bhfeidhm faoi láthair, faoina gcuirtear cúram sa bhaile ar fáil do gach seanduine saor in aisce.
I bhfocail eile, ní hacmhainn don rialtas íoc as an gcóras seo, nach bhfuil i bhfeidhm go hiomlán pé scéal é.
Is ina dhaidh sin a chuir Simon Harris ceist réasúnta. Cén fáth nach bhfuil aon scéim reachtúil ar fáil, a dúirt sé, chun cuidiú le daoine aosta seachas an scéim (‘Fair Deal’) faoina dtairgeann an stát cúnamh dóibh le cur fúthu i dtithe altranais?
Meastar anois go bhfuil sé beartaithe ag Harris córas nua a chur ar bun, a chuirfeadh iachall ar dhaoine íoc as má tá ioncam os cionn leibhéil áirithe acu.
Cén uair? Sin scéal eile. Níor thug Harris geallúint ar bith, rud a fhágann a ndúirt sé ar aon chéim le scata airí sláinte a labhair roimhe seo mar a labhair seisean Déardaoin, ach nár chuir an cur chuige a mhol siad i bhfeidhm ina dhiaidh sin.
Chuala an scríbhneoir seo caint mar an gcéanna ar an bhfadhb seo, agus ar an ngníomh a bhí riachtanach lena leigheas, sna 1990í. I bhfianaise gach ar tharla ó shin, bheadh amhras intuigthe tar éis caint bhreá ó aire sláinte eile an tseachtain seo.
Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.
Fág freagra ar 'Córas cúraim sa bhaile do sheandaoine beartaithe…uair éigin'