Córas cinntithe ag Foras na Gaeilge le baill den bhord a chur ar fionraí má bhíonn gearáin fúthu le fiosrú

Ghlac an eagraíocht trasteorann a bunaíodh sa bhliain 1999 leis an socrú nua le gairid nuair a rinneadh gearán faoi bhall den bhord

Córas cinntithe ag Foras na Gaeilge le baill den bhord a chur ar fionraí má bhíonn gearáin fúthu le fiosrú

Tá córas nua aontaithe ag Foras na Gaeilge faoinar féidir aon chomhalta den bhord a chur ar “fionraí gan dochar” sa gcás is go mbeadh gearán tromchúiseach déanta fúthu.

Glacadh cinneadh an córas nua seo a thabhairt i bhfeidhm trí leasú a dhéanamh ar “bhuanorduithe” an Fhorais, na rialacháin faoina bhfeidhmíonn an bord.

Ag cruinniú de chuid an Fhorais i mBéal Feirste ar an 29 Iúil 2016 a socraíodh glacadh leis an gcur chuige nua tráth go raibh gearán déanta ag an eagraíocht Gaelscoileanna faoi chomhalta de chuid an bhoird, Éamonn Ó Gribín.  Bhain na líomhaintí le “mí-iompar” a cuireadh i leith an Uasail Uí Ghribín a thug cuairt gan choinne ar oifigí Ghaelscoileanna ar an 13 Meitheamh. Tá na líomhaintí séanta go láidir ag an Uasal Ó Gribín.

Faoin gcóras nua cuirfear comhalta den bhord ar fionraí gan dochar le linn “líomhaintí a bheith á bhfiosrú” agus baineann an socrú le haon ghearán a bheadh, i dtuairim an Chathaoirligh, “tromchúiseach” nó a bheadh ina sárú ar Bhuan-Orduithe an Fhorais “ar bhealach substainteach”.

Ghlac bord Fhoras na Gaeilge leis an gcinneadh seo tar éis dóibh na buanorduithe a bhí i bhfeidhm ag an tráth sin a chur “ar ceal” le go ndéanfaí plé ar ghearán in éadan an chomhalta boird. Tugadh le fios go raibh “comhairle faighte ó shaineolaí ar rialachas corparáideach agus go raibh comhairle dlí faighte fosta”, agus, ó tharla gur ceist thromchúiseach a bhí inti, glacadh le moladh go gcuirfí an comhalta boird ar fionraí gan dochar go dtí go mbeadh an fiosrúchán thart.

Cinneadh ansin go leasófaí na buanorduithe “don chéad chruinniú Boird eile” tríd an mhír seo a chur leo:

“Sa chás, i dtuairim an Chathaoirligh, go ndéantar gearán tromchúiseach faoi iompar Comhalta Boird nó go sáraíonn Comhalta Boird na Buan-Orduithe ar bhealach substainteach, cuirfear an Comhalta Boird ar fionraí gan dochar le linn do na líomhaintí a bheith á bhfiosrú.”

Léiríonn miontuairiscí an chruinnithe go raibh an comhalta boird, Éamonn Ó Gribín, a raibh gearán déanta faoi ag Gaelscoileanna, ina measc sin a bhí i láthair ag an gcruinniú i mBéal Feirste ag ar glacadh leis na socruithe nua.

Ceithre seachtaine roimhe sin, ar an 1 Iúil 2016, a cuireadh bord an Fhorais ar an eolas den chéad uair ag cruinniú i mBaile Átha Cliath “go bhfuarthas gearán scríofa in éadan comhalta Boird”. Deirtear i miontuairiscí an chruinnithe sin gur tugadh le fios “go mbeadh S. M. Ó Domhnaill [ball den Bhord] agus an Leas-Phríomhfheidhmeannach [Seán Ó Coinn, atá anois ina Phríomhfheidhmeannach] ag caint leis an chomhalta i gceist, agus go mbeadh an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha ag cuidiú leo mar an duine i gceannas ar Acmhainní Daonna i bhForas na Gaeilge”.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur fhostaigh Foras na Gaeilge an t-abhcóide Cathal Ó Braonáin leis na líomhaintí in aghaidh an Uasail Uí Ghribín a fhiosrú agus gur ullmhaigh an t-abhcóide tuairisc faoin gcás ina bhfuil breis agus 90 leathanach.

Fuair an t-abhcóide amach sa tuairisc sin nár sháraigh Ó Gribín rialachais chorparáideacha an Fhorais ná cód iompair na státseirbhíse nó na seirbhíse poiblí agus nár sháraigh sé ach oiread buanorduithe bhord an Fhorais, meamram airgeadais an Fhorais Teanga ná polasaí do chomhaltaí maidir le plé i bhfóraim phoiblí éagsúla.

Dúirt an t-abhcóide go raibh ‘bona fides’ i gceist le cúis na cuairte a thug Éamonn Ó Gribín ar oifigí Ghaelscoileanna agus léirigh a fhiosrúchán nár thug an tUasal Ó Gribín le fios go raibh sé ansin ar son bhord an Fhorais.

Bhí an t-abhcóide idir dhá chomhairle, áfach, ar sárú ar threoirlínte faoi Chód Iompair do Chomhaltaí Bhord an Fhorais Teanga a bheadh i gceist le líomhain amháin. Maíodh go ndúirt an tUasal Ó Gribín le feidhmeannach mná de chuid Gaelscoileanna “go raibh sé ag súil le cruinniú le duine dathúil” cosúil léi féin, nuair a ceistíodh é faoi chúis na cuairte aige. Shéan an tUasal Ó Gribín go ndúirt sé a leithéid, ach dúirt sé gur thagair sé den “gúna iontach deas” a bhí uirthi.

Mhaígh an t-abhcóide Ó Braonáin go raibh tagairt Uí Ghribín do chuma na mná “mí-oiriúnach” agus mhol sé “gur ábhar é seo don Choiste Osradhairc [coiste de chuid an an Fhorais] le plé”.

Ag eascairt as an phlé sin, chinn an Foras go molfaí don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas go mbrisfí an tUasal Ó Gribín as ballraíocht ar an mbord. Tá achomharc á dhéanamh ag an Uasal Ó Gribín faoin gcás ach tiocfaidh deireadh lena thréimhse ballraíochta cúig bliana ar bhord an Fhorais go luath ar an aon nós, ar an 12 Nollaig.

Sa tuarascáil a d’ullmhaigh an t-abhcóide don Fhoras, níor ghlac sé leis gur cruthaíodh líomhaintí éagsúla: gur thug an tUasal Ó Gribín ainm bréagach nuair a tháinig sé chomh fada le hoifigí Ghaelscoileanna gan choinne, gur chuir sé in iúl go raibh sé ansin ó bhord an Fhorais, gur shuigh sé an-ghar don fheidhmeannach ag cur ceisteanna uirthi gan deis a thabhairt di iad a fhreagairt agus gur fhág sé “láithreach” nuair a tuigeadh dó “gur aithníodh é”.

Léiríonn miontuairiscí chruinniú mhí Dheireadh Fómhair de chuid an Fhorais gur pléadh “na scéalta a bhí sna meáin” faoi dhá ábhar  – ‘Maoiniú tionscadail éagsúla’ agus ‘Comhalta Boird’. Níl aon eolas breise tugtha sna miontuairiscí faoin bplé sin.

Fág freagra ar 'Córas cinntithe ag Foras na Gaeilge le baill den bhord a chur ar fionraí má bhíonn gearáin fúthu le fiosrú'