Contae an Chláir i lár an aonaigh in athuair?

Beidh na foirne céanna a d'imir sa chluiche ceannais iománaíochta anuraidh sa treis arís i mbliana, ach ná cuir na Cláirínigh as an áireamh agus cuimhnigh ar Luimneach!

General view of a sliotar 4/5/2014

Tá bliain nua buailte linn agus pleananna déanta cheana féin don séasúr úr nua. Seo an chuid is daonlathaí den bhliain spóirt nua. An t-am seo bliana, tá gach foireann ar comhchéim (ar phaipéar ar aon nós). Tá dóchas éigin ann go ndéanfaidh foireann éigin eile gaisce gan choinne i mbliana.

Ach nósann na staitisticí iománaíochta scéal eile ar fad.

San iomáint sinsear idirchontae, tá Cill Chainnigh neadaithe ar a gcompord ar bharr an liosta. Ní den chéad uair le blianta beaga anuas, is iad na Cait atá ina gceannródaithe. Is é a gcaighdeán siadsan an sprioc dos na contaithe eile.

Ach tá scata imreoirí éirithe as agus cinnte cuirfidh sé sin isteach ar láidreacht an phainéil. Fós beidh sé deacair iad a bhualadh.

Tá Tiobrad Árann sna sála orthu agus, cá bhfios, murach ‘súil an tseabhaic’ sa chluiche ceannais, gurb iad a sheasfadh ar bharr an dréimire i 2014. Beidh siad láidir arís i mbliana agus tá an t-ádh leo gur fhan Éamonn Ó Sé mar bhainisteoir orthu.

Beidh brú ollmhór ar Ger Cunningham nuair a chaithfidh sé bib an bhainisteora agus Baile Átha Cliath ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh, rud atá ag teastáil go géar uathu.

An mbeidh Gaillimh nó Corcaigh fós i lár mhí Lúnasa nó níos déanaí, fiú? Mar a bhíonn i gcónaí, tá sé thar a bheith deacair aon tuar a dhéanamh faoi fhoireann na Gaillimhe. Ón uair dheireanach a bhuadar Corn Mhic Cárthaigh i 1988, tá an lucht leanúna ag feitheamh go mífhoighneach. An mbeidh deireadh leis an ngorta i mbliana? Is fíordheacair a rá.

Tá foireann réasúnta maith ag Corcaigh agus thabharfainn seans dóibh, ach ní dóigh liom go bhfuil painéal láidir go leor acu chun Corn Mhic Cárthaigh a chrochadh leo i ndeireadh báire.

Caithfimid fanacht go dtosnóidh an tSraith Náisiúnta chun breithiúnas níos cruinne a thabhairt. Ar a shon sin, thaispeáin cúpla contae anuraidh go bhfuil siad ag feabhsú.

I measc na bhfóirne sin, tá Luimneach, a bhfuil cuma na bagartha orthu le cúpla bliain. Le formhór na n-imreoirí a bhí acu anuraidh agus beirt nó triúr des na mionúir chumasacha a bhí acu le dhá bhliain anuas ar fáil chomh maith, caithfidh go mbeidh siad san iomaíocht le plúr na bhfoirne agus lár mhí Lúnasa buailte linn.

Léirigh Loch Garman go bhfuil siadsan ag feabhsú freisin agus beimid ag coiméad súil ghéar orthu.

Dar ndóigh, thit an tóin as feachtas an Chláir anuraidh. Gach seans go gcuirfidh siad iontas orainn i mbliana. Bhuel, b’fhéidir nach ‘iontas’ an focal ceart le húsáid. Tá a fhios againn go bhfuil ar chumas imreoirí óga an Chláir greim a fháil ar Chorn Mhic Cárthaigh agus é a choimeád i gcomhair cúpla bliain (an tuairim sin, dar ndóigh, bunaithe ar na hiontais atá déanta ag an bhfoireann faoi 21 le cúpla bliain anuas).

Beidh dul chun cinn ag teastáil ó gach contae ach i ndeireadh na dála, ní bhíonn ach buaiteoir amháin ann. Fanfaimid go mbeidh na laethanta níos faide agus an aimsir níos fearr chun tuar a dhéanamh cé a thiocfaidh ar barra ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair.

De réir an mhéid a chonaiceamar sa dá chluiche craoibhe anuraidh, áfach, bheadh dul amú ar dhuine agus gan an dá fhoireann a ghlac páirt ansin cheana a chur sa mheá arís.

Ach dá mbeinnse le dúshlán na ngeallghlacadóirí a thabhairt, cé orthu a chuirfinn mo chúpla euro? Níl a fhios agam fós cé acu foireann a mbeidh greim láimhe acu ar Chorn Mhic Cárthaigh sa bhfómhar ach ní dóigh liom go mbeidh Contae an Chláir i bhfad uaidh.

 

Fág freagra ar 'Contae an Chláir i lár an aonaigh in athuair?'