Conspóid teanga sa Ghearmáin

Líne fhánach i bplécháipéis ar ghnóthaí inimirce a spreag díospóireacht teasaí faoi chúrsaí teanga sa Bhaváir

000105628_prevstill

Tá ‘stoirm’ sna meáin agus go háirithe sna meáin shóisialta de bharr líne fhánach i bplécháipéis ar ghnóthaí inimirce a réitíodh do Chomhdháil an CSU – an páirtí sa Bhaváir atá gaolta le CDU Angela Merkel.

Ba é an líne fhánach a chothaigh an chonspóid ná:

“Wer dauerhaft hier leben will soll dazu angehalten werden, im öffentlichen Raum und in der Familie Deutsch zu sprechen” nó “Ba cheart iallach a chur ar an té ar mian leis cur faoi go buan anseo Gearmáinis a labhairt go poiblí agus sa teaghlach.”

Tharraing an ráiteas seo conspóid sna meáin agus ar na meáin shóisialta faoin haischlib #YallaCSU. Focal ón Araibis is ea yalla atá tagtha isteach i mbéarlagair na nóg sa Ghearmáin.

“Téanam ort, seo linn,” is ciall leis.

Tarcaisne is fonóid is mó a thuill an moladh, go háirithe nuair a rinne urlabhraithe iarracht an scéal a mhaolú, ag rá gur baineadh míbhrí as agus nach raibh lámh láidir i gceist in aon chor.

Maíodh gurbh amhlaidh nár tuigeadh an chanúint i gceart agus gur baineadh míbhrí as an ráiteas dá bharr. (Tá canúint an-láidir sa Bhaváir).

Tá an ráiteas sa cháipéis leasaithe ó shin – anois is éard atá ann:

“Wer dauerhaft hier leben will, soll motiviert werden, im täglichen Leben deutsch zu sprechen.”

“Spreagfar an té ar mian leis cónaí anseo go buan chun Gearmáinis a labhairt ina shaol laethúil.”

Áit ar leith is ea Saorstát na Baváire, áit a bhfuil na daoine mórtasach as bheith difriúil ón gcuid eile den Ghearmáin.

Is de bharr an neamhspleáchais cheanndána sin nár ghabh caomhaigh sa cheantar isteach leis an mórpháirtí, an CDU; choinnigh siad a bpáirtí réigiúnach atá i gceannas ar Rialtas an tSaorstáit gan briseadh ó bhí 1958 ann.

Tá an páirtí cuid mhaith níos coimeádaí ná an CDU; agus tá cáil ar a lucht ceannais as a bheith ceanndána agus sách amscaí ina bplé leis an bpobal.

Go deimhin, is minic iad ag tarraingt achrainn le ráiteas den chineál seo atá rud beag ciníoch.

Cúpla blian ó shin, bhí mar mhana acu “wer betrügt der fliegt” – díbreofar an té a dhéanann caimiléireacht. Tagairt ab ea  é sin dóibh siúd a tháinig thar tír isteach agus a bhí, más fíor, ag baint mí-úsáide as an gcóras leasa shóisialaigh.

Tá vótaí anseo dóibh gan amhras – tá cúlra eachtrannach ag duine as cúigear sa Bhaváir, agus tá an Oifig Staidrimh ann ag tuar gur duine as ceathrar a bheidh i gceist i 2024.

Is de bharr an líon ard Gastarbeiter – imircigh a tugadh isteach le hobair sna 1960í, agus a d’fhan, a tharla seo.

Áirítear a gclann agus clann a gclainne mar eachtrannaigh mura bhfuil saoránacht bainte amach ar iarratas acu. Bíonn drogall ar chuid acu é sin a dhéanamh de bhrí go mbeadh orthu an nasc le tír a sinsear a bhriseadh – ní cheadaítear saoránacht dhúbailte ach i gcásanna eisceachtúla.

Anuas air sin, iadsan a tháinig ó leithéidí an Tuirc nó an Iúgslaiv, is Moslamaigh a bhformhór – ach bíonn an CSU ag maíomh go seasann siad do luachanna an “Christliches Abendland” – Iarthar na Críostaíochta.

Is nós le lucht inimirce cur fúthu sna ceantair ar chíos íseal i dtosach, agus mar sin cruthaítear ceantair ina bhfuil móramh mór eachtrannach iontu sna cathracha, de bhrí go dtarraingíonn pobal aon tíre le chéile, agus a gcuid siopaí agus bialainne féin acu.

Fágann sin díospóireacht shíoraí faoi imeascadh bheith ar siúl, mar gur féidir le daoine maireachtáil sna pobail seo gan teagmháil mórán leis an bpobal Gearmánach.

Cuireann na gnéithe sin imní ar an bpobal sin, agus meallann manaí láidre an CSU a vótaí siúd– go háirithe agus fuath-ghríosóirí Salafach gníomhach ag iarraidh fir óga a mhealladh lena ndearcadh antoisceach siúd.

Beidh le feiceáil an gcuirfidh an raic is déanaí seo aon chor chun feabhais i gceist an imeasctha sa Bhaváir nó an amhlaidh nach raibh ann ach gotha pholaitiúil eile a bheidh dearmadta sara i bhfad, mar a tharla go minic cheana.

Tá urlabhraí chumann canúna na Baváire féin amhrasach faoin moladh, mar a tuairiscíodh san Heimatzeitung.

Dúirt Sepp Obermeier, cathaoirleach an Bund Bairische Sprache, go raibh sé de cheart acu dul i gcomhairle le teangeolaithe; gur mithid feidhm á baint as teangacha dúchais agus Gearmáinis araon sna naíonraí.

Fág freagra ar 'Conspóid teanga sa Ghearmáin'