Conspóid na gcrogall agus na gCaitliceach – 150 bliain ó shin

Níorbh é scéal na gcrogall agus an Achta Gaeilge ó thuaidh an chéad chonspóid faoi chrogaill agus Caitlicigh

Conspóid na gcrogall agus na gCaitliceach – 150 bliain ó shin

Is é an cor is déanaí i scéal fada Arlene Foster agus na ‘crogaill’ ná áiteamh an aisteora Stephen Rea gur ag trácht ar gach aon Chaitliceach a bhí ceannaire an DUP ina ráiteas conspóideach.

Mhaígh Foster féin gur ag tagairt do lucht Shinn Féin amháin a bhí sí nuair a dhein sí comparáid idir daoine a bhí ag éileamh Acht Gaeilge agus crogaill a bhíonn de shíor ag iarraidh.

Níl aon chruthúnas ann nach lucht Shinn Féin amháin a bhí i gceist ag Foster.

Ach díol suime mar sin féin é go bhfuil fáil ar eiseamláir stairiúil de mheafar na gcrogall, meafar arbh ait le mórán é nuair a bhain Foster earraíocht as ag seoladh fheachtas toghchánaíochta a páirtí i mí Feabhra.

’Sea níorbh é scéal na gcrogall ó thuaidh an chéad uair go raibh conspóid ann faoi chrogaill agus Caitlicigh.

In 1871 d’fhoilsigh Harper’s Weekly ‘The American River Ganges’, ceann de na saothair is cáiliúla agus is conspóidí le Thomas Nast, cartúnaí mór le rá a aithnítear mar cheannródaí i bhforbairt an chartúin pholaitiúil agus a dtugtar ‘The Father of the American Cartoon’ air.

In ‘The American River Ganges’ léirítear baill de chléir na hEaglaise Caitlicí mar chrogaill chraosacha a bhfuil uisce lena bhfiacla agus iad ar tí ionradh a dhéanamh ar Mheiriceá chun leanaí na tíre a alpadh.

Sa chúlra, tá scoil phoiblí agus an bhratach náisiúnta ar foluain in airde uirthi, ach í bunoscionn mar chomhartha guaise. Feictear sa chartún chomh maith polaiteoirí Éireannacha agus iad ag scaoileadh le leanaí óga síos i measc na gcrogall.

Foilsíodh ‘The American River Ganges’ mar chuid d’fheachtas i gcoinne deonú airgead poiblí do scoileanna nua Caitliceacha. Caitlicigh Éireannacha ba mhó a bhí ag freastal ar a leithéid de scoileanna i Nua-Eabhrac agus polaiteoirí Éireannacha de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh i Tammany Hall ba mhó a bhí laistiar den éileamh go gcuirfí airgead poiblí ar fáil dóibh.

Ba ábhar mór conspóide ag an am é ceist thacaíocht an stáit do scoileanna a bhí ag feidhmiú ar bhonn creidimh, scoileanna Caitliceacha go háirithe.

I bhformhór na scoileanna poiblí ba é teagasc an Phrotastúnachais a bhí i réim.

Mheas leithéidí Nast go raibh comhcheilg Chaitliceach ar bun d’fhonn deireadh a chur le córas na scoileanna poiblí agus córas nua a chur ina áit a bheadh dílis don Vatacáin seachas do Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bhí an ghráin shaolta ag Nast chomh maith ar pholaiteoirí Éireannacha an pháirtí Dhaonlathaigh i Nua-Eabhrac, agus go háirithe ar a gceannaire ‘Boss’ Tweed, polaiteoir cam a raibh baint ag cartúin Nast lena chniogadh. (Dhiúltaigh sé do bhreab $100,000 a thairg Tweed dó le héirí as na ‘damned pictures’ sin.)

Thacaigh Nast ina shaothar le Meiriceánaigh dhúchasacha agus sheas sé an fód i gcoinne na sclábhaíochta agus an leithscartha ar bhonn cine, ach bhí an frith-Chaitliceachas agus an frith-Éireannachas go smior ann agus léirigh sé Éireannaigh ina shaothar mar ápaí meisciúla foréigneacha.

 

Níorbh é an t-aon duine a dhein amhlaidh lena linn ná baol air, ná níorbh é an chéad duine ach an oiread a shamhlaigh an Caitliceach Éireannach mar chrogall craosach.

Is cosúil go raibh an ‘The American River Ganges’ bunaithe ar chartún le John Leech, ‘Remarkable Crocodile Found in Ireland’, a foilsíodh ar an iris Shasanach Punch in 1851. Dhein Leech ceann crogaill de mhítéar an easpaig Chaitlicigh sa saothar sin, agus is cosúil gurb í an íomhá úd a spreag Nast.

Go deimhin, bhí sé chomh tógtha sin leis an tsamhail chéanna den chrogall gur úsáid sé chomh maith í i gcartún eile dá chuid, ‘Religious Liberty is Guaranteed But Can We Allow Foreign Reptiles to Crawl All Over US?’.

Dar le John Alder, duine d’údair Doomed by Cartoon, a dhéanann cur síos ar ról Nast i mbris ‘Boss’ Tweed, gur dhóigh gur go cáiréiseach a roghnaigh an cartúnaí an Ganges do chartún na gcrogall a foilsíodh ar dtús ar an 30 Meán Fómhair 1871 in éineacht le halt tuairimíochta le Eugene Lawrence, ‘The Priests and the Children’.

Deir Alder nach eol  cé acu ar léigh nó nár léigh Nast alt faoi adhradh na gcrogall san India a foilsíodh in Harper’s Weekly in 1867, ach gur féidir talamh slán a dhéanamh de gur thuig an cartúnaí go rímhaith go samhlódh an pobal an abhainn chéanna le ‘piseoga creidimh’.

 

‘The Usual Irish Way of Doing Things’

Thuill frithChaitliceachas agus frithÉireannachas ‘The American River Ganges’ cuid mhaith cáinte nuair a foilsíodh é nach mór 150 bliain ó shin, agus bhí an cartún i mbéal an phobail arís tamall de bhlianta ó shin nuair a moladh, in 2011, go gcuirfí ainm Nast leis an New Jersey Hall of Fame. Bunaíodh feachtas i gcoinne bheith istigh a thabhairt do Nast trí chartún – ‘The American River Ganges’, ‘The Usual Irish Way of Doing Things’ agus ‘St. Patrick’s Day 1867’ – mar fhianaise gur frith-Éireannach an cartúnaí nár cheart é a scaoileadh isteach sa Hall of Fame.

Dúirt lucht a chosanta nach raibh i gcartúin fhrithÉireannacha Nast ach cuid bheag dá shaothar agus gurbh í an ghoimh a bhí air le polaiteoirí cama Éireannacha Tammany Hall ba mhó a spreag na cartúin sin.

Dúirt daoine eile nár cheart saothar Nast a mheas trí bhíthin thuiscintí an 21ú haois.

Fág freagra ar 'Conspóid na gcrogall agus na gCaitliceach – 150 bliain ó shin'