Conspóid faoi sheirbhísí bainc Gaeilge…110 bliain ó shin

Dhiúltaigh an Banc Náisiúnta glacadh le seiceanna a síníodh i nGaeilge i 1906, agus d’aistrigh Conradh na Gaeilge a gcuntas ón mbanc sin dá bharr

Conspóid faoi sheirbhísí bainc Gaeilge…110 bliain ó shin

Bhí conspóid mhór ann i saol na Gaeilge sa bhliain 1906 nuair a dhiúltaigh Banc Náisiúnta (na hÉireann) glacadh le seiceanna a síníodh i nGaeilge ó chraobh Londan Chonradh na Gaeilge.

De réir tuairisc a foilsíodh ar An Claidheamh Soluis i mí an Mhárta sa bhliain 1906, iarradh ar chainteoirí Gaeilge in Éirinn agus sa Bhreatain a gcuid cuntas a aistriú ón mBanc Náisiúnta i ndiaidh do lucht ceannais an bhainc diúltú scun scan glacadh le seiceanna Gaeilge ón eagraíocht.

Mí Aibreáin na bliana 1905, scríobh craobh Charing Cross den Bhanc Náisiúnta, banc a bhunaigh Domhnall Ó Conaill sa bhliain 1835 ach atá anois mar chuid de Bhanc na hÉireann, lena chur in iúl do Chonradh na Gaeilge Londan nach bhféadfadh an banc glacadh lena chuid seiceanna mura dtabharfadh an Conradh gealltanas dul i mbannaí in aghaidh caillteanais de thoradh droimscríbhinn mhícheart.

Dhiúltaigh an Conradh a leithéid de ghealltanas a thabhairt don bhanc agus lean comhfhreagras ar aghaidh idir an dá eagraíocht ar feadh roinnt míonna, sular dheimhnigh an banc nach mbeadh aon ghlacadh leo.

Chuir an Conradh in iúl don bhanc go n-aistreofaí cuntais an Chonartha go banc eile. Dhiúltaigh an banc arís eile a sheasamh a athrú agus aistríodh an cuntas go banc Sasanach.

Iarradh ar lucht léite An Claidheamh Soluis “a ndualgais a dhéanamh” agus a gcuntais féin a aistriú.

“Gaelic League shareholders and customers of the Bank may, we trust, be depended upon to do their duty in the matter,” a scríobhadh san iris dhátheangach.

Leagadh béim sa tuairisc ar bhunús an bhainc mar bhanc “náisiúnta”.

“The National Bank was originally founded on national lines, as the word ‘national’ was then understood in Ireland. Its first Chairman was, if we mistake not, Daniel O’Connell. After a time the words “of Ireland” were removed from the title of the Bank, and the headquarters were shifted to London,” a scríobhadh.

Maíodh sa tuairisc gur mhór an náire don bhanc baghcat a dhéanamh  ar “theanga na hÉireann” agus naoi milliún punt d’airgead na hÉireann curtha i dtaisce ann.

Fág freagra ar 'Conspóid faoi sheirbhísí bainc Gaeilge…110 bliain ó shin'