Conspóid faoi phóilíneacht ag tús shéasúr na máirseála…

Léiríonn an chonspóid seo gur cheart do dhaoine guaim a choinneáil orthu féin agus gur suarach an mhaise é do pholaiteoirí a bheith ag baint leas as conspóidí ar mhaithe le buntáiste polaitiúil

orange order

Tús corrach le séasúr na máirseála. Tá polaiteoirí aontachtacha ar buile agus iad ag cur mí-iompar, leatrom agus claonadh in aghaidh an Oird Oráistigh i leith an PSNI. Mioneachtra is cúis leis an gconspóid ach is údar buartha í agus tá gach ar tharla á fhiosrú ag Ombudsman na bPóilíní. Tá an chonspóid pholaitiúil níos tromchúisí agus roinnt aontachtach ag déanamh cnámh spairne pholaitiúil de cheist na póilíneachta.

Tráthnóna Dé Máirt bhain comhalta den PSNI úsáid as sprae piobair ag paráid de chuid Ógra na nOráisteach ar Bhóthar Ormeau i mBéal Feirste. Bhí scata gasúr á dtionlacan abhaile ag an máirseáil tar éis lá spraoi i gCarraig Fhearghais. Dúirt an PSNI gur bhain an constábla úsáid as an sprae mar go raibh sé faoi ionsaí ag comhalta fásta de bhanna ceoil.

Beirt phóilíní a bhí ag faire na paráide. Bhris achrann amach nuair a d’iarr duine den bheirt ar an mbanna fanacht amach ó charranna ar thaobh an bhóthair. Tá easaontas faoinar tharla ina dhiaidh sin ach gortaíodh an bheirt phóilíní agus d’úsáid duine acu an sprae. Tá fear cúisithe as ionsaí ar chonstábla.

Mhaígh an tOrd Oráisteach gur gás CS a úsáideadh agus go ndearna sé dochar do na páistí. Níl an sprae chomh trom leis an ngás ach ghoill sé ar shúile daoine, gasúir ina measc. Deir an PSNI nach ar na páistí a díríodh é ach gur cinneadh go raibh sé riachtanach in aghaidh dhaoine fásta mar go raibh póilín i mbaol.

Cuireadh an scéal faoi bhráid an Ombudsman mar a dhéantar am ar bith a mbaineann póilín leas as fórsa. Údar imní don phobal trí chéile é ó bhí páistí i gceist ach cé is moite de sin b’eachtra neamhshuntasach inti féin í.

Ba ghearr gur thosaigh an callán faoi iompar an PSNI. Ba iad an Comhairleoir Ruth Patterson, iarbhall den DUP atá ag seasamh in aghaidh an pháirtí i dtoghchán an Tionóil an mhí seo chugainn agus roinnt comhairleoirí ón DUP ba ghlóraí.

Bhí na meáin shóisialta beo le gangaid. Cuireadh i leith an PSNI go raibh siad claonta mar nár ghabh siad éinne ag máirseálacha mídhleathacha a bhí ag easaontóirí poblachtacha ag deireadh na seachtaine ach gur “ionsaigh” siad ógra na nOráisteach. Bhí a fhios ag cait an bhaile go mbeadh sé ina chíréib dá gcuirfeadh póilíní isteach ar pharáidí easaontóirí – bailíodh fianaise lena scrúdú níos deireanaí. ‘Póilíneacht dhá leibhéal’ é sin, a dúradh.

Níos measa fós, foilsíodh ainm agus seoladh baile an chonstábla ar mheáin shóisialta. Taobh istigh de dhá lá bhí siad athscaipthe ar na céadta. Tráth a bhfuil póilíní i gcontúirt ollmhór ó easaontóirí poblachtacha, tá sé mífhreagrach, meargánta a bheith ag cur a sonraí pearsanta ar fáil go poiblí. Cháin ceardchumann na bpóilíní an beart dainséarach sin a chuir beatha i mbaol. Dúirt sé gur suarach an mhaise é do pholaiteoirí a bheith ag baint leas as an eachtra – gan fianaise – ar mhaithe le buntáiste polaitiúil.

Ina dhiaidh sin dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster nár chreid sí gur póilíneacht ‘dhá leibhéal’ a bhí i réim ach gur ghá an scéal a fhiosrú.

Bhíothas ag súil go ndéarfaí le polaiteoirí níos sóisearaí – fiú más os íseal é – éirí as an mbladhmann. Cothaíonn séasúr na máirseála teannas go seasta. Níor mhiste dá nglacfaí leis an gconspóid seo, nach bhfuil ann ach scéal chailleach an uafáis, mar rabhadh gur cheart do dhaoine guaim a choinneáil orthu féin.

Fág freagra ar 'Conspóid faoi phóilíneacht ag tús shéasúr na máirseála…'