Conspóid faoi cheapadh Aire Gnóthaí Ceilteacha i New Brunswick

Tá idir mholadh agus cháineadh faighte ag Brian Gallant, Príomhaire New Brunswick, tar éis dó Aire rialtais nua a cheapadh le breathnú i ndiaidh Gnóthaí Ceilteacha sa chúige

Lisa-Harris
Lisa Harris

Tá Príomhaire New Brunswick i gCeanada, Brian Gallant, tar éis Aire Gnóthaí Ceilteacha a cheapadh den chéad uair sa chúige.

Rinne Gallant athchóiriú ar bhord an rialtais an tseachtain seo caite agus cheap sé Lisa Harris sa phost nua “le tacú le féilte Éireannacha, Albanacha agus Breatnacha sa chúige”. Dúirt sé go n-éascódh an ceapachán nua “cur chuige eagraithe” le maoiniú a thabhairt do na féilte sin.

Tá fáilte curtha ag an bpobal Ceilteach i New Brunswick roimh an gceapachán agus súil acu go ndéanfar cultúr Ceilteach an chúige a cheiliúradh ar fud an chúige.

Dúirt Steven Tweedie, iar-uachtarán ar Chumann na hAlban i Greater Moncton agus cathaoirleach Moncton Highland Games, go bhfuil sé in am Ceanadaigh de shliocht na hÉireann, na hAlban agus na Breataine Bige a scaradh ó Cheanadaigh de shliocht Shasana.

“Ní dhearnadh aon idirdhealú idir an pobal Ceilteach agus an pobal Sasanach san am a chuaigh thart ach níl sé sin sách maith nuair a bhaineann sé le cúrsaí oidhreachta. Tarlaíonn rudaí go minic a thabharfadh le fios go bhfuil dearmad déanta orainn agus sílim go bhfuil deis ann leis seo aird a tharraingt ar ár gcultúr arís,” a dúirt sé.

Mhaígh sé go bhfuil oidhreacht Cheilteach ag suas le leath na ndaoine atá ina gcónaí i New Brunswick faoi láthair.

Ach ní mó ná sásta atá roinnt tráchtairí leis an gceapachán. Tuairiscítear ar an suíomh IrishCentral.com go bhfuil Gallant á cháineadh as an gceapachán a dhéanamh agus go bhfuiltear ag maíomh gur post ‘aisteach’ agus ‘seafóideach’ atá ann.

Tuairiscítear go bhfuil an dearcadh ann gur ceapadh Harris le pobal aonteangach New Brunswick a cheansú, pobal nach gean leo stádas dátheangach (An Fhraincis agus an Béarla) an chúige sa bhunreacht.

Is é New Brunswick an t-aon chúige i gCeanada a bhfuil stádas dátheangach de réir bunreachta aige. Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil atá ag Québec cé go gcaitear seirbhísí áirithe a chur ar fáil i mBéarla sa chúige sin.

Chuir ceannaire an Chomhaontais Ghlais (Ceanada), David Coon, i leith an Phríomhaire nach bhfuil sa cheapachán ach iarracht na daoine atá in aghaidh an dátheangachais agus na déachta “a shuaimhniú”.

“Tá mé ag ceapadh go bhfuil siad ag iarraidh an scéala a chur amach go bhfuil gné amháin de shaol an Bhéarla á cur chun cinn acu. Bheadh sé féaráilte dá mbeadh rannóg Gnóthaí Ceilteacha sa Roinn agus duine a cheapadh le haire a thabhairt di sin, ach níl aon ghá le hAire Gnóthaí Ceilteacha ann féin a cheapadh,” a dúirt sé.

Dúirt saineolaí polaitíochta atá ina chónaí i New Brunswick, Marios Levesque, go bhfuil an tAire nua le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann pobal nach bhfuil i mbaol cuid dá gcultúr a chailleadh trí bhás a dteanga mar atá pobal na Fraincise.

“Nuair a cheaptar Aire do phobal faoi leith, is iondúil gur mionphobal a bhíonn i gceist. Níl cultúr na mBéarlóirí faoi bhagairt faoi láthair agus mar sin, tá a mhalairt i gceist leis an gceapachán seo, agus ón léamh sin, tá sé seo mícheart ar fad,” a dúirt sé.

Níor éirigh le Tuairisc.ie freagra a fháil ó oifig an Aire nua faoina cumas sna teangacha Ceilteacha.

Fág freagra ar 'Conspóid faoi cheapadh Aire Gnóthaí Ceilteacha i New Brunswick'