Conspóid a bhaineann le hinfreastruchtúr agus bóithre le réiteach i gConamara

Seans anois ag comhairleoirí Chonamara agus ag an gcathaoirleach nua smacht a ghlacadh ar chúrsaí agus ceannródaíocht a léiriú, a deir ár gcomhfhreagraí

tombeeola-clifden-road

Níl mórán faobhair ar a chuid fiacla ach, san am céanna, is é Údarás Bardasach Chonamara an rud is gaire atá feicthe againn de chineál “Comhairle Contae” sa gceantar siar ón gCoirib.  Comhairleoirí Contae Thoghcheantar Chonamara atá ina mbaill de agus comhlíonann siad a gcuid dualgas i gcomhar le feidhmeannaigh as Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Tarraingíodh anuas go minic sna blianta a caitheadh gur theastaigh Comhairle Contae dá chuid féin do Chonamara; dúradh go raibh difríochtaí an-mhór idir oirthear na Gaillimhe agus iarthar na Gaillimhe.  Dá réir sin, bheadh seans níos fearr ag an iarthar faoi scáth Chomhairle Contae dá chuid féin;  b’in an bharúil a bhí ann.

Sna blianta siar – cuid mhaith de 30 bliain ó shin – bhí toghcheantar Chomhairle Chontae Chonamara suite taobh thiar d’Indreabhán agus taobh thiar d’Uachtar Ard; ceathrar Comhairleoirí a bhíodh ann.  Bhí an ceantar as Indreabhán soir chomh fada leis an gcathair agus as Uachtar Ard soir chomh fada leis an gcathair i dToghcheantar Tuaithe na Gaillimhe. Bhí Oileáin Árann istigh leis an toghcheantar sin freisin.

Le himeacht aimsire, rinneadh cónascadh idir toghcheantar Chonamara, an sean-Chonamara agus an chuid d’iarthar na Gaillimhe a bhí i dtoghcheantar Tuaithe na Gaillimhe.  Seachtar Comhairleoirí a bhíodh sa Toghcheantar nua seo i dtosach ach méadaíodh é sin go naonúr nuair a chuir an tAire Comhshaoil a bhí ann tar éis Olltoghchán 2011, Phil Hogan, athrú ar an gcóras Rialtais Áitiúil. 

Tá toradh cineál áiféiseach ar an leagan amach seo atá ar Thoghcheantar Chonamara, go deimhin, d’fhéadfaí an toradh seo a fheiceáil ag teacht.  As an gceantar atá gar go maith do Ghaillimh (Toghcheantar Tuaithe na Gaillimhe tráth)  tromlach na gComhairleoirí.   Níl Comhairleoir ar bith i réimse mór fada fairsing den sean-Chonamara, an Cheathrú Rua, ceantar na nOileán, Iorras Aithneach, Dúiche Sheoigeach agus tuilleadh.  Ar an taobh eile den scéal, tá triúr Comhairleoirí in Uachtar Ard.   Tá an daonra ag méadú  an taobh sin – soir i dtreo na Gaillimhe. 

D’fhéadfaí an cás a dhéanamh gurbh fhearr go mbeadh an sean-Chonamara ina thoghcheantar arís le cothrom na féinne a thabhairt do phobal Chonamara.

Ach, fágtar siúd mar atá sé faoi láthair.

Tionóladh an tríú cruinniú cinn  bhliana de Chomhairle Bardasach nua Chonamara Dé hAoine; tá stádas reachtúil ag an gComhairle Bardasach ó cuireadh i bhfeidhm an córas nua.  Ach is deacair a rá an ndearna an córas seo a dhath leasa do Chonamara.  Tá na Comhairleoirí uilig an-díograiseach agus iad tugtha go láidir don obair a dhéanann siad; baineann sé le hobair Chomhairleoirí Contae go mbíonn cúinsí áitiúla i gceist. 

Ach, caithfear a rá gur thosaigh an Chomhairle Bardasach go dona ó thaobh Chonamara de.  Bhí ionad buan le roghnú mar cheanncheathrú.  Tar éis na cainte uilig a bhí ann leis na blianta go raibh cathair na Gaillimhe ag scaipeadh a cuid forlámhais ar na ceantair atá scoite amach, bhí deis ag Comhairleoirí Chonamara sampla a thabhairt.  Bhí iarracht ar bun leis an gCeathrú Rua a roghnú agus bhí caint ar an gClochán, an dá áit píosa maith siar i gcroílár an tsean-Chonamara.  Ansin tháinig Carna, ar imeall thiar an toghcheantair sa gcomhaireamh agus bhí vóta ann idir Carna agus Uachtar Ard.  Sheas Seosamh Ó Cualáin, Seán Ó Tuairisc agus Tomás Ó Curraoin le Carna ach níor leor sin agus roghnaíodh Uachtar Ard, baile atá in abhantrach na Gaillimhe.

Socraíodh gur sa seanteach Cúirte ansin, a athchóiríodh ar chostas breis agus €600,000, a bheadh na cruinnithe.   Ba ghearr gur tugadh faoi deara go raibh macalla mór sa seomra sin a d’fhág go raibh sé dodhéanta na cainteoirí a thuiscint;  b’éigean an cheanncheathrú nua a thréigean! 

Mar shampla, ba istigh i nGaillimh a bhí cruinniú cinn bhliana Chomhairle Bardasach Chonamara an lá cheana, rud nach dtaispeánann mórán díláraithe. 

Toghadh Noel Thomas (Fianna Fáil), comhairleoir óg nua-thofa as Maigh Cuilinn ina chathaoirleach don bhliain amach romhainn.  Tá dualgais throma tite ar a chrann agus ar chrann Chomhairle Bardasach Chonamara sa tréimhse dhá mhí dhéag sin.

Beidh ar Chomhairle Bardasach Chonamara a theacht amach i lár an aonaigh de bharr na conspóide a bhaineann le hinfreastruchtúr agus bóithre.  Go dtí seo, tá a ndéistin faoin moill agus an diúltú d’obair fhorbartha ar an N59, an príomhbhóthar as Gaillimh chun an Chlocháin, léirithe ag cuid mhaith acu.  Tá siadsan ag iarraidh go ndéanfaí beart láidir ar mhaithe le Cuarbhóthar na Gaillimhe, an N59 agus bóthar dheisceart Chonamara.  San am céanna, tá leithéidí an Chomhairleora Thomas Welby as Uachtar Ard ag rá nach féidir an bóthar nua sa gcuid ó dheas de Chonamara a chur ar aghaidh (“aisling a bhí ann nuair a bhí airgead fairsing” a dúirt sé ag cruinniú amháin) agus ceapann sé go bhfuil an N59 “dead in the water”.  Is ar éigean gur teachtaireacht dhearfach í sin!

Ar an taobh eile den scéal, dúirt an Comhairleoir Noel Thomas ag tús a thréimhse mar chathaoirleach an lá cheana gur géarchéim do Chonamara ceist an Chuarbhóthair i nGaillimh, ceist an N59 agus an bóthar nua atá molta do dheisceart Chonamara.  Sin iad na príomhchlocha ar a phaidrín don bhliain amach romhainn, a deir sé – iad sin agus an Bealach Glas siúlóide agus rothaíochta agus cúrsaí tithíochta. 

Maidir leis an mbóthar ó dheas, tá sé ag fanacht, a deir an Comhairleoir Thomas go bhfeicfidh sé an bhfuil cead ag na Comhairleoirí bealach amháin den bhóthar sin a roghnú; tá caint ann gur leis na feidhmeannaigh sa gComhairle Contae an cinneadh sin.  Tá an t-iliomad cúrsaí atá breactha amach don bhóthar ag cur stop le ceadanna pleanála i ndeisceart Chonamara.

Anois, seo seans, ar an bpointe, ag Comhairleoirí Chonamara agus ag an gcathaoirleach nua smacht a ghlacadh ar chúrsaí agus ceannródaíocht a léiriú.  Tá sé de chead acu vóta a chaitheamh faoin ábhar seo, gan cead ó dhuine ar bith, agus brú láidir a chur ina thaobh; bíodh na feidhmeannaigh agus maorlathas an Stáit ag freagairt do na Comhairleoirí ansin. Tús maith a bheadh ann le faobhar a chur ar fhiacla Chomhairle Bardasach Chonamara.

Bheadh an focal sin le tuiscint, rud nach amhlaidh a bhí in Uachtar Ard.