Conradh nua fógartha d’aersheirbhís Oileáin Árann – as Aerfort na Mine amháin an turas seo

Is fiú suas le €3.6 milliún an conradh nua ceithre bliana a fógraíodh tráthnóna agus tá go dtí an 3 Meitheamh le tairiscintí a chur isteach

Pictiúr: Seán Ó Máinnín
Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Is do sheirbhís aeir as Aerfort na Mine amháin atá tairiscintí á lorg maidir le conradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann a fógraíodh tráthnóna.

Is fiú suas le €3.6 milliún an conradh nua ceithre bliana agus tá go dtí an 3 Meitheamh le tairiscintí a chur isteach.

Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Ba é toradh na conspóide sin ná gur fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair 2015, go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana don aersheirbhís agus go raibh próiseas nua á chur ar bun aige.

Chuir muintir Árann feachtas ar siúl ag éileamh gur seirbhís eitleáin ó Aerfort na Mine in Indreabhán go dtí na hoileáin a bheadh ann seachas seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór sa Ghaillimh.

Beidh lucht an fheachtais sásta tráthnóna go gur tairiscintí atá á lorg an turas seo do “seirbhís aeir idir Aerfort na Mine agus Oileáin Árann (Inis Mór, Inis Meáin and Inis Oírr) agus seirbhís iompar bóthair chuí idir Aerfort na Mine agus cathair na Gaillimhe”.

Níl sé sonraithe sa cháipéisíocht a bhaineann leis an tairiscint nua, áfach, nach bhféadfaí seirbhís héileacaptair seachas seirbhís eitleáin a sholáthar.

Is ar an 26 Lúnasa 2015 a d’fhógair an tAire Stáit Joe McHugh gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Theastaigh ó mhuintir Árann go dtarraingeofaí siar an tairiscint a bhí déanta leis an gcomhlacht héileacaptair agus go dtosófaí ar phróiseas úrnua tairisceana don aersheirbhís go hÁrainn.

Tháinig sé chun solais nach raibh Aerfort na Gaillimhe ar fáil don tseirbhís héileacaptair mar a bhí luaite in iarratas an chomhlachta ar éirigh leis sa chéad phróiseas tairisceana.

Níor chuir Roinn na Gaeltachta tús riamh leis an bpróiseas idirbheartaíochta maidir le conradh a aontú leis an gcomhlacht ar éirigh leis.

Is é an comhlacht Aer Arann Islands atá ag cur seirbhís aeir ar fáil do mhuintir na n-oileán faoi láthair agus conradh sealadach acu fad is atá an próiseas nua á reáchtáil. Meastar go gcuirfidh an comhlacht sin isteach ar an gconradh nua.

Is le húinéir Aer Arann Islands Aerfort na Mine.

Fág freagra ar 'Conradh nua fógartha d’aersheirbhís Oileáin Árann – as Aerfort na Mine amháin an turas seo'