Conradh na Gaeilge sa tóir ar ar gheo-scagairí Snapchat Gaeilge

Comortás seolta ag Conradh na Gaeilge anocht chun teacht ar gheo-scagaire Gaeilge do gach contae in Éirinn

Conradh na Gaeilge sa tóir ar ar gheo-scagairí Snapchat Gaeilge

Tá comórtas fógartha ag Conradh na Gaeilge chun teacht ar gheo-scagairí  Snapchat Gaeilge.

An aidhm atá leis an gcomórtas ‘Gaelsnap’ ná go gcruthófaí geo-scagaire Gaeilge do gach contae in Éirinn agus roghnóidh an Conradh an iarracht is fearr i gcás gach contae.

Cuireann úsáidóirí Snapchat geo-scagairí lena gcuid Snapanna chun a thaispeáint cá bhfuil siad.

Agus Gaelsnap á sheoladh anocht, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge go raibh an eagraíocht teanga “ar bís” faoin gcomórtas go háirithe agus gan ach cúpla seachtain ó luadh a leithéid le Snapchat féin.

“Is léir gur aoibhinn le muintir na hÉireann leas a bhaint as Snapchat – baineann níos mó Éireannach úsáid aisti per capita ná dream ar bith eile – mar sin déanadh muid ár logainmneacha a cheiliúradh as Gaeilge agus féinphic á ghlacadh againn!” a dúirt Ó Deá.

Is féidir iarratais ar an gcomórtas Gaelsnap a sheoladh chuig gaelsnap@cnag.ie faoin Aoine, 19 Lúnasa 2016, agus tá tuilleadh treoirlínte ar fáil ag www.cnag.ie/gaelsnap.

Eiseofar scagairí na mbuaiteoirí i mí Mheán Fómhair in éineacht le feachtas BÚA – Bain Úsáid As – an Chonartha. Tá BÚA dírithe ar dhaoine a spreagadh le húsáid “a bhaint as an gcúpla focal atá acu”.

Dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta Chonradh na Gaeilge go bhfuiltear ag “ag iarraidh ar dhaoine féith na healaíne a léiriú dúinn agus scagairí Snapchat áille a dhearadh as Gaeilge”.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge sa tóir ar ar gheo-scagairí Snapchat Gaeilge'