Conradh na Gaeilge os comhair na hArd-Chúirte inniu

Cuireadh tús inniu leis an gcás cúirte atá á ghlacadh ag an eagraíocht teanga in aghaidh Fheidhmeannas Stormont mar gheall ar dhualgais reachtúla i leith na Gaeilge nár comhlíonadh fós

Conradh na Gaeilge os comhair na hArd-Chúirte inniu

Tá Conradh na Gaeilge os comhair na hArd-Chúirte i mBéal Feirste inniu agus cás in aghaidh an Fheidhmeannais ó thuaidh á ghlacadh acu.

Maíonn an eagraíocht teanga nach bhfuil a dhualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag an bhFeidhmeannas. Cuireadh tús leis an éisteacht den Athbhreithniú Breithiúnach ag 10.30 ar maidin.

Bronnadh cead cúirte ar an gConradh i mí Bhealtaine anuraidh. Seo í an chéad uair a bheidh an eagraíocht teanga, a dhéanfaidh 125 bliain a mbunaithe a chomóradh an bhliain seo chugainn, os comhair na hArd-Chúirte.

Deir an Conradh gur sárú ar dhualgais reachtúla an Fheidhmeannais é nach bhfuil cúrsaí teanga mar a pléadh i gcáipéisí éagsúla iad socraithe ó thuaidh go fóill — Comhaontú Chill Rímhinn 2006 agus Clár Rialtais an Fheidhmeannais 2011-2015 ina measc. Ba é Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge a shocraigh dul chun cúirte i gcoinne an Fheidhmeannais.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge gur “ábhar ollmhór díomá agus frustrachais” do phobal na Gaeilge ó thuaidh go bhfuil diúltaithe ag an bhFeidhmeannas glacadh leis an Straitéis teanga. Ba é an “neamhghníomh” seo ba chúis le cinneadh Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge “gurbh éigean” don eagraíocht cás cúirte a ghlacadh in aghaidh an Fheidhmeannais

Sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín an Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035  ar an 30 Eanáir 2015. Ar an 10 Márta 2016, thug páirtithe an Fheidhmeannais droim láimhe leis an Straitéis teanga agus leis an Acht Gaeilge atá molta don Tuaisceart.

Tá daltaí ó scoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar i mbun léirsiú poiblí taobh amuigh den Ard-Chúirt a fhad is a bheidh an éisteacht ar siúl istigh.

Tá ceist na Gaeilge i lár an aonaigh ó thuaidh le tamall anuas ó d’fhógair an tAire Pobal Paul Givan nach mbeadh na sparánachtaí Gaeltachta ‘Líofa’ ar fáil in 2017. Luaigh an t-iarLeas-Chéad Aire Martin McGuinness “biogóideacht” an DUP i leith na Gaeilge ina litir éirí as an mhí seo caite agus tá agóidí agus feachtais teanga ar bun ó thuaidh agus ar fud na tíre ó shin.

D’eagraigh an grúpa cearta teanga ‘An Dream Dearg’ agóid i mBéal Feirste an mhí seo caite agus tá seisiúin eolais agus agóidí eile beartaithe ag an ngrúpa do na seachtainí amach romhainn, agus toghchán Stormont ag druidim linn.

Mhúscail ceannaire an DUP, Arlene Foster, fearg na gcainteoirí Gaeilge arís inné nuair a dúirt sí nach raibh sé i gceist ag a páirtí tacú le hAcht Gaeilge ó thuaidh riamh ná choíche, agus gur cosúil le crogaill Sinn Féin ina n-éileamh ar reachtaíocht teanga.

Idir an dá linn, tá iarrtha ag iarrthóir toghcháin de chuid Shinn Féin, Raymond McCartney, ar cheannaire an UUP, Mike Nesbitt, seasamh an pháirtí aontachtaigh ar cheist na Gaeilge a shoiléiriú.

“Anuraidh, cháin ceannaire an UUP Sinn Féin mar gur éiligh siad Acht Gaeilge, de réir na ngeallantas a tugadh i gComhaontú Chill Rímhinn. Is éileamh bailí an t-éileamh ar Acht Gaeilge agus ní féidir glacadh le seasamh náireach an DUP i leith na Gaeilge agus an fhéiniúlacht a ghabhann léi.

“Teastaíonn soiléireacht anocht ó Mike Nesbitt agus ón UUP ar a seasamh ar cheist an Achta Gaeilge. An nglacann sé leis mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn nó an leanfaidh siad an DUP agus a n-iarrachtaí cearta an duine a shéanadh?” a dúirt McCartney, atá ag seasamh do thoghcheantar an Fheabhail i nDoire.

Cháin Linda Ervine, céile cheannaire an PUP Brian Ervine, ráiteas Arlene Foster faoin nGaeilge inné. Dúirt Ervine, atá ina hOifigeach Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste agus a labhraíonn faoin nGaeilge ó dhearcadh na bProtastúnach go minic, nach bhfuil gá le troid faoi na cúrsaí seo.

“Sílim go dtógfadh Acht an teanga as lámha na bpáirtithe polaitíochta. D’fhéadfaimis éalú ó pholaitiú na teanga. Ní chaithfidh sé a bheith mar seo. Nach féidir le daoine meas a bheith acu ar a chéile agus comhrá a bheith acu?” a dúirt sí.

Mhol sí ceannaire an Alliance, Naomi Long, as póstaer toghcháin dá páirtí a fhoilsiú i nGaeilge ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge os comhair na hArd-Chúirte inniu'