Conradh na Gaeilge i Westminster inniu mar chuid dá bhfeachtas ar son Achta Gaeilge

Tá Conradh na Gaeilge ag díriú ar Westminster anois agus an chosúlacht ar an scéal go bhféadfaí Riail Dhíreach ó Pharlaimint na Breataine a thabhairt isteach

Conradh na Gaeilge i Westminster inniu mar chuid dá bhfeachtas ar son Achta Gaeilge

Tá toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge i Londain inniu le tús a chur leis an bhfeachtas ar son Acht Gaeilge don Tuaisceart i bParlaimint na Breataine.

Dúirt urlabhraí ón gConradh go raibh “cruinniú dearfach” ag ionadaithe ón eagraíocht ó Bhaile Átha Cliath agus ó Bhéal Feirste le hionadaithe na Parlaiminte in Westminster leis an éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh a phlé.

Tá an Conradh ag díriú ar Westminster anois agus an chosúlacht ar an scéal go bhféadfaí Riail Dhíreach ó Pharlaimint na Breataine a thabhairt isteach.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, ó oifig Bhéal Feirste an Chonartha, gur “cuireadh tús le rudaí” inniu agus bhfeicfear amach anseo cén toradh a bheidh ar an bhfeachtas nua.

“Bhuail muid le Steven Pound ó Pháirtí an Lucht Oibre, fear atá ag plé le cúrsaí an Tuaiscirt le fada fada an lá anois. Bhí an cruinniú sin an-dearfach agus tá muid ag iarraidh tógáil ar na cruinnithe a bhí againn inniu agus na nascanna atá cruthaithe againn.

“Tá muid ag iarraidh go dtuigfear cás phobal na Gaeilge agus go dtuigfear an t-éileamh atá ar reachtaíocht teanga don Ghaeilge amháin ó thuaidh,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Giolla Bhéin freisin go bhfuil an eagraíocht teanga ag iarraidh dul i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann sa Bhreatain chomh maith le polaiteoirí agus lucht reachtaíochta i Westminster.

Chuige sin beidh ócáid phoiblí anocht sa London Irish Centre ina dtabharfar eolais faoi stair an Chonartha i Londain agus na feachtais mhóra a bhí ag craobhacha Londan san am a chuaigh thart, chomh maith leis an bhfeachtas atá ar bun faoi láthair le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach in Éirinn. Beidh Pop Up Gaeltacht ar siúl sa chathair anocht freisin.

Faoi Chomhaontú Chill Rímhinn leagtar dualgas ar ‘an Rialtas’ féachaint i ndiaidh na reachtaíochta teanga don Ghaeilge agus glactar leis gur tagairt do Rialtas na Breataine é sin.

Díreoidh an chéad chéim eile den fheachtas ar son an Achta ar Rialtas na Breataine agus ar pháirtithe an fhreasúra i Westminster.

Is í ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart an chnámh spairne is mó sa bhabhta idirbheartaíochta is déanaí idir an DUP agus Sinn Féin.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chosanta don Ghaeilge amháin, ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas chomh maith don Ultais agus do ghnéithe den chultúr Oráisteach.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge i Westminster inniu mar chuid dá bhfeachtas ar son Achta Gaeilge'

  • Liam Mac Lochlainn

    Bhí mé ag caint le fear inniu a bhfuil maidhm sheicne dhúbailte air. Tá sé ag fanacht le hobráid le trí bliana anuas. Bhí eagla orm ceist a chur air faoi Acht na Gaeilge.