Conradh €5.9 milliún do sheirbhís farantóireachta oileáin Árann bronnta ar Aran Ferries Teo

Thug Roinn na Gaeltachta le fios anocht go gcoinneofar praghas ar thicéad fillte do dhuine fásta as na hoileáin ag €10

Conradh €5.9 milliún do sheirbhís farantóireachta oileáin Árann bronnta ar Aran Ferries Teo

Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh go bhfuil conradh ar fiú €5.9 milliún é bronnta ag a Roinn ar Aran Ferries Teo chun seirbhís farantóireachta paisinéirí a chur ar fáil idir na trí oileán Árann agus Ros an Mhíl as seo go dtí 2022.

Mar chuid den chonradh, cuirfidh an comhlacht seirbhís bus ar fáil chomh maith idir Ros an Mhíl agus cathair na Gaillimhe don tréimhse chéanna, 2017 – 2022.  Tiocfaidh an conradh i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2017 agus leanfaidh sé go dtí an 30 Samhain 2022.

Cuirfear turais fillte ar fáil idir Inis Mór agus Ros an Mhíl agus idir Inis Meáin/Inis Oírr agus Ros an Mhíl gach maidin agus tráthnóna seacht lá na seachtaine chomh maith le seirbhís breise lár an lae ó Bhealtaine go Meán Fómhair. 

Thug Roinn na Gaeltachta le fios anocht go gcoinneofar praghas ar thicéad fillte do dhuine fásta as na hoileáin ag €10.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé “sásta” go bhfuil an conradh aontaithe. 

“Tabharfaidh sé cinnteacht maidir le seirbhísí farantóireachta do phobail na n-oileán seo sna blianta romhainn, go háirithe do phobal Inis Mór áit nach raibh aon chonradh le tamall anuas,” a dúirt an tAire Stáit Joe McHugh.

Fág freagra ar 'Conradh €5.9 milliún do sheirbhís farantóireachta oileáin Árann bronnta ar Aran Ferries Teo'