Connolly agus a chairde chun McNamee agus Ród a chur den bhóthar

Rachaidh beirt de na tosaithe is cumasaí sa tír chun páirce i gcluiche ceannais Laighean tráthnóna ach, mar a tharla in 2014, gach seans go mbeidh Naomh Uinsionn róláidir do Ród arís

Connolly agus a chairde chun McNamee agus Ród a chur den bhóthar

Niall McNamee (Ród). Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tráthnóna, rachaidh peileadóirí Róid chun páirce i gcluiche ceannais Laighean don chúigiú huair le deich mbliana anuas agus iad fós ag iarraidh chraobh an chúige a bhuachan don chéad uair.

Beidh fir Uíbh Fhailí ag iarraidh leorghníomh a dhéanamh tráthnóna don ghreadadh a thug Naomh Uinsionn dóibh sa chluiche ceannais dhá bhliain ó shin. Deich bpointe a scar na foirne an lá sin san Uaimh ach d’fhéadfadh slad níos measa a bheith ann agus cuid mhaith deiseanna ar chúil curtha amú ag foireann na príomhchathrach sa chéad leath go háirithe.

Ní raibh Ród in ann dóthain deiseanna a chruthú do Niall McNamee, an t-imreoir is fearr atá acu agus duine de na tosaithe is cumasaí sa tír fiú agus é 31 bliain d’aois anois. Beidh ar sheaimpíní Uíbh Fhailí soláthar ceart a chur ar fáil dó má tá siad chun aon seans a bheith acu tráthnóna.

D’aimsigh sé 0-16 le trí chluiche anuas agus má chruthaítear na deiseanna do McNamee, déanfaidh sé an beart níos minice ná a mhalairt. Ba é Ger Brennan, a bhí ag imirt mar chosantóir le cois, a choinnigh McNamee faoi chois sa chluiche idir na foirne seo dhá bhliain ó shin, ach níl iar-chaptaen Bhaile Átha Cliath ag feidhmiú sa ról sin i mbliana do Naomh Uinsionn. Cé go bhfágfaidh sé sin beagán níos mó spáis ag McNamee, caithfidh a chomhghleacaithe na pasanna cearta a chur ina threo.

Is iad Naomh Uinsionn rogha láidir na coitiantachta do chluiche an lae inniu agus taithí mhaith acu féin ar imirt i gcluichí ceannais cúige. Thug siad leo craobh an chúige in 2007, in 2013, agus in 2014, an bhliain ar éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan don tríú huair.

Dála Róid, tá tosach den scoth ag Naomh Uinsionn. Sin é Diarmuid Connolly ar ndóigh, a bhuaigh bonn Uile-Éireann agus gradam All-Star eile i mbliana. Tá neart imreoirí eile ag club Bhaile Átha Cliath áfach, atá in ann scóranna a aimsiú.

Is duine de na seanfhondúirí é Tomás ‘Mossy’ Quinn faoin tráth seo ach tá sé léirithe le cúpla cluiche anuas aige go bhfuil an mianach fós ann. Bhí an 1-3 a d’aimsigh sé i gcluiche leathcheannais Laighean cinniúnach agus Naomh Uinsionn ag fáil an ceann is fearr ar Mhullach na Leachta ó chontae an Longfoirt. Thug Quinn taispeántais mhaithe uaidh i gcraobh an chontae chomh maith agus b’amhlaidh an scéal é freisin ag leithéidí Shane Carthy, fear Mhaigh Eo Enda Varley agus Ruairí Trainor.

Curaidh Bhaile Átha Cliath a sháraigh Ród i dtrí cinn de na ceithre chluiche ceannais atá caillte acu roimhe seo, Naomh Uinsionn in 2014 agus Crócaigh Chill Mochuda in 2010 agus in 2008. Fir na hardchathrach atá rompu arís inniu agus gach seans go bhfuil tuilleadh briseadh croí i ndán dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Naomh Uinsionn

Fág freagra ar 'Connolly agus a chairde chun McNamee agus Ród a chur den bhóthar'