Cónascadh idir RnaG agus Downtown Radio molta agus súil á coinneáil ar eagrais Ghaeilge

CÁIPÉISÍ 1986: Seo roinnt nithe a d’fhoghlaim muid faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ó cháipéisí an stáit…

Cónascadh idir RnaG agus Downtown Radio molta agus súil á coinneáil ar eagrais Ghaeilge

1. Stáisiún Raidió Gaeilge ó thuaidh:

Mhol Rialtas na hÉireann do Rialtas na Breataine gur cheart stáisiún lán-Ghaeilge a bhunú i dTuaisceart Éireann le freastal ar phobal na  teanga ann. Léiríonn cáipéisí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha gur cuireadh páipéar faoi chúrsaí craoltóireachta as Gaeilge faoi bhráid na Rúnaíochta Angla-Éireannaí i Meitheamh na bliana 1986. I measc na moltaí a bhí sa pháipéar, iarradh ar rialtas na Breataine amharc ar na féidearthachtaí maidir le stáisiún pobail lán-Ghaeilge a bhunú i gcomhar le Raidió na Gaeltachta agus Raidió na n-Ilean na hAlban.

D’fhreagair rialtas na Breataine go luath ina dhiaidh sin go raibh ‘the Irish interest in the possibility of an Irish language service in Northern Ireland’ nótáilte acu agus go dtabharfaidís freagra ar an iarratas in am trátha. Fógraíodh, áfach, ar an 30 Meitheamh, gur ghlac Rialtas na Breataine cinneadh gan dul ar aghaidh leis an stáisiún sa ghearrthréimhse. Ardaíodh an cheist arís ag cruinniú i Maryfield idir feidhmeannaigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ó Oifig Thuaisceart Éireann agus ón Rúnaíocht Angla-Éireannach ar an 24 Iúil. D’fhiafraigh Étain Doyle ón Roinn Gnóthaí Eachtracha d’ionadaithe na Breataine cad tuige gur cuireadh an moladh i ‘cold storage’. Dúirt Frances Elliott, Leas-Rúnaí an NIO gur cheist chasta a bhí ann: “I think there were both political and financial problems with the community radio proposal…I don’t expect progress to be made during the remaining term of this government.” Mhol Ronnie Spence gur cheart do Raidió na Gaeltachta dul chun cainte le Downtown Radio chun fiontar tráchtála a bhunú ach go raibh drogall ar pholaiteoirí a ladar a chur i bpolasaithe stáisiún craoltóireachta.

2. Rialacha na nUaschúirteanna:

Bhí leagan Gaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna faoi chaibidil i lár na n-ochtóidí blianta beaga sular rialaigh an Chúirt Uachtarach go raibh dualgas ar an stát a leithéid a chur ar fáil. Tugadh le fios don ghníomhaí teanga, Proinsias Ó Mianáin i 1979 nach raibh ‘éileamh gur fiú trácht air’ ar leagan Gaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna agus gurbh é sin an chúis nach raibh siad foilsithe. Ach lean an Mianánach ag cur ceisteanna faoi agus tugadh le fios dó i mBealtaine, 1982, go raibh socruithe á ndéanamh maidir le foilsiú na rialacha. D’fhiosraigh Roinn an Taoisigh an scéal leis an Roinn Dlí is Cirt an mhí chéanna i 1982. Dúirt siadsan go bhfuair siad leagan aistrithe de na rialacha agus d’fhoirmeacha na n-uaschúirteanna sa bhliain 1980 “but they were ‘so bad’ that they had to be returned to Translation Branch”.

Dúradh fosta go raibh riaráistí móra oibre ar Rannóg an Aistriúcháin.

Ach ní mó ná sásta a bhí Roinn an Taoisigh leis an mhíniú seo. Scríobh feidhmeannach ón Roinn ar imeall an mheamraim go raibh faillí déanta ar an cheist seo le fada. Chuaigh feidhmeannach níos sinsearaí i Roinn an Taoisigh céim níos faide, áfach. Ag scríobh dó ar imeall an mheamraim dúirt Seán Aylward: “This delay by Justice etc is a disgrace. I think you should get stuck into them on it.” Saoithiúil go leor, ceapadh an tUasal Aylward blianta ina dhiaidh sin mar Rúnaí Ginearálta ar an Roinn Dlí is Cirt.

Rialaigh an Chúirt Uachtarach ar an 13 Iúil 1990 gur cheart leagan Gaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna a chur ar fáil mar go mbeadh dlíodóir a bheadh ag feidhmiú dá chliant trí mheán na Gaeilge faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid lena chomhghleacaí a bheadh ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla.

3. Súil á coinneáil ar na hEagrais Ghaeilge:

Is léir ó cháipéisí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha go raibh an Rúnaíocht Angla-Éireannach ag coinneáil súil ghéar ar na heagrais a bhí ag tacú leis cúis na bPoblachtánach. Ar an 28 Deireadh Fómhair 1986, mar shampla, sheol Dáithí Ó Ceallaigh ón Rúnaíocht fógra ón Andersonstown News chuig an Rannóg Angla-Éireannach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha inar luadh eagraíochtaí a bhí ag tacú leis an fheachtas chun deireadh a chur le lomchuardach sna príosúin: “…the reason for my bringing it to your attention is that amongst the mainly provisional sponsors are included Craobh Seain McDharmiad (sic) of Conradh na Gaeilge, Craobh Phádraig vi Chonaire (sic) as well as Glór na nGael. Some company they are in!”

Ní raibh an státseirbhís iontach tógtha le dearcadh Chonradh na Gaeilge i leith an Chomhaontaithe ach an oiread. Mhol Roinn an Taoisigh don Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha gan freagra a thabhairt ar litir a sheol Ard-Rúnaí an Chonartha, Seán Mac Mathúna, chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha Peter Barry de bharr ‘its rather confused and offensive nature…and to the resolution hostile to the Anglo-Irish Agreement passed at their Ard-Fheis.’

4. Conradh na Gaeilge i Coventry:

B’éigean d’Ambasáid na hÉireann sa Bhreatain fiosrúchán a chur ar bun sna seachtóidí faoi chraobh Chonradh na Gaeilge i Coventry de bharr líomhaintí leanúnacha a deineadh faoina cuid ball. Is léir ó chomhad de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha a scaoileadh le déanaí go raibh craobh an-ghníomhach ag an Chonradh i Coventry agus gur tugadh neart deontas dóibh in imeacht na mblianta le haghaidh imeachtaí cultúrtha a eagrú. Ach is léir fosta go raibh feachtas leanúnach ina héadan agus líomhaintí á ndéanamh go raibh a gcuid ball fite fuaite in eachtraí sceimhlitheoireachta sa Bhreatain. Ba iarAire Rialtais de chuid Fhianna Fáil, Joe Brennan, ba thúisce a tharraing aird phoiblí ar an chraobh i gceisteanna Dála i 1976 inar thug sé le fios go raibh amhras faoi roinnt de na grúpaí thar sáile a bhí ag fáil deontais chultúrtha. Rinne The Language Freedom Movement (LFM) gearán i mí na Samhna 1975, faoi sheimineár a d’eagraigh an chraobh agus chuir siad ina leith gur ‘Republican propaganda exercise’ a bhí ann. Bhí an Roinn den tuairim nach raibh aon bhunús leis seo.

An bhliain dár gcionn, áfach, chuir ball den phobal Éireannach sraith litreacha faoi bhráid na Roinne a rinne cur síos ar an bhaint a bhí, dar leis, ag baill den chraobh le hionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhreatain agus leis na buamaí a leagadh i Birmingham ach go háirithe. Bhí an Roinn den tuairim i dtús ama gur ‘personal pique’ a spreag na litreacha seo ach measadh ina dhiaidh sin go raibh na líomhaintí chomh tromchúiseach sin gur cheart a thuilleadh fiosrúchán a dhéanamh fúthu. Thug an Roinn le fios d’Ambasáid na hÉireann i Londain go mbeadh sé iontach doiligh a thuilleadh cuidithe a thabhairt don Chraobh fad is a bhí na líomhaintí á bhfiosrú, rud a chiallódh go mbeadh a chuid spriocanna bainte amach ag an té a bhí ag gearán fúthu. Cuireadh iarratais na craoibhe ar dheontais ar an méar fhada mar sin.

Ar an 12 Eanáir, 1978, scríobh Chéad-Rúnaí na hAmbasáide chuig an Roinn lena rá go raibh fiosruithe discréideacha déanta acu faoi sheasamh an duine ba mhó ar caitheadh amhras air sna litreacha agus nach raibh bunús ar bith leis na líomhaintí. Dúradh go raibh seasamh maith ag an duine seo le húdaráis oideachais na cathrach agus leis an phobal Éireannach a bhí ina gcónaí ann. Mheas an Ambasáid go raibh suas le 15,000 Éireannach ag cur fúthu i Coventry ag an am: “In short nothing has come to the Embassy’s attention which would cast doubt on his character or standing and indeed from his activities over the last few years in Coventry he appears to have only enhanced his reputation.”

Go luath ina dhiaidh sin, bronnadh deontas £500 ar an té a bhí i gceist.    

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/ TG4 é Breandán Delap

Fág freagra ar 'Cónascadh idir RnaG agus Downtown Radio molta agus súil á coinneáil ar eagrais Ghaeilge'