Conas tréithe duine a aithint ón tslí a mbíonn a chaipín ar a cheann aige!

Ar an gclár Béaloideas Beo ar TG4 anocht, déanann Tomás Ó Mainnín cur síos seoigh ar na slite difriúla ina gcaitheann daoine caipíní agus ar an léargas a thabharfadh an méid sin duit fúthu

Caps

An féidir a dhéanamh amach cén sórt duine atá romhat ón tslí a gcaitheann sé a chaipín?

Cén saghas duine é an té a mbeadh a chaipín “tarraicthe anuas” aige? Nó cad mar gheall ar an bhfear eile a mbeadh a chaipín ábhairín cliathánach aige?

Freagrófar na ceisteanna seo anocht ar an gclár Béaloideas Beo ar TG4 agus an saineolaí béaloidis Tomás Ó Mainnín ó Thíorabháin i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne faoi agallamh maidir le cad is féidir a fhoghlaim faoi dhuine ón tslí a mbíonn a chaipín ar a cheann aige.

Sa bhfíseán thíos ó chlár na hoíche anocht, léiríonn an Mainníneach na slite difriúla ina gcaitheann daoine caipíní agus an méid a thugann a rogha le fios do dhuine.

Screen Shot 2015-11-11 at 13.00.24

1. An té a mbeadh a chaipín “tarraicthe anuas” aige, duine “ana-dhiscréideach ar fad a bheadh ann”, a deir Tomás Ó Mainnín agus é ag plé na gcaipíní. Ní thabharfadh a leithéid de dhuine aon eolas duit, de réir dealraimh.

Screen Shot 2015-11-11 at 13.00.44

2. Fear a mbeadh bos a hata ag gobadh amach ar thaobh a chinn aige, bheadh an-chuid cúraimí air agus “ní bheadh an obair críochnaithe go deo aige”.

Screen Shot 2015-11-11 at 13.01.08

3. Bheadh fear eile ansin agus a chaipín ábhairín cliathánach aige agus é “ag féachaint ort”. Bheadh an fear sin “ag magadh chughat”, a deir Tomás. “Fear mór magaidh is ea é.”

Screen Shot 2015-11-11 at 13.01.38

4. Dá dhonacht fear an mhagaidh, b’fhearr i bhfad duit fanacht glan ón bhfear a mbeadh a chaipín iompaithe siar aige. “Fear contúrthach is ea é sin. Bheadh sé ag lorg bruíne gan aon mhoill,” arsa Tomás.

Ní bheadh aon chúram do dheoch ag an bhfear seo, a deir Tomás, toisc nach gá duit ach “cupa tae a tharrac chuige agus bhí sé éirithe chughat.”

Screen Shot 2015-11-11 at 13.02.05

5. Bhí fear eile ann a mbeadh bos a chaipín iompaithe ar dheis aige agus tusa ag féachaint air. Deirtear gurbh fhear é sin ó bhun cnoic. “Bheadh eagla na gaoithe i gcónaí air agus dá dtiocfadh…feothan gaoithe, bheadh sé ullamh chun an caipín a chnapadh sara dtiocfadh an ghaoth!”

Screen Shot 2015-11-11 at 13.02.44

6. Is é an duine deireanach a luann Tomás ná an fear a mbeadh bos a chaipín in airde aige. Deir Tomás gur díol trua ab ea an fear seo toisc nach bhféadfadh sé “aon rud a dhéanamh i gceart. Bhíodh gach aon rud ag dul ina choinne; pé jab a bheadh sé ag déanamh, ní fhéadfadh sé é a dhéanamh i gceart.” Is é an taobh go mbeadh a chaipín in airde mar seo aige ná go mbeadh sé i gcónaí ag tochas a chinn, féachaint cén réiteach a bheadh ar a scéal, rud a bheadh ag dul de go minic.

Craolfar an clár is déanaí sa tsraith Béaloideas Beo ar TG4 anocht ag 7.30pm. Éadach a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht

 

Fág freagra ar 'Conas tréithe duine a aithint ón tslí a mbíonn a chaipín ar a cheann aige!'