Conas mar a glacadh le bua na hÉireann sa Ghearmáin? Tuairisc ó Bheirlín…

Mí-ádh ar an nGearmáin agus moladh áirithe tuillte ag na hÉireannaigh. Sin an léamh atá ar maidin ag na Gearmánaigh ar chluiche mór na hoíche aréir

Germany Press Conference, The Intercontinental Hotel, Ballsbridge, Dublin 7/10/2015 Mats Hummels Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
Mats Hummels, arbh é a bhotún ba chúis le teip na Gearmáine? ©INPHO/Morgan Treacy

Mar a dúirt Yogi Berra, iarimreoir clúiteach leis na NY Yankees tráth den saol, “It’s like déjà vu all over again.” Ach níos fearr fós an geábh seo.

Ní raibh mórán cuma ar shráideanna Bheirlín aréir go raibh cluiche mór ar siúl.

Ceart go leor, níl pobal na tíre seo ar mire i ndiaidh na peile faoi látháir agus bhí “cruachás” ar leith ag coinneáil daoine sa mbaile aréir: níor stop an bháisteach an lá ar fad agus níl an chuma ar go stopfaidh go luath. Tá sé fuar agus mórán chuile dhuine a bhfuil suim acu féachaint ar an gcluiche, á dhéanamh ar a gcompord sa mbaile.

Tarlaíonn sé nach bhfuil ceangal teilifíse sa mbaile agam ach ceangal idirlín leis an teilifís. Ar chúis éigin, bíonn an ceangal ag briseadh go síoraí agus bhí an craoladh a bhí agam ar an gcluiche ag titim siar cúpla soicind gach nóiméad ar an imirt bheo.

Tá Dlí Uí Mhurchú go láidir i réim agus ag leathama, bhí an cluiche 6 nóiméad mall ag teacht isteach ar an scáileán chugam.

Ag leath ama, déanann tráchtaire an chainéil teilifíse RTL plé ar an gceist is suntasaí, dar leis: cé is moite den chéad 20 nóiméad imeartha, níl freagra ar bith ag na Gearmánaigh ar stíl imeartha na hÉireann: tá a gcuid fiacla báite ag na Gearmánaigh sna hÉireannaigh ach níl aon dóigh ná samhail acu cén chaoi a dhul i ngleic leo, a deir sé.

Ba fhurasta an imní ar dhaoine san Aviva a aireachtáil agus an imirt ag druidim le leath ama. Ansin an faoiseamh a bhain le ham sosa a bhaint amach agus gan aon chúl  ligthe isteach againn.  Tá na tráchtairí Gearmánacha anois ag caint ar imirt “ultra-chosantach” na nÉireannach. Ach má tá, níl aon easpa seansanna ag an nGearmáin agus mar sin a leanann isteach sa dara leath.

Am éigin sa dara leath, cloisim pléasc…tine ealaíne, b’fhéidir? Ina leithéid seo d’aimsir? Ní dócha é. ‘Sea muis, a deirim liom féin go héadóchasach.

Tá na Gearmánaigh ag ceiliúradh arís.

Beagnach deich nóiméad níos deireanaí, an 70ú nóiméad ar mo scáileán (tá 79 nóiméad feicthe ag an gcuid eile den domhan), manna as na flaithis, a bhuíochas le Shane Long. Nó mar a rinne na Gearmánaigh cur síos ar an gcúl – “botún Hummels”.

Ach cé a phléasc an diúracán, mar sin?

Is cuma, sa deireadh tá bua stairiúil bainte amach san Aviva.

Níl na Gearmánaigh ag gearán faoina gcuid imeartha ná faoi stíl imeartha a n-iomaitheoirí.

Tada mórán átá á thuairisciú sna nuachtáin.

Bhí Eurosport na Gearmáine níos géarchúisí ina gcuid anailíse ná mórán eile. Bhí an Ghearmáin i gceannas agus Éirinn fíorlag, dar leo. Deis amú a bhí ann d’fhoireann Joachim Lowe.  Go deimhin, foireann den dara haicme a bhí in Éirinn, de réir Eurosport.

Ní fheicim tada faoin gcluiche sa Bild Zeitung agus mé ar mo bhealach ag an obair ar maidin: is  ar cheolchoirm Take That atá a n-aird.

Nuachtán TAZ? Rud ar bith.

An bhfuil lucht na nuachta ina gcodladh, meas tú?

Ar an U-Bahn, b’fhéidir?

Faic na ngrást. Spórt réigiúnach, Union Berlin (foireann sacair ag imirt sa dara sraith) agus na Füchse – Sionnaigh Bheirlín, foireann liathróid láimhe na cathrach. Trácht ar chluiche i mBaile Átha Cliath aréir? A dhath ar bith.

Ach tá corrthuairisc ar fáil ceart go leor, ach gan ceann ar bith acu ar an bpríomhleathanach.

Cé go bhfuil “creathadh” bainte as muintir na tíre de réir an Morgenpost, agus gan a fhios acu fós an gcáileoidh siad nó nach gcáileoidh, is cosúil ó bheith ag léamh na meán anseo nach fíor an méid sin.

Measann daoine anseo go bhfuil an obair chrua déanta acu. Níl aon rian den alltacht a bhí le n-aireachtáil i ndiaidh an chomhscóir i nGelsenkirchen 360 lá ó shin.

Is é tuairim na coitiantachta gur imir Seaimpíní an Domhain go sásúil aréir ach gur éalaigh na seansanna uathu. Moladh imirt na hÉireann. Agus ní gach duine a mheas gur foireann de den dara haicme atá againn ach an oiread.

Mí-ádh ar an nGearmáin, Éirinn an-chosantach ina gcuid imeartha, ach foireann mhaith acu mar sin féin. B’shin an breithiúnas.

Rud eile a thug mé faoi deara ar mo bhealach chun na hoibre moch ar maidin ná bratach Éireannach trasna an bhóthair ó mo theach cónaithe, ar foluain ar bhalcóin. An bhratach féin fliuch báite, ach cé is móite de sin, cuma na maitheasa uirthi.

Rian smionagar pléascóige ar an talamh faoin mbalcóin.

Ní haon iontas, b’fhéidir, nach raibh aon ghleo ag teacht as an árasán seo ar maidin.

Fág freagra ar 'Conas mar a glacadh le bua na hÉireann sa Ghearmáin? Tuairisc ó Bheirlín…'

  • cormac@hotmail.com

    Mar a dúirt Yogi Berra, iarimreoir clúiteach leis na NY Yankees tráth den saol, “It’s like déjà vu all over again.”
    Yogi Bear?