Conas mar a chruthaigh tuairisciú Nuacht TG4 ar bhás Martin McGuinness?

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Is ábhar goilliúnach é an marbhna i gcónaí go mór mór nuair is cigilteach í oidhreacht an té a cailleadh

Conas mar a chruthaigh tuairisciú Nuacht TG4 ar bhás Martin McGuinness?

‘Poblachtánach paiseanta a d’oibrigh gan sos ar bith ar son síochána, saoirse agus ar son an athmhuintearais agus athaontú na tíre.’

B’in an cur síos mothúchánach a dhein Gerry Adams ar a dhlúthchara agus a comhghuaillí dílis Martin McGuinness a d’éag go luath maidin inné. Cé gur fógraíodh roimh an Nollaig go raibh galar neamhchoitianta croí ar McGuinness, agus gurbh éigean dó éirí as an bpolaitíocht dá bharr, tháinig a bhás aniar aduaidh ar mhórán.

Is annamh go mbásaíonn duine díreach tar éis dóibh an stáitse náisiúnta agus idirnáisiúnta a fhágaint. B’amhlaidh a bhí le bás McGuinness agus é imithe ar shlí na fírinne cúpla mí tar éis dó lár an aonaigh a fhágaint. D’fhág sin gur scéal mór náisiúnta agus idirnáisiúnta neamhchoitianta a bhí ann. Bíonn ar na meáin, na meáin Ghaeilge san áireamh, luí amach orthu féin ar laethanta mar sin. Ina theannta sin, is ábhar goilliúnach é an marbhna i gcónaí go mór mór nuair is cigilteach í oidhreacht an té a cailleadh.

Ní nach ionadh bhí na meáin chéanna ag cur thar maoil le tuairiscí difriúla: a óige, laethanta na dTrioblóidí, athmhuintearas, íobartaigh, a chaidreamh le Ian Paisley/Peter Robinson/Arlene Foster, an croitheadh láimhe leis an mbanríon agus ‘tréatúirí’ á bhaisteadh aige ar easaontóirí Poblachtánacha. É sin ar fad agus ionchur ó phearsana móra na polaitíochta.

Cuireadh an chéad leath de Nuacht TG4 ar leataobh do thuairiscí faoi iar-LeasChéad-Aire an Tuaiscirt. Bhí pacáistí snoite, snasta againn ó Áine Ní Ghallchóir, Séamus Ó Scanláin, Sorcha Ní Riada agus Ailbhe Ó Monacháin.

Tagraíodh do laethanta fuilteacha na dTrioblóidí agus an t-aistear chun na síochána. Bhí ráitis chombhróin i nGaeilge againn ó Enda Kenny, Brian Cowen, Mary-Lou Mac Donald, Joan Burton, Maurice Hayes agus Máirtín Ó Muilleoir. Tar éis an bhrisidh, bhí ionchur tomhaiste léargasach ón staraí Gearóid Ó Tuathaigh a dúirt go mb’fhéidir nár cheart dúinn a bheith ag súil go mbeadh íobartaigh na dTrioblóidí ‘chomh fial le moladh  nó maithiúnas, fiú ar lá mar seo’. Cuireann anailís údarásach Uí Thuathaigh go mór le Nuacht TG4 ar laethanta móra mar seo.

‘Ní dheachaigh Martin chun na cogaíochta, tháinig an cogadh chuige,’ a dúirt Antaine Ó Dochartaigh ó Dhoire agus bhain an tuairim sin macalla as an dearcadh go raibh sé ionann is dodhéanta bóthar an fhoréigin a sheachaint sa chathair úd sna laethanta úd.

Thugas suntas don bhéim a bhí ar oidhreacht shíochána McGuinness (ar TG4 agus RTÉ) murab ionann agus a macasamhla thar toinn i Sasana mar ar cuireadh béim níos mó ar a ról san IRA i rith na dTrioblóidí.

Ós í an Mháirt a bhí ann, bhí deis leanúint leis an bplé ar 7 Lá. Bhí Máirtín Ó Muilleoir ar fáil arís mar aon le Deaglán De Bréadún i mBaile Átha Cliath agus an Dr. Ian Malcolm i mBéal Feirste. 

Bhí ionchur Malcolm, comhfhreagraí neamhoifigiúil an phobail aontachtaigh ag na meáin Ghaeilge, an-mheáite, an-tomhaiste ach an-tuisceanach ag an am céanna. Dar leis nach n-oireann focail cosúil le ‘laoch’ nó ‘naomh’ le cur síos a dhéanamh ar McGuinness. Mhaígh sé, áfach go ndein sé níos mó ar son na síochána i dTuaisceart Éireann ná mar a dhein aon pholaiteoir eile.