Conas a tharla sé go bhfuil lagmhisneach ar 96% de phóilíní an PSNI?

Ní mór a bheith cúramach faoin lagmhisneach sa tseirbhís phóilíneachta agus a chinntiú nach ligtear don drochbhail atá ar an tseirbhís phóilíneachta a dhul in olcas a thuilleadh.

4/2/2010 Police Stations in Northern Ireland

Ba é bunadh agus forbairt an PSNI mar chomharba ar an RUC an chéim ba rathúla a d’eascair as Comhaontú Aoine an Chéasta agus ‘próiseas na síochána’. Athrú suntasach ab ea é tacaíocht an phobail náisiúnaigh chomh maith leis na haontachtaithe a bheith ag an tseirbhís phóilíneachta. Ceapadh gur ré órga a bhí i ndán do Thuaisceart Éireann; deireadh le feachtais na bparaimíleatach agus  bláthú na gnáthphóilíneacht. Seirbhís den scoth a bheadh faoi scrúdú ag bord agus ombudsman; gairm a mbeadh póilíní mórtasach aisti.

Conas a tharla sé mar sin go ndúirt 96% de phóilíní go raibh lagmhisneach ag goilliúint ar an PSNI agus go dúirt breis is seachtar as gach deichniúr go raibh siad in isle brí go pearsanta freisin? Cónaidhm na bPóilíní, an ceardchumann don chonstáblacht suas go dtí leibhéal an phríomhchigire, a d’ordaigh an suirbhé. Gan dabht, bhí siad ag tochras ar a gceirtlín féin mar is fada iad ag maíomh go raibh róbhrú ar a mballraíocht de bharr ciorruithe foirne, ciorruithe ar an mbuiséad agus an chontúirt ó na heasaontóirí poblachtacha.

Deir an Chónaidhm gur chinntigh siad go mbeadh an suirbhé neamhspleách, gan chlaonadh mar gur fhostaigh siad grúpa seachtrach chun é a dhéanamh. Foireann acadúil a dhéanann obair den tsort céanna i Sasana agus sa Bhreatain  Bheag a rinne é agus trí cheistneoir ar líne a bhí i gceist. D’fhreagair os cionn 2,500 duine an suirbhé – sin 37% den fhoireann uilig san PSNI.

Caithfear a chur san áireamh gur dóichí gurb iad na daoine atá míshasta a fhreagraíonn a leithéid de cheistneoir; amannta ní bhacann an duine sona leis. Mar sin féin, is údar buartha é go raibh an céatadán a d’fhreagair chomh  goilliúnach sin agus gurb ionann iad agus timpeall 40% den fhoireann iomlán. B’iad na príomhchuiseanna leis an lagmhisneach ciorruithe ar an mbuiséad  agus athstruthtúrú inmheánach. I gcás oifigigh a ‘d’fhulaing’ an-chuid athruithe, dúirt an t-iomlán nach mór (97.4%) gur lagú meanman dóibh é.

Mhaígh an Chónaidhm nach mór gníomhú go práinneach chun an tseirbhís a chosaint. D’admhaigh an PSNI go raibh a fhios ag an gceannaireacht gur fadhb mhór é an lagmhisneach don tseirbhís. Ba é an lagtráth eacnamaíochta agus a thoradh an phríomhchúis, dar leis an bPríomh-Chonstabla Cúnta. Dúirt an ACC Chris Noble gurb iad na hathruithe ar phá, ar phinsean agus ar chúinsí oibre ba chionnsiocair leis an ísliú meanman. Gheall sé go gcomhoibreofaí leis an gCónaidhm chun na fadhbanna a fhuascailt.

Níor dhúirt sé tada faoi mhéadú ar an mbuiséad mar tá a fhios ag an saol gur  ciorruithe sa bhreis atá i ndán do sheirbhísí poiblí muna dtarlóidh míorúilt sna cainteanna i Stormont a scaoilfidh an glas ar sparán an tSeansailéara.

Nuair a bunaíodh an PSNI, mhol Coimisiún Patten gur 7,500 oifigeach ba  cheart a bheith ann. Dá réir sin, tá 800 oifigeach in easnamh faoi láthair, dar leis an bhFeisire Ian Paisley, a dúirt go mbeadh an DUP i Westminster ag éileamh a thuilleadh airgid ón Rialtas. Caolsheans go mbeidh rath ar a saothar.

Ar bhealach, níl aon difear idir an PSNI agus go leor seirbhísí eile – na hIontaobhais Sláinte, mar shampla. Tá easpa airgid ag goilliúint orthu uilig agus go leor ag casaoid faoi easpa foirne. Tá gá le slánú orthu go léir – a thuilleadh atheagair ar ospidéil, abair.

Ach i gcás an PSNI, is seirbhís óg é a bhfuil cosaint ar leith de dhíth lena thabhairt chun aibíochta. Níl na póilíní thar mholadh beirte uaireanta; níl  a gcuid fiosruithe ar choireanna gan locht, go háirithe i dtaca le hiar-pharaimíleataigh agus paraimíleataigh reatha. Caitheann na sluaite acu uaireanta an chloig ag déileáil le timpistí bóthair agus tógann sé achar i bhfad rófhada orthu glaonna faoi bhriseadh isteach agus a leithéid a fhreagairt.

Don chuid is mó, áfach, is gnáthlochtanna atá orthu mar a bheadh ar a macasamhail in áit ar bith eile. Dul chun cinn thar na bearta is ea é sin.

Ceisteoidh Bord na bPóilíní an Príomh-Chonstábla, George Hamilton an tseachtain seo chugainn faoin a chur chuige maidir leis an lagmhisneach. Beifear ag súil go mbeidh seift aige. Ach ní airsean amháin ba cheart don ualach titim. Is gnó don aicme pholaitiúil ar fad agus don phobal é a chinntiú nach ligtear don drochbhail atá ar an tseoid is luachmhaire a cruthaíodh le scór blianta a dhul in olcas a thuilleadh.

Fág freagra ar 'Conas a tharla sé go bhfuil lagmhisneach ar 96% de phóilíní an PSNI?'