Conarthaí aistriúcháin Gaeilge €5.1 milliún bronnta ar 13 comhlacht

Cuireadh na conarthaí d’obair aistriúcháin an Stáit ar tairiscint mí Lúnasa 2016 agus fógraíodh na buaiteoirí an mhí seo

Conarthaí aistriúcháin Gaeilge €5.1 milliún bronnta ar 13 comhlacht

Beidh na comhlachtaí i mbun obair aistriúcháin an Stáit, ag aistriú preasráiteas, foirmeacha iarratais, ceistneoirí, comhfhreagras, tuarascálacha bliantúla, bileoga eolais, ailt nuachtáin agus ábhar eile nach iad

  26 conradh bronnta ar 13 comhlacht aistriúcháin atá lonnaithe in Éirinn le tabhairt faoi obair aistriúcháin an Stáit.

Cuireadh na conarthaí ar tairiscint mí Lúnasa 2016 agus fógraíodh na buaiteoirí an mhí seo.

Beidh na comhlachtaí ag aistriú preasráiteas, foirmeacha iarratais, ceistneoirí, comhfhreagras, tuarascálacha bliantúla, bileoga eolais, ailt nuachtáin agus ábhar eile.

Beidh reachtaíocht, ionstraim reachtúla, chomh maith le cáipéisí teicniúla, leighis, airgeadais, agus eacnamaíochta á n-aistriú freisin.

Is iad na comhlachtaí aistriúcháin a fuair na conarthaí an mhí seo, Language Training and Translation, STAR Translation Service, WordPerfect Translations, Stealth Translations, Céad Míle Focal, Central Translations, Ling, Snasta, TMG Translation Services, agus Europus.

Is é Europus an t-aon chomhlacht Gaeltachta ar éirigh leo sa phróiseas tairisceana agus d’éirigh le dhá chomhlacht atá lonnaithe ó thuaidh den teorainn – Stealth Translations agus Central Translations.

Bronnadh conarthaí freisin ar thriúr saoraistritheoirí — Colm Breathnach, agus beirt as Contae Lú nár ainmníodh.

Tá na conarthaí roinnte i dtrí rannóg. Baineann na conarthaí sa chéad rannóg le seirbhísí bainistithe aistriúcháin Gaeilge, baineann conarthaí an dara rannóg le haistriúcháin speisialta “ardleibhéil” agus baineann conarthaí an tríú rannóg le soláthar “gnáthaistriúcháin” Gaeilge.

Deirtear go mbeidh na dreamanna ar éirigh leo ag cur seirbhísí ar fáil d’airí rialtais na hÉireann, do ranna rialtais, d’údaráis sláinte agus oideachais, don Gharda Síochána, don tseirbhís phríosúnachta, agus do na fórsaí cosanta.

Is fiú €5.1 milliún na conarthaí aistriúcháin seo.

Fág freagra ar 'Conarthaí aistriúcháin Gaeilge €5.1 milliún bronnta ar 13 comhlacht'

  • Harriet P.

    €5.1 milliún bronnta ar chomhlachtaí príobháideacha, dhá cheann acu lonnaithe i Stát eile, chun cáipéisí oifigiúla an Stáit a aistriú… An fiú Rannóg an Aistriúcháin againn a bheith againn, i ndáiríre?

  • maitiu

    An fiu a bheith ag aistriu oiread sin rudai nach leitear ar chor ar bith? Ta prainn agus fiuntas i bhfad nios mo ag roinnt le rudai eile.

  • Mártan Ó Náraigh

    Aontaim go hiomlán le Maitiu. Ceist mhaith agus breith mhaith. Níl buntáiste ar bith don Ghaeilge san chaiteachas seo.