Conamara fós ina thine dhearg agus Coillte den tuairim gur tine a lasadh d’aon ghnó is cúis leis

Tá os cionn 3,500ha de choillte agus talamh portaigh scriosta ag an tine cheana féin agus meastar go bhfuil suas le 2,000ha eile i mbaol a loiscthe go fóill

Conamara fós ina thine dhearg agus Coillte den tuairim gur tine a lasadh d’aon ghnó is cúis leis

Tá an tine mhór ar an gClochbhaile i gConamara fós ar lasadh agus iarrachtaí ar bun i gcónaí í a cheansú. D’fhógair Coillte ar maidin go bhfuil cur chuige éigeandála ar bhonn réigiúnda i bhfeidhm anois agus oibrithe ó Choillte féin, Briogáid Dóiteáin na Gaillimhe agus an tAerchór ag obair ar an láthair ó 5.30 am.

Tá Coillte anois go láidir den tuairim gur tine a lasadh d’aon ghnó ba chúis leis an tine mhór mhillteach — an tine is measa dá sórt le 40 bliain anuas — cé nach bhfuil siocair na tine deimhnithe fós.

Tá héileacaptair mhíleata agus eile ag doirteadh uisce ar an tine ó mhoch maidine inniu. Tá an tArm ar an láthair chomh maith ó mhaidin ag cabhrú le bunanna na gcrann a bhearradh in iarracht stop a chur le scaipeadh na tine. Táthar ag díriú inniu ar an tine a smachtú ar láithreacha éagsúla, ina measc an ceantar atá timpeall ar Pháirc Ghaoithe na Gaillimhe.

Tá os cionn 3,500ha de choillte agus talamh portaigh scriosta ag an tine cheana féin agus meastar go bhfuil suas le 2,000ha eile i mbaol a loiscthe go fóill.

Meastar go bhfuil idir 20 agus 30 tine shléibhe ar lasadh ar fud na tíre faoi láthair ach deir Coillte gurb í tine Chonamara an ceann “is tromchúisí” acu.

Tá Coillte, an Bhriogáid Dóiteain agus an Rialtas ag impí ar an bpobal gan dul in aice leis na tinte.

Fág freagra ar 'Conamara fós ina thine dhearg agus Coillte den tuairim gur tine a lasadh d’aon ghnó is cúis leis'