COMÓRTAS/FÍSEÁN: Love Leabhar Gaeilge – 18 leabhar nua le buachan!

18 de leabhair bhreátha atá ar an Liosta Leabhar don Nollaig atá fógartha ag Love Leabhar Gaeilge agus iad ar fad le buachan ag duine de léitheoirí Tuairisc.ie!


FÍSEÁN FÓGRAÍOCHTA AGUS COMÓRTAS


COMÓRTAS LOVE LEABHAR GAEILGE i gCOMHAR le TUAIRISC.ie

18 de leabhair bhreátha atá ar an Liosta Leabhar don Nollaig atá fógartha ag Love Leabhar Gaeilge – an feachtas margaíochta atá á eagrú ag Cumann na bhFoilsitheoirí i gcomhar le siopaí leabhar na tíre. I gcomhar le Love Leabhar Gaeilge, tá na leabhair sin ar fad le buachan ag duine de léitheoirí Tuairisc.ie. Le bheith istigh ar an gcomórtas seo, níl le déanamh ach dul go dtí an nasc seo ar ár leathanach Facbook agus ‘like’ agus ‘share’ a thabhairt don phostáil.

Idir an dá linn, bainigí súp as an bhfíséan thuas. Is iad na saothair atá luaite ann ná Scáil an Phríosúin le Anna Heussaf (Cló Iar-Chonnacht), Mise Raiftearaí, An Fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata), agus An Prionsa Beag le Antoine De Saint-Exupéry (Eabhlóid).

 


Aisling nó Iníon A-2Aisling nó Iníon A

Foilsitheoir: Cois Life,
Údar: Éilís Ní Dhuibhne

Úrscéal dár ré féin ina ndéantar mórcheisteanna conspóideacha a phlé, ginmhilleadh ina measc. Scéal Aisling atá san úrscéal comhaimseartha seo. Déagóir í a tógadh i dteaghlach an-choimeádach traidisiúnta i mBaile Átha Cliath. Ceistíonn sí prionsabail a máthar, prionsabail dhiongbháilte na heite deise. Agus an choimhlint eatarthu ag géarú, tarlaíonn tubaiste a athraíonn a saol go hiomlán agus a spreagann ceisteanna faoi gach rud a chreid siad cheana.

 

 


An Prionsa Beag-2An Prionsa Beag

Foilsitheoir: Éabhlóid
Údar: Antoine De Saint-Exupéry

Bíonn ar phíolóta a theacht anuas i lár ghaineamhlach an tSahára nuair a bhriseann an t-inneall ina eitleán … agus as sin a thig ceann de na scéalta is iontaí a hinsíodh ariamh, faoi mar a chas an píolóta leis an phrionsa bheag. Fáthscéal dodhearmadta é do pháistí agus do dhaoine fásta, agus léaráidí daite ón údar é féin ann. Cuirfidh an scéal seo faoi gheasa sibh.

 

 

 


Cúraille i gCeannasCúraille i gCeannas

Foilsitheoir: An tSnáthaid Mhór,
Údar: Caitríona Nic Sheáin agus Andrew Whitson

Is maith le Cúraille bheith i gceannas. Bhuel, is é sin le rá gur maith le Cúraille labhairt faoi bheith i gceannas. Ach nuair a chailleann sé a dheartháir beag, Bobo, is ansin a fhoghlaimíonn Cúraille cén fhíorchiall atá le bheith i gceannas.

 

 


Dílis-2Dílis

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
Údar: Réaltán Ní Leannáin

Cnuasach gearrscéalta le scríbhneoir nua. Tiomsaithe faoi chlúdach an leabhair seo tá téamaí casta an ghrá, briseadh croí agus díoltas, bás agus buairt an tsaoil. Is iomaí cor a chuireann an saol di agus is iomaí cor atá i ndán don léitheoir sa chnuasach ilghnéitheach seo.

 

 


Ealu as an LiosÉalú as an Lios

Foilsitheoir: Leabhar Breac,
Údar: Aoife Ní Dhufaigh

Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde.

Tá Luisne fiosrach faoi Dhomhan na nDaoine nó ‘An Domhan Thuas’. Tá bealaí rúnda le taisteal amach as Domhan na Sí ach ní thugtar an t-eolas seo do shióga óga! Ach le gliceas, aimsíonn Luisne ceann de na bealaí rúnda, agus éalaíonn sí féin agus a cara Deirdre go dtí an Domhan Thuas. Cé go bhfeiceann siad rudaí iontacha ann, faraor, ní oibríonn a gcuid pleananna amach mar a shíl siad … agus is gearr go mbíonn an bheirt i dtrioblóid!

 


Íbíotsa-WebÍbíotsa

Foilsitheoir: Cois Life
Údar: Labhrás Ó Finneadha

Gearrscéalta a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin. Téigh go Ibiza ar feadh coicíse agus tá sé romhat amach: lá ar an trá gan náire; cosa go hascaillí; codladh gan dúiseacht ar an tsráid; priocadh na díchéille; an t-ál fáin; aistear an aithreachais; tobac agus ól ar an gcúlráid; tonnadh chun na síoraíochta; agus fiú cá bhfios cé a chasfaí ort?

 


i_dtr_strainsartha_xxI dTír Strainséartha

Foilsitheoir: Leabhar Breac
Údar: Liam Mac Cóil

AN DARA LEABHAR SA tSRAITH ‘LUCÁS Ó BRIAIN’ (An Litir). In Éirinn, earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir.

Seo é an dara leabhar i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí.

 


I Measc Vaimpírí

Foilsitheoir: Cois Life
Údar: Orna Ní Choileáin

Tá Ailfí agus Marius, a chara vaimpíre, sa Trasalváin. An bhféadfadh an vaimpír eitilt a mhúineadh dá chara? Nó a áitiú air triail a bhaint as cónra? Ach is nithe iad siúd atá ag cur intinn na mbuachaillí ar seachrán ón gcúis ar tháinig siad chuig tír na vaimpírí ar an gcéad dul síos. Agus cá fhad a mhairfidh siad ann? Do dhaoine óga fásta (10-13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois!

 


Idir_Neamh_is_TalamhIdir Neamh is Talamh

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
Údar: Joe Steve Ó Neachtain

Cnuasach gearrscéalta fíorspéisiúil le Joe Steve Ó Neachtain. Ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2015. Coiscéimeanna neamhshaolta i ndubh na hoíche ag coinneáil comhluadair le fear óg ar a bhealach abhaile tar éis céilí; scuaine na marbh ag siúl roimh éirí na gréine; buachaill óg le feiceáil aríst ag a dheartháir blianta fada tar éis a bhá, ach i riocht eile – mar a deir an t-údar féin: “mo leagan fhéin den chineál scéalaíochta a bhíodh ag cur daoine á gcoisreacan fhéin le linn m’óige.” Ach ní síscéalta ná scéalta taibhsí amháin atá sa gcnuasach seo: tá scéalta ann faoi iontais na hóige, faoi uaigneas na seanaoise, faoi theaspach an ghrá. Is suarach an biachlár nach bhfuil éagsúlacht blas air.

 


Lá Álainn Dainín-2Lá Álainn Dainín

Foilsitheoir: Futa Fata
Údar: Tadhg Mac Dhonnagáin

Caith an lá i gcomhluadar Dainín agus bain taitneamh as na hábhair éagsúla atá le mothú sa leabhar tadhaill (touch ‘n feel) seo – an chéad bhunleabhar dá short sa Ghaeilge!

 


Mise Raifteirí An Fíodóir Focal-2Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal

Foilsitheoir: Futa Fata,
Údar: Tadhg Mac Dhonnagáin

Seo scéal Antaine Uí Reachtabhra, mac fíodóra a chaill radharc na súl agus é ina pháiste, fidléir a chaith a shaol ag fánaíocht thart ar chontae na Gaillimhe, file a labhair amach, gan fuacht gan faitíos, ar son pobail a bhí brúite bascaithe.

 


Na Comharthaí-2Na Comharthaí

Foilsitheoir: Leabhar Breac
Údar: Darach Ó Scolaí

Suite sna blianta 2008-09 in Éirinn, i bPáras agus sa Tuirc, is úrscéal ar théama na géillsineachta agus na saoirse intinne é Na Comharthaí, saothar a phléann lena dtarlaíonn nuair is í an tsaoirse a roghnaíonn duine dó féin an umhlaíocht lom, agus nuair is é an géilleadh sin a ardaíonn sa saol é.

Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil. Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa. Neartaithe ag an tuiscint sin, agus tiomnaithe dá dhualgas bunaidh, déanann sé a bhealach tríd an saol, ón ollscoil i nGaillimh go dtí a chéadsearc Nadín, agus óna chéad phost i mBaile Átha Cliath go dtí a thumadh i gcultas an Rí. Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nuaaoiseach.

 


Ná Gabh ar Scoil-2Ná Gabh ar scoil

Foilsitheoir: Futa Fata,
Údar: Máire Zepf

Tá Cóilín ina shuí go moch – inniu a chéad lá ar scoil! Tá éadaí nua aige, tá mála scoile nua aige agus tá a bhosca lóin lán le bia deas. Ach tá fadhb amháin aige – níl Mamaí ag iarraidh ligean dó dul ar scoil!

 

 


Nollaig Shona a Chúigir-2An Cúigear Cróga: Nollaig Shona a Chúigir

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
Údar: Enid Blyton

Oíche Nollag í agus tá an Cúigear ar bís. Ach nuair a thosaíonn Timmy ag tafann in ard a ghutha, cuirtear amach é agus tugtar deis do ghadaí teacht isteach agus na bronntanais a ghoid! An éireoidh le Timmy cúrsaí a chur ina gceart?

 

 


Oíche Chiúin-2Oíche Chiúin

Foilsitheoir: Futa Fata,
Údar: Werner Thuswaldner

Scéal draíochtúil an amhráin Stille Nacht, Heilige Nacht, ón gcéad uair a canadh go poiblí é, anuas go dtí an lá inniu, agus é ar eolas ag daoine ar fud na cruinne ina dteanga féin. CD san áireamh de phríomhamhránaí Gugalaí Gug!, Caitlín Ní Chualáin.

 

 


RaicRaic

Foilsitheoir: Leabhar Breac
Údar: Máire Uí Dhufaigh

In Oileán na Leice, ar chósta thiar na hÉireann, níl ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi a gcaithfidh sí féin is a cairde laethanta fada an tsamhraidh – agus cén chaoi a meallfaidh sí Séamas Jim, dár ndóigh. Agus nach uirthi atá an ríméad nuair a éiríonn léi jab samhraidh a fháil ar an oileán, sa ghnó céanna a bhfuil Séamas ag obair ann! Ach in ainneoin a hiarrachtaí, is beag spéis a léiríonn sé inti. Chun éad a chuir air téann sí amach le fear eile ar an oileán, fear óg a bhfuil suim aige inti, agus cuirtear tús le heachtraí a fhágann Caitríona í féin agus a cairde i mbaol a mbáite. Nasctar déagóireacht agus rómánsaíocht an tsamhraidh go paiteanta le scéinséir a bhaineann le gadaithe neamhscrupallacha agus le long lastais luachmhar ar thóin na farraige.

 


Scáil an PhríosúinScáil an Phríosúin

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht,
Údar: Anna Heussaff

Seo an tríú húrscéal coiriúlachta do dhaoine fásta le Anna Heussaff. Scéal mistéire fíorspéisiúil a lúbann anonn is anall go dtí an leathanach deireanach. Baineann an scéal seo le dhá dhúnmharú faoi leith san áit chéanna. Príosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. Tréimhse céad bliain idir an dá choir ach cén ceangal atá eatarthu?

 


 

Liosta siopaí

1. David Walsh, Dún Garbháin
2. Scéal Eile Books, Inis
3. Crannóg Books, An Cabháin
4. Castle Bookshop, Caisleán an Bharraigh
5. Charlie Byrne’s Bookshop, Gaillimh
6. Liam Ruiséal, Corcaigh
7. Hodges Figgis, BÁC
8. Waterstones, Corcaigh
9. Waterstones, Droichead Átha
10. Dingle Bookshop, An Daingean
11. The Bookcentre, Bealach an Fhéich
12. The Bookcentre, Cill Chainnigh
13. The Bookshop, Cathair na Mart
14. O’Mahony’s, Luimneach
15. O’Mahony’s Trá Lí
16. Bookworm Bookshop, Thurles, Co. Tipperary

Fág freagra ar 'COMÓRTAS/FÍSEÁN: Love Leabhar Gaeilge – 18 leabhar nua le buachan!'