Comórtas Pan-Cheilteach

Plúr na n-amhrán roghnaithe le haghaidh an chomórtais Phan-Cheiltigh

Pan Cheilteach Amhrán Náisiúnta 2015

Tá an gearrliosta don chomórtas náisiúnta amhrán Pan-Cheilteach 2015 fógartha.

Tar éis suas le tríocha iarratas a fháil, tá 12 amhrán nuachumtha roghnaithe le haghaidh Chraobh Náisiúnta an chomórtais seo, a reáchtálfar in Ostán Seven Oaks, Ceatharlach, ar an Satharn, 7 Márta i mbliana.

I measc na n-amhrán a chloisfear ag an gcraobh, tá ceithre cinn as Co. na Gaillimhe, cúig cinn as Baile Átha Cliath chomh maith le ceann amháin as contaetha Chiarraí, Thír Chonaill agus Thiobraid Árann.

Cuirfidh amhránaithe aonair, grúpaí ceoil agus bannaí ceoil na hamhráin i láthair beo ag an ócáid ghalánta seo os comhair lucht féachana agus painéal de thriúr mholtóirí. Beidh an ceoltóir aitheanta Ollie Hennessy ina fhear an tí.

Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an chur i láthair. Osclófar na doirse ag 7.30i.n. agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 8.00. Beidh fáilte roimh chách. Cead isteach €10 agus beidh lascaine speisialta do ghrúpaí de chúigear @ €8 an ticéad.

IMRO atá ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn agus Glór Cheatharlach. Bronnfar trí dhuais ar an oíche le €100 don tríú háit, €200 don dara háit agus €1,000 don chéad áit.

Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh chun canadh ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2015 i gCathair Dhoire um Cháisc, tráth a bheidh an t-amhrán buachach san iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ag Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, an Choirn agus an Bhriotáin chun trófaí Pan-Cheilteach agus príomhdhuais na féile €1,500 a bhuachtaint.

– Craobh Náisiúnta Chomórtas Amhran Pan-Cheilteach: Dé Sathairn, 7 Márta, Ostán Seven Oaks, Ceatharlach. Tuilleadh eolais: 087 2857048 nó 085 1340047 nó seol ríomhphost chuig pancelticcarlow@gmail.com