Comóradh le déanamh in Árainn Mhór ar Peadar O’Donnell

Bhí baint mhór ag an scríbhneoir, ceardchumannaí, sóisialaí agus poblachtánach leis an oileán amach ó chósta Dhún na nGall

Comóradh le déanamh in Árainn Mhór ar Peadar O’Donnell

Déanfar comóradh an tseachtain seo chugainn ar an scríbhneoir, ceardchumannaí, sóisialaí agus poblachtánach Peadar O’Donnell.
Mar chuid den chomóradh, beidh cainteanna, ceol le ceoltóirí an oileáin, agus turas stairiúil thart ar an oileán ar siúl. Beidh na himeachtaí á reáchtáil sa dá theanga. Bhí an Dálach tamall ina phríomhoide ar Scoil Náisiúnta na Leidhbe Gairbhe ar an oileán.
Cuirfear tús leis an gcomóradh Dé Sathairn an 24 Meán Fómhair nuair a dhéanfaidh Dónal Donnelly, dlúthchara de chuid an Dálaigh, portráid de a nochtadh sa Chultúrlann ar an oileán.
Beidh cainteanna ar siúl le linn an chomórtha ar ghnéithe de shaol O’Donnell. I measc na gcainteoirí beidh Des Geraghty, iar-uachtarán ar an gceardchumann SIPTU, Seán Ó Cnáimhsí ó Chumann Seanchais agus Staire Dhún na nGall, Séamas Mac Ruairí, an polaiteoir a chaith blianta ina rúnaí ceardchumainn agus Seán Ó Baoill ó Chumann Múinteoirí Éireann.
Coiste áitiúil atá ag eagrú na hócáide 30 bliain ó fuair O’Donnell bás in aois a 93 bliain.
Agus é in Árainn Mhór i 1916, bhunaigh O’Donnell ceardchumann don mhuintir a théadh go hAlbain ag piocadh prátaí. Ba é sin an chéad uair ar cuireadh a leithéid de cheardchumann ar bun ar an oileán.
Ba gníomhaí láidir san ITGWU é O’Donnell ina dhiaidh sin agus baint aige le bunú na ‘sóivéide’ a fógraíodh san ospidéal síciatrach i Muineachán i 1919 nuair a cuireadh an brat dearg ar foluain os cionn an ospidéil.
Chuaigh sé leis an IRA ansin agus chuir sé i gcoinne an Chonartha i 1922. Sna 1930idí, scar sé leis an IRA toisc nach raibh an dearcadh acu láidir a dhóthain ó thaobh an tsóisialachais dó.
B’úrscéalaí aitheanta é agus déanann a shaothar cur síos ar an saol a bhí ag cosmhuintir Dhún na nGall ag tús an 20ú haois.

I measc na n-úrscéalta a chum sé, bhí Storm, Islanders agus The Big Windows. D’aistrigh Seosamh Mac Grianna dhá leabhar leis Islanders agus go Gaeilge mar Muintir an Oileáin agus Eadarbhaile. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na hirise liteartha The Bell.
Scríobh sé, leis, alt cumasach ar Bhá Árainn Mhóir i 1935, mar ar bádh 19 duine a bhí ag filleadh abhaile i ndiaidh séasúr oibre a dhéanamh in Alban.
Tá tuilleadh eolais faoi chomóradh Peadar O’Donnell le fáil ó Chomharchumann Árainn Mhór (074 9520533 nó 074 9520995).

Fág freagra ar 'Comóradh le déanamh in Árainn Mhór ar Peadar O’Donnell'