‘Machnamh’ á dhéanamh ag an Roinn Oidhreachta ar chomóradh bhás Thomáis Ághas

Thug an tAire Humphreys le fios sa Dáil go bhfuil tacaíocht tugtha ag a Roinn d’ócáidí éagsúla cuimhneacháin i gcontae Chiarraí cheana féin ach go bhfuil 'machnamh' á dhéanamh faoi chomóradh mór i mí Mheán Fómhair

‘Machnamh’ á dhéanamh ag an Roinn Oidhreachta ar chomóradh bhás Thomáis Ághas

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta Heather Humphreys ag breathnú ar na féidearthachtaí atá ann maoiniú a chur ar fáil le comóradh a dhéanamh ar bhás an Óglaigh, Tomás Ághas, a bhí i gceannas i gCill Dhéagláin, i gContae na Mí, le linn Éirí Amach na Cásca 1916.

Ba as Lios Póil i nGaeltacht Chiarraí é an tÁghasach, a fuair bás agus é ar stailc ocrais ar an 25 Meán Fómhair 1917. Ba bhall de Chonradh na Gaeilge agus de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann é agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann a bhí ann.

Thug an tAire Humphreys le fios sa Dáil go bhfuil tacaíocht tugtha ag a Roinn d’ócáidí éagsúla cuimhneacháin i gcontae Chiarraí cheana féin ach go bhfuil “machnamh” á dhéanamh ag foireann na Roinne faoi na bealaí a bhféadfaí comóradh a dhéanamh mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Gabhadh Tomás Ághas i mBaile Átha Cliath i Lúnasa na bliana 1917 mar gheall ar óráid a thug sé i gContae Longfoirt an mhí sin. Gearradh téarma príosúnachta dhá bhliain air ach d’éiligh sé féin, Fionán Ó Loinsigh agus Aibhistín de Staic stádas cimí cogaidh.

Chuige sin, chuaigh Ághas ar stailc ocrais ar an 20 Meán Fómhair. Cothaíodh in aghaidh a thola é agus fuair sé bás de bharr “the inhumane and dangerous operation performed [on him], and other acts of unfeeling and barbaric conduct”, mar a dúirt an giúiré ag an gcoiste cróinéara.

Bhí tionchar mór ag bás an Ághasaigh agus ag an tsochraid mhór a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath ar mheon mhuintir na hÉireann i leith na Sasanach sna blianta idir Éirí Amach na Cásca 1916 agus Cogadh na Saoirse i 1919.

Fág freagra ar '‘Machnamh’ á dhéanamh ag an Roinn Oidhreachta ar chomóradh bhás Thomáis Ághas'