‘Our boys won’t even talk’ – An dtiocfar ar chomhthuiscint sa deireadh?

Tá an rogha níos soiléire anois ná riamh. Comhréiteach éigin, nó olltoghchán eile.

Sam Boal/Rollingsnews.ie
Sam Boal/Rollingsnews.ie

Is easpa comhthuisceana is bunús le gach achrann agus i gcothú comhthuisceana a bhíonn an síol réitigh. Is é sin, má theastaíonn réiteach ón lucht achrainn.

Tá dhá shainmhíniú ar an bhfocal ar an líonláithreán foclóra www.tearma.ie a léiríonn a thábhacht. Oireann siad araon do aon duine atá i mbun machnaimh ar éagumas ár dTeachtaí Dála rialtas nua a thoghadh.

Comhthuiscint: mutual understanding (Reiligiún), common understanding (Government).

Léiríonn toradh éiginnte an olltoghcháin agus an caidreamh gan mhaith ó shin idir Fine Gael, Fianna Fáil agus Sinn Féin mór-easpa comhthuisceana. Ní ar na príomhpháirtithe amháin atá an milleán – níl na vótóirí gan locht – ach is orthusan atá an fhreagracht teacht ar chomhthuiscint éigin faoi rialú na tíre.

Is furasta dearmad a dhéanamh, agus cineálacha éagsúla rialtais á síorchur as an áireamh acu, ar dhá chúis shuntasacha:

Uimhir a hAon: Is comhaltaí d’Fhine Gael (50), d’Fhianna Fáil (44), nó Sinn Féin (23) iad 75 faoin gcéad (117 Teachta) den Dáil a thoghamar sé seachtainí ó shin.

Uimhir a Dó: Níl ach 23 Neamhspleách (thart ar a cúig déag faoin gcéad den bhallraíocht iomlán) sa Dáil nua.

Is léiriú é ionchur láidir na Neamhspleách go dtí seo sna cainteanna faoi chur le chéile rialtais nua, ar an easpa scanrúil comhthuisceana idir na páirtithe móra.

Spreagann caint ar chomhthuiscint cuimhne láithreach ar phróiseas síochána Thuaisceart Éireann. Ar feadh blianta fada roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 (agus ina dhiaidh) dúirt polaiteoirí agus státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath leis an scríbhneoir seo arís agus arís eile gur theastaigh comhthuiscint thar aon rud eile uathu. Chuireadar béim i gcónaí, go háirithe nuair a bhí an chuma ar an scéal go raibh an próiseas ag dul ar gcúl, ar bhunú agus ar neartú comhthuisceana. Ní bheadh rath dá cheal, dar leo, ar an togra nua polaitiúil ó thuaidh, nó idir rialtais na hÉireann agus na Breataine.

Chuir John Halligan, Teachta neamhspleách as Port Láirge, an tslí inar ghlac deargnaimhde ar fud an domhain páirt i gcomhráite i gcomparáid le neamhthoil na bpríomhpháirtithe abhus. Ní raibh sé ina aonar.

Our boys won’t even talk,” a dúirt an Teachta nuathofa Michael Collins Dé hAoine nuair a thagair sé don chontrárthacht chéanna idir aighnis ghéara i gcéin agus an t-aighneas polaitiúil abhus.

Cuirfear dlús leis an gcaint idir Fine Gael agus na Neamhspleáigh idir seo agus an chéad chruinniú eile den Dáil Déardaoin seo chugainn. Ach ní féidir rialtas de chineál ar bith a chur ar bun a mhairfeadh níos mó ná cúpla mí go dtí go dtagann Fine Gael agus Fianna Fáil ar chomhthuiscint éigin.

Réiteach gearr nó fada, beacht nó ginearálta, gearrthéarmach nó fadtéarmach. Is cuma. Ní féidir le rialtas ar bith tabhairt faoina ghnó, murar féidir leis a bheith cinnte faoi bhunphointí a chláir oibre – faoi cháinaisnéis na bliana seo chugainn, mar shampla, agus faoi ábhair thábhachtacha eile. Cúrsaí sláinte mar shampla, agus cúrsaí tithíochta, agus, gan dabht, táillí uisce.

Ní chuideoidh an droch-chaidreamh idir Enda Kenny agus Micheál Martin le seachtain anuas le cur i- crích an tsaothair seo. Ach ní féidir plé dáiríre agus tógáil chomhthuisceana a sheachaint, ná ní féidir teacht ar réiteach gan stró. Fiú má thosaíonn caint dáiríre eatarthu an tseachtain seo chugainn, ní thiocfar ar réiteach roimh am vótála sa Dáil Déardaoin.

Ar ndóigh, bheadh léargas eile romhainn dá mbeadh ceachtar páirtí toilteanach labhairt le Sinn Féin, agus dá mbeadh Sinn Féin toilteanach labhairt dáiríre leo. Faoi láthair, ní léir aon athrú ar an neamhthoil seo ar chaon taobh.

Cén sórt rialtais a bhunófar de thoradh an phlé idirpháirtí atá romhainn? Rialtas lag gan dabht. Beidh teip ag bagairt air a luaithe a chuirfear iachall air ceist chrua a réiteach.

An bhfuil tuar dóchais ar bith ann? Ceann amháin, b’fhéidir.

Cuimhnigh ar na botúin go léir a rinne rialtais láidre sa tír le deich mbliana anuas, ar a laghad.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar '‘Our boys won’t even talk’ – An dtiocfar ar chomhthuiscint sa deireadh?'