Déantar scoileanna Chois Fharraige a chónascadh le stop a chur le daltaí a bheith ‘ag dul soir’ – Cumann Forbartha

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige nach 'cúnamh ar bith' don teanga 'go mbeadh sciar mhór de dhaltaí Chois Fharraige ag fáil a gcuid oideachais iarbhunscoile i nGaillimh'

Déantar scoileanna Chois Fharraige a chónascadh le stop a chur le daltaí a bheith ‘ag dul soir’ – Cumann Forbartha

Tá éilithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige go ndéanfaí an dá iarbhunscoil sa cheantar Gaeltachta, Coláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal agus Coláiste Cholm Cille in Indreabhán, a chónascadh agus iad ag maíomh nach bhfuil “aon bhunús” leis an gcúis a tugadh deireadh a chur leis an bpróiseas cónasctha dhá bhliain ó shin.

In eagarfhocal Biseach 2016, iris an Comharchumainn, maítear go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtuismitheoirí Gaeltachta atá ag roghnú iarbhunscoileanna i gcathair na Gaillimhe thar an dá iarbhunscoil áitiúla le blianta beaga anuas.

“Ní cúnamh ar bith don fhís sa bPlean Teanga go mbeadh sciar mhór de dhaltaí Chois Fharraige ag fáil a gcuid oideachais iarbhunscoile i nGaillimh. Ní hamháin go lagaíonn sé an ceangal atá ag na daltaí lena n-áit dúchais ach lagaíonn sé an dá scoil freisin,” a scríobhadh san iris.

Cuireadh deireadh leis an bplean an dá scoil sa cheantar a chónascadh i mí Mhárta na bliana seo caite mar gheall ar thaighde a rinne an Roinn Oideachais a léirigh go mbeadh gá leis an dá scoil a choinneáil i gCois Fharraige mar gheall ar an “bhfás suntasach” atá le teacht ar líon na ndaltaí a bheidh sa cheantar sna deich mbliana amach romhainn.

Maíonn an Comharchumann go bhfuil “dul amú” ar an Roinn Oideachais agus gur laghdú a bheidh ar líon na ndaltaí bunscoile sa cheantar idir An Spidéal agus Ros an Mhíl as seo go ceann dhá bhliain.

Tagraítear d’fhigiúirí na Roinne Oideachais féin san alt, agus don laghdú ó 414 dalta go 370 dalta atá tagtha ar líon na ndaltaí iarbhunscoile sa cheantar le bliain anuas.

Deirtear nach bhfuil “comparáid ar bith” idir na háiseanna atá ag scoileanna na Gaeltachta agus scoileanna na cathrach agus gur “deacair locht a fháil” ar thuismitheoirí Gaeltachta a chuirfeadh a gcuid gasúr soir ag an scoil.

“Creideann Cumann Forbartha Chois Fharraige go bhfuil daltaí agus tuismitheoirí i gCois Fharraige i dteideal scoil iarbhunoideachais den chéad ghrád ar aon dul le Coláiste na Coiribe agus gurb é an bealach le sin a bhaint amach ná an dá scoil bheaga atá ann faoi láthair a chomhnascadh agus scoil amháin a bheith ann a fhéadfaidh freastal ar 500 dalta, agus ina mbeadh áiseanna den chéad scoth agus rogha leathan ábhar…” a deirtear san eagarfhocal i Biseach 2016 atá ar fáil anois.

Fág freagra ar 'Déantar scoileanna Chois Fharraige a chónascadh le stop a chur le daltaí a bheith ‘ag dul soir’ – Cumann Forbartha'