Comhlachtaí Gaeltachta san iomaíocht do ghradaim dhigiteacha i nGaillimh

Tá Cló Iar-Chonnacht, Coláiste Lurgan, Micil Poitín agus Lorg Media ainmnithe do na gradaim a aithníonn feabhas na suíomhanna idirlín agus na straitéisí margaíochta digití

Comhlachtaí Gaeltachta san iomaíocht do ghradaim dhigiteacha i nGaillimh

Tá roinnt comhlachtaí Gaeltachta ainmnithe do ghradaim éagsúla i nGradaim Dhigiteacha OMiG (Online Marketing in Galway).

Tá suíomh idirlín na bhfoilsitheoirí Gaeltachta, Cló Iar-Chonnacht, san iomaíocht don ghradam don ‘Suíomh Idirlín Is Fearr’ sa chatagóir do chomhlachtaí a bhfuil níos lú ná deichniúr fostaithe acu. Tá Cló Iar-Chonnacht lonnaithe in Indreabhán i gCois Fharraige, an ceantar Gaeltachta céanna ina bhfuil Coláiste Lurgan, comhlacht eile atá ainmnithe sa chatagóir chéanna.

Is as Indreabhán freisin é Páraic Ó Griallais, bunaitheoir Micil Poitín, comhlacht déanta poitín atá ag dul ó neart go neart le bliain anuas nó mar sin. Tá an comhlacht sin ainmnithe don ‘Margaíocht Dhigiteach is Fearr’ sa chatagóir do chomhlachtaí a bhfuil níos lú ná deichniúr fostaithe acu.

Tá Lorg Media, faoi stiúir Loretta Ní Ghabháin, as Maigh Cuilinn ainmnithe sa chatagóir chéanna le Micil Poitín. Tá an dá chomhlacht san iomaíocht freisin don ghradam ‘Rogha an Phobail’ do chomhlachtaí beaga.

Tá vóta poiblí ar siúl i láthair na huaire agus is féidir vóta a chaitheamh ar shuíomh na ngradam. Tá beagnach 40 comhlacht beaga, ó chathair agus contae na Gaillimhe, ar an liosta sin.

Dúirt Cló Iar-Chonnacht go bhfuil “obair mhór” déanta acu le blianta beaga anuas ar an suíomh idirlín agus ar sholáthar táirgí digiteacha.

“Tá fás tagtha ar líon na ndaoine atá ag ordú leabhar agus ceoil ón suíomh idirlín. An aidhm atá againn leis an suíomh ná eolas fiúntach a chur ar fáil maidir leis na leabhair agus na halbaim atá á soláthar againn.

“Scaipeann muid nuacht maidir le himeachtaí liteartha, leabhair, agus ceol nua ar an rannóg nuachta atá ar an suíomh agus trí na meáin shóisialta. Is cúis áthais dúinn an tacaíocht atá faighte againn ón bpobal agus an comhluadar atá tagtha le chéile ar líne in Éirinn agus ar fud an domhain,” a dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta.

Is í seo an dara bliain a bhronnfar Gradaim Dhigiteacha OMiG. Fuarthas os cionn 200 iarratas ar na gradaim i mbliana agus deir lucht a n-eagraithe go bhfuil “ríméad” orthu faoin spéis atá léirithe iontu.

Bronnfar na gradaim ag ócáid speisialta in Amharclann na Cathrach i nGaillimh an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Comhlachtaí Gaeltachta san iomaíocht do ghradaim dhigiteacha i nGaillimh'