Comhlacht comhairleoireachta fostaithe ag RnaG chun tuairimí na foirne a fháil faoi staid an Raidió

‘An Ród Seo Romhainn’ atá á thabhairt ar an bpróiseas comhairliúcháin seo a bhfuil tús á chur leis an tseachtain seo agus an comhlacht Grid International fostaithe le dul ina bhun

Comhlacht comhairleoireachta fostaithe ag RnaG chun tuairimí na foirne a fháil faoi staid an Raidió

Tá comhlacht comhairleoireachta fostaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta chun tuairimí a bhailiú ó fhoireann an stáisiúin faoi cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an tseirbhís faoi láthair agus faoina bhfuil i ndán di.

‘An Ród Seo Romhainn’ atá á thabhairt ar an bpróiseas comhairliúcháin seo a bhfuil tús á chur leis an tseachtain seo agus is iad an comhlacht Grid International atá fostaithe le dul ina bhun. Mar thús leis an bpróiseas, roghnaíodh baill foirne de chuid RTÉ RnaG le hionadaíocht a dhéanamh ar an bhfoireann ar fad sa phlé le Grid International a chuirfidh agallaimh ar bhaill foirne chomh maith.

Rachaidh na hionadaithe foirne i gcomhairle lena gcomhghleacaithe as seo go ceann sé seachtaine agus cuirfear tús ansin leis an bplé le Grid International agus an bheirt chomhairleoirí a bheidh i bhfeighil ar an bpróiseas, Pádraic Mac Donnchadha agus Séamus Daltún.

Cabhraíonn Grid International le comhlachtaí forbairt a dhéanamh ar an bhfoireann ar fad trí theacht ar straitéisí chun aidhmeanna foirne agus pearsanta a bhaint amach. Deirtear ar shuíomh idirlín Grid International go gcinntíonn an próiseas seo go maolaítear an milleánú agus go dtagtar ar an “réiteach is fearr ar aighnis”.

“Tosaíonn daoine ag breathnú ar na bealaí ar féidir a bheith cruthaitheach agus comhoibritheach. De réir mar a nochtar agus mar a thuigtear na seantuiscintí, éiríonn daoine as an gcaidreamh oibre atá acu agus cothaítear caidreamh oibre a bhíonn níos fearr,” a deirtear ar shuíomh Grid International.

Maíonn Grid International go bhfuil an próiseas seo oiriúnach d’fhoirne seanbhunaithe atá “ag iomrascáil le fadhbanna a chuireann bac ar an gcomhoibriú agus ar an dul chun cinn”.

I measc na ndreamanna ar oibrigh Grid International leo cheana tá an PSNI, Tetra Pak, Unilever agus Exxon. Meastar gurb é seo an chéad uair ar úsáideadh a leithéid de chur chuige comhairliúcháin in RTÉ.

Phléigh an bhainistíocht an próiseas comhairliúcháin ag mórchruinniú foirne inné. Idir an dá linn tugadh le fios go mbeadh Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, ag tabhairt cuairt ar RnaG go luath. Tá Forbes ag obair faoi láthair ar phlean athstruchtúraithe do RTÉ agus ní fios go fóill cén tionchar a bheidh ag an bplean sin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Comhlacht comhairleoireachta fostaithe ag RnaG chun tuairimí na foirne a fháil faoi staid an Raidió'