Beidh comhlacht ar le hÚdarás na Gaeltachta sciar de os comhair na hArd-Chúirte níos deireanaí i mbliana mar gheall ar aighneas faoi dhíol sciar 40% den chomhlacht sin.
Dhíol Maoiniú Mara Teoranta an sciar 40% a bhí acu san fheirm éisc Bradán Beo Teoranta leis an Údarás agus comhlacht eile darb ainm Bradán Muhr Teoranta ar €1.05 milliún.
Níl scairshealbhóirí i Maoiniú Mara Teoranta sásta leis an díolachán, áfach, agus creideann siad go raibh an €1.05 milliún a íocadh i bhfad ró-íseal.
Tá Bradán Beo, an Irish Seafood Producers’ Group, Curraun Fisheries, Mannin Bay Salmon Company agus scairshealbhóirí eile anois i mbun cás dlí. Tháinig an cás sin os comhair na hArd-Chúirte an tseachtain seo caite agus tá éisteacht iomlán beartaithe do mhí Dheireadh Fómhair.
Creideann roinnt de na scairshealbhóirí in Maoiniú Mara Teo gur cheart ceithre oiread an phraghais a d’íoc an tÚdarás agus Bradán Muhr Teo a bheith íoctha acu ar an 40% sin. Fágann an díolachán go bhfuil sciar 50% anois ag an Údarás agus Bradán Muhr Teoranta in Bradán Beo Teoranta.
Rinne na scairshealbhóirí atá ag dul chun cúirte iarracht rún a rith a thabharfadh sciar de bhrabach na feilme éisc amach anseo dóibh, rud a d’fhágfadh an socrú mórán mar a bhí sular díoladh an sciar 40%.
Lorg Bradán Beo ordú ón Ard-Chúirt leis an rún sin a stopadh. Tá an cás le bheith os comhair na hArd-Chúirte mí Dheireadh Fómhair.
Níl an tÚdarás féin bainteach leis an gcás cúirte ó tharla gur Bradán Beo agus scairshealbhóirí de chuid Maoiniú Mara atá i gceist.
Tuairiscíodh san Irish Times inniu go bhféadfaí teacht ar réiteach ar an aighneas roimh an éisteacht san fhómhar. Níl ceachtar de na páirtithe sásta labhairt faoin gcás i láthair na huaire.
Tá Bradán Beo lonnaithe i gCill Chiaráin i gConamara.
Ó Tuairisg
“Níl an tÚdarás féin bainteach leis an gcás cúirte ó tharla gur Bradán Beo agus scairshealbhóirí de chuid Maoiniú Mara atá i gceist.”
Cén chiall atá leis an ceannlíne mar sin?