Comhdháil ar an Ríordánach le reáchtáil le linn Éigse Dhiarmuidín i Múscraí an deireadh seachtaine seo

Tá aird faoi leith á tabhairt ar Sheán Ó Ríordáin i mbliana ag an Éigse ó tharla gur cothrom céad bliain ón Satharn beag seo a rugadh an file

Comhdháil ar an Ríordánach le reáchtáil le linn Éigse Dhiarmuidín i Múscraí an deireadh seachtaine seo

Beidh Comhdháil ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh á reáchtáil mar chuid d’Éigse Dhiarmuidín i Múscraí an tseachtain seo.

Is i gcuimhne an iriseora agus an amhránaí aitheanta Diarmuidín Ó Súilleabháin, a bhásaigh go tragóideach i gCorca Dhuibhne 25 bliain ó shin a reáchtáiltear Éigse Dhiarmuidín, féile a bheidh ar siúl ón Déardaoin, an 1 Nollaig go dtí an Domhnach, an 4 Nollaig.

Tá aird faoi leith á tabhairt ar Sheán Ó Ríordáin i mbliana ag an Éigse ó tharla gur cothrom céad bliain ón Satharn beag seo a rugadh an file.

Tosóidh an Chomhdháil Déardaoin ag 9.30am in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne agus leanfar ar aghaidh léi go dtí an Satharn. Rugadh an Ríordánach i mBaile Bhuirne. D’aistrigh a theaghlach ón mbaile Gaeltachta sin go Inis Cara gar do chathair Chorcaí i ndiaidh bhás a athar, ach ba i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a chaitheadh sé a chuid laethanta saoire. Chónaigh sé ansin ar feadh cúpla mí idir 1952 agus 1953.

Fearacht an Ríordánaigh, rugadh Ó Súilleabháin i Múscraí agus d’aistrigh sé go Corca Dhuibhne, áit a raibh sé ag obair le Raidió na Gaeltachta mar chlár-reachtaire agus iriseoir. Bhásaigh sé i dtimpiste bhóthair ar an 2 Nollaig 1991.

Beidh an léiriú ilmheánach ‘Aisling?’, a léiríodh den chéad uair i Ros Muc an deireadh seachtaine seo caite, á léiriú le linn na hÉigse. Ceiliúradh ar an nGaeltacht le 100 bliain anuas atá sa seó agus tá  plúr d’ealaíontóirí na Gaeltachta páirteach ann. Beidh ‘Aisling?’ á léiriú i gceantair Ghaeltachta eile sna seachtainí amach romhainn.

Beidh Coirm Cheoil Mhór oíche Dé Sathairn i gCúil Aodha ag a mbeidh na ceoltóirí Ailean Domhallanach, Kathleen Macinnes agus Sineag McIntyre ag casadh. Beidh na ceoltóirí céanna ag casadh arís an mhaidin dár gcionn sa seanséipéal i Reilig Ghobnatan.

Beidh ranganna ceoil agus amhránaíochta á dtabhairt ag ceoltóirí aitheanta ar an Satharn, ina measc Muireann Nic Amhlaoibh, Derek Hickey agus Éamonn Cotter. Beidh ranganna damhsa ann freisin ó Rónán Regan, buaiteoir an chomórtais damhsa ar an sean-nós ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2016.

Oíche Dé Sathairn, i ndiaidh na Coirme Ceoil, beidh gig le Pádraig Ó Sé agus a chairde sa Mhúsaem ar chúl an Mhuilinn i mBaile Bhuirne agus seisiún amhránaíochta ar an taobh eile den teach.

Beidh airgead á bhailiú ag an ‘Amhránathon’ a bheidh ar siúl i ndiaidh an Aifrinn tráthnóna Dé Domhnaigh don scéim ‘Aisling Gheal’. Bunaíodh an scéim le hamhráin na háite a mhúineadh do dhaltaí scoile na Gaeltachta. Beidh na daltaí ag canadh roinnt amhrán atá foghlamtha acu le bliain anuas ag an ‘Amhránathon’.

Cuirfear críoch leis an Éigse le seisiún eile amhránaíochta agus ceoil i mBarra a’ Choma ag 3.00 Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Comhdháil ar an Ríordánach le reáchtáil le linn Éigse Dhiarmuidín i Múscraí an deireadh seachtaine seo'