Comhbhrón déanta ag an gConradh ar bhás bhunaitheoir an chéad naíonra lán-Ghaeilge

Níor tugadh an t-aitheantas ceart riamh d’Éilís Uí Dhálaigh a deir Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Éilís Uí Dhálaigh
Éilís Uí Dhálaigh

Tá ómós léirithe inniu ag Conradh na Gaeilge d’Éilís Uí Dhálaigh, bunaitheoir an chéad Naíonra lán-Ghaeilge, a cuireadh i mBaile Átha Luain le linn na seachtaine seo caite. Ba ón mbaile sin ó dhúchas í agus bhí sí deich mbliana agus ceithre scór d’aois.

Dúirt Maolsheachlainn Ó Caollaí, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, nach bhfuair Éilís an t-aitheantas a bhí ag dul di riamh as a cuid oibre i mbunú an chéad naíonra lán-Ghaeilge.

“Díríonn na gradaim agus na haitheantais oifigiúla ar dhaoine cáiliúla a bhfuil aithne ag lucht bronnta na ngradam orthu go minic, agus fágtar na fíorlaochra as an áireamh in amanna, ach is léir gur laoch a bhí in Éilis,” a dúirt sé.

Chomh maith leis an gConradh, bhí baint nach beag aici leis an gCoimisiún le Rincí Gaelacha mar aon le Coiste Náisiúnta na Naíonraí. Ba bhall saoil agus iar-uachtarán den Choimisiún í. Rinne an Conradh agus an Coimisiún comhbhrón lena muintir.

Maireann a clann mac agus iníon Assunta, Eileen, Regina, Ursula, Liam, Marian, Éamon agus Majella chomh maith le garchlann, neachtanna, nianna agus cairde.

Fág freagra ar 'Comhbhrón déanta ag an gConradh ar bhás bhunaitheoir an chéad naíonra lán-Ghaeilge'