25 comhartha dátheangach scriosta i gContae an Dúin le bliain anuas

Scriosadh cuid acu ceithre nó cúig huaire i ndiaidh don chomhairle comharthaí millte a bhaint anuas agus cinn nua a chur ina n-áit

25 comhartha dátheangach scriosta i gContae an Dúin le bliain anuas

Jim Wells ón DUP

Scriosadh 25 comhartha dátheangach i gContae an Dúin le bliain anuas, agus tá cuid acu scriosta ceithre nó cúig huaire i ndiaidh don chomhairle comharthaí millte a bhaint anuas agus cinn nua a chur ina n-áit.

Maíonn an comhairleoir Glenn Barr, ón UUP, nár cheart don chomhairle ceantair comharthaí a bhfuil Gaeilge orthu a chrochadh i gceantair ina scriostar iad.

“Nuair a cuireadh in airde ar dtús iad taobh amuigh de Ráth Fraoileann níor stop an fón ag bualadh. Caithfear an cheist a chur ar Chomhairle Ceantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin cé mhéad airgid de chuid na n-íocóirí rátaí a chaithfidh siad ar na comharthaí seo? Agus má bhíonn Acht Gaeilge ann, cé mhéad a chosnóidh sé sin ar an bpobal?

“Bhí an comhartha deiridh teorann ann i mBéarla agus níor bhac duine ar bith leis. Ach san áit seo, gearradh an barr den chomhartha, caitheadh péint air, agus caitheadh aigéad air uair eile. Cén fasach a leagann sé sin amach d’Acht Gaeilge?” a d’fhiafraigh Barr.

Dúirt sé gur olc leis an scrios ach go léiríonn sé go bhfuil imní ar mhuintir na háite faoin gcomharthaíocht Ghaeilge agus faoin reachtaíocht teanga atá á plé i láthair na huaire.

“Mura n-éisteann an Chomhairle i ndiaidh don chomhartha a bheith scriosta ceithre nó cúig huaire, caithfear fiafraí cén clár oibre atá acu — an amhlaidh go mbrúfar an Ghaeilge ar an bpobal?” a dúirt sé.

Tá tuilleadh scriosta déanta ar chomharthaíocht Ghaeilge i ndeisceart an chontae, agus ceisteanna curtha ag an gcomhairleoir aontachtach Jim Wells faoin gcinneadh a leithéid a chur suas an chéad lá.

“Comharthaí dátheangacha iad na comharthaí uile anois agus an Ghaeilge in uachtar orthu, agus brúdh an cinneadh sin ar phobail aontachtacha. Ní raibh aon phróiseas comhairliúcháin le muintir na háite. Labhair mé le go leor daoine sa Dún Theas agus airíonn siad go bhfuil an Ghaeilge á húsáid mar arm polaitiúil ag an gcomhairle.

“Ar bhealach ait, ba cheart d’aontachtóirí an Iúir, an Mhúrn agus an Dúin a bheith buíoch den chomhairle as a léiriú céard a tharlódh dá nglacfaí le hAcht Gaeilge,” a dúirt Wells.

De réir alt ar an News Letter, is beag aontachtach sa cheantar a bhfuil col acu leis an gcomharthaíocht. Labhair iriseoir de chuid an pháipéir aontachtaigh le roinnt mhaith daoine ó chúlra aontachtach sa cheantar ach ba bheag duine acu a dúirt gur chuir na comharthaí isteach orthu.

“Cheap mé go raibh sé cineál aisteach. Gach uair a scriosadh an comhartha chuir siad ceann nua suas, shílfeá go bhfuil siad á mbrú acu. Scríobhtar orthu nó caitear péint orthu gach aon uair.

“Is í an fhadhb is mó ná go gcaithfidh sé go bhfuil siad ag cur airgead cáiníocóirí amú leis, má leanann siad orthu,” a dúirt duine amháin.

Dúirt an comhairleoir de chuid an DUP, William Walker, gur tugadh rabhadh ag cruinniú de chuid na Comhairle nach mbeadh aon ghlacadh ag an bpobal aontachtach le comharthaíocht dhátheangach.

“Nuair a tháinig an scéal seo aníos ar dtús ag an gcruinniú, thug ochtar comhairleoirí aontachtacha, as 41 duine, le fios nach nglacfaí leo i gceantair aontachtacha.

“Dúradh linn a bheith ciúin agus tuairiscíodh beirt againn d’ombudsman na Comhairle mar gheall ar sheicteachas agus biogóideacht. Dúirt [an t-ombudsman] linn nach raibh aon chás ann. Tá imní ar aontachtóirí gur mar seo a bheadh cúrsaí dá dtiocfadh Acht Gaeilge isteach ar fud Thuaisceart Éireann,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '25 comhartha dátheangach scriosta i gContae an Dúin le bliain anuas'