Comharchumann Gaeltachta agus léiritheoir scannán Duibhneach ar liosta mainnitheoirí cánach

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim an liosta is déanaí acu de mhainnitheoirí cánach

Comharchumann Gaeltachta agus léiritheoir scannán Duibhneach ar liosta mainnitheoirí cánach

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Tá comharchumann Gaeltachta agus léiritheoir teilifíse ón nGaeltacht orthu siúd atá ainmnithe inniu ar liosta na mainnitheoirí cánach is déanaí atá foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

De réir an liosta a foilsíodh inniu, rinne Comharchumann Forbartha Gaoth Dobhair Teo socrú leis na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le suim €49,808 a bhain le gannthuairisciú ar PAYE, PRSI agus CBL.

Tá an léiritheoir agus eagarthóir scannán aitheanta, arb as Corca Dhuibhne dó, ar liosta na mainnitheoirí cánach chomh maith. €105,813 san iomlán atá le híoc ag an scannánadóir leis na Coimisinéirí Ioncaim toisc nár dhearbhaigh sé cáin ioncaim agus CBL i dtaca le €64,264.

Bhí €41,313 den iomlán fós le híoc aige leis na Coimisinéirí Ioncaim ar an 31 Márta i mbliana.

29 cás dá leithéid a bhí fós gan íoc ar an 31 Márta de réir liosta na mainnitheoirí cánach a foilsíodh inniu.

Bhó 41 cás i gceist ina raibh suim níos mó ná €100,000 i gceist.

Rinne Ard Cashel Stone Ltd, comhlacht tógála agus saor cloiche

sna Doirí Beaga i nGaoth Dobhair socrú leis na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le suim €43,128.

Thug na Coimisinéirí Ioncaim le fios go bhfoilsítear eolas faoi shocruithe cánach nuair nach mbaintear leas as an deis atá ann dearbhú deonach a dhéanamh agus nuair is d’aon turas nó le míchúram a dhéantar faillí.

Fág freagra ar 'Comharchumann Gaeltachta agus léiritheoir scannán Duibhneach ar liosta mainnitheoirí cánach'