Comhar na gcomharsan: An lá ar chabhraigh Liverpool agus Manchester United le chéile

Cé go bhfuil an dearg-ghráin acu ar a chéile anois, céad bliain ó shin tháinig imreoirí ó Liverpool agus United i gcomhar le chéile chun plean rúnda a cheapadh

Imreoirí Liverpool i séasúr 1914-15
Imreoirí Liverpool i séasúr 1914-15

Nuair a thiocfaidh Manchester United chuig Anfield an Domhnach seo, is cinnte nach gcuirfidh imreoirí Liverpool mórán fáilte rompu agus an dá fhoireann san iomaíocht d’áit i Sraith na gCuraidh.
Tá sé deacair a shamhlú go n-oibreodh an dá namhaid le chéile na laethanta seo ach sin díreach a tharla céad bliain ó shin.

Ar an dara lá de mhí Aibreáin 1915, Aoine an Chéasta, chas an dá fhoireann, a bhí sa chéad roinn ag an am, ar a chéile in Old Trafford. Chríochnaigh an cluiche 2-0 ar son Utd agus ní raibh tada eisceachtúil faoi sin, cheapfá. Ach caith súil ar na tuairiscí sna nuachtáin ag an am, agus feicfidh tú go bhfuil rud éigin as alt.

Dar leis an Liverpool Daily Post, bhí sé deacair a chreidiúint cé chomh haontaobhach is a bhí an chéad leath. Thug scríbhneoir an Manchester Daily Dispatch faoi deara go raibh Utd lánsásta an scór a choinneáil ag 2-0 agus nach raibh tosaithe Liverpool ag déanamh aon iarracht an farasbarr a laghdú.

Mar a tharla sé, bhí imreoirí ón dá taobh tar éis teacht le chéile roimh ré chun an toradh a shocrú. Ag an am, bhí Liverpool ar a chompord i lár an tábla ach bhí Utd fós ag troid go géar agus iad i mbaol ísliú céime.

Ach ní ag iarraidh a n-áit sa Chéad Roinn a shábháil amháin a bhí imreoirí United. Bhí an Cogadh Mór ar siúl ag an am ar an Mór-Roinn agus bhí sé soiléir go luath i 1915 go mbeadh ar an FA stop a chur leis na sraitheanna uile ag deireadh an tséasúir. Nuair a tharlódh sé sin, bheadh na himreoirí uile gan phost. Agus fios acu go raibh uair an ghátair ag teannadh leo, rinne na himreoirí cinneadh cúpla punt a chur ar leataobh do lá na coise tinne.

Ba é Jackie Sheldon, captaen Liverpool, ceannaire na comhcheilge agus bhí aithne aige ar chuid d’imreoirí United ó tharla gur thug sé seal leis an gclub roimhe sin. Tháinig seachtar, ceathrar ó Liverpool agus triúr ó United, le chéile i dteach tábhairne darbh ainm ‘The Dog and Partridge’ chun an plean a cheapadh. Bhí praghas 7/1 le fáil ar bhua 2-0 do United agus d’aontaigh siad an toradh sin a shocrú.

Mar a luadh sna tuairiscí, is cluiche aisteach a bhí ann an lá sin in Old Trafford. Nuair a bhí Utd 1-0 chun cinn, thug imreoir Liverpool Bob Pursell, a bhí ar an eolas faoin socrú, cic éirice uaidh. Ba é an tÉireannach, Patrick O’Connell, a chaith tréimhse mar bhainisteoir ar Barcelona ina dhiaidh sin, captaen United agus thóg seisean an cic, cé nárbh é a thóg na ciceanna éirice go hiondúil. Ar chúis éigin, b’fhéidir chun nach mbeadh aon amhras ann, chuir O’Connell an iarracht chomh fada sin amú agus a bhí sé in ann. Bhí iontas ar an slua agus ar an réiteoir, a raibh air comhrá a bheith aige leis an maor líne maidir lenar tharla.

Mura raibh sé tugtha faoi ndeara ag an slua go raibh rud éigin cearr faoin am seo, bhí sé níos soiléire dóibh roimh dheireadh an chluiche. Bhí tosaí Liverpool Fred Pagnam glan i gcoinne na comhcheilge agus bhí sé ag déanamh a mhíle dhícheall cúl a aimsiú chun an plean a chur ó mhaith. Gan ach cúpla nóiméad fágtha agus an scór ag 2-0, bhuail Pagnam fráma an chúil le hiarracht mhaith agus thosaigh cuid d’imreoirí Liverpool ag tabhairt amach dó. Bhí an oiread náire ar bhainisteoir United John Robson gur fhág sé Old Trafford sular séideadh an fheadóg dheireanach.
Chríochnaigh an cluiche 2-0 agus chuidigh an bua le United teacht slán sa chéad roinn. Ach chuaigh rudaí in olcas do na himreoirí sara fada. Dúirt geallghlacadóir amháin go poiblí gur cheap sé go raibh an cluiche socraithe roimh ré agus chuir an FA fiosrúchán ar bun taobh istigh de chúpla seachtain.

Tar éis fianaise a fháil ó chuid de na himreoirí, cuireadh cosc imeartha ar an seachtar a chruinnigh le chéile sa ‘The Dog and Partridge’ agus cé gur mheas an FA go raibh roinnt imreoirí eile ciontach chomh maith, ní raibh siad in ann an méid sin a chruthú.

Dúradh leis an seachtar gur chun a leasa a bheadh sé liostáil san arm dá mbeadh siad ag iarraidh dtréimhsí fionraíochta a laghdú. Chuaigh seisear acu sall chun troid sa chogadh ach níor tháinig ach cúigear abhaile. Maraíodh imreoir United Sandy Turnbull i 1917 agus é ag troid sa Fhrainc. Iad
siúd a tháinig slán, tugadh pardún dóibh agus bhí cead acu imirt nuair a thosaigh na sraitheanna arís i 1919.

Bhí fear amháin, Enoch West ó United, nár ghlac leis an gcuireadh dul san arm agus a shéan go raibh sé ciontach ar chor ar bith. Thóg West cás cúirte i gcoinne an FA agus cuid de na nuachtáin, ach níor éirigh leis. Cé go raibh cónaí air díreach in aice le Old Trafford, ní raibh fiú cead ag West dul chuig cluiche ann. Tugadh pardún dó faoi dheireadh i 1945, ach bhí sé 59 faoin am sin agus a laethanta imeartha i bhfad taobh thiar dó.

Fág freagra ar 'Comhar na gcomharsan: An lá ar chabhraigh Liverpool agus Manchester United le chéile'