Comhairle nua leis an dochar a bhaint as ga na smugairlí leonmhongacha atá i nGaeltacht Thír Chonaill faoi láthair

Mholtaí an ga a ghlanadh leis an sáile agus leac oighir a chur ar an gcraiceann ina dhiaidh sin, ach maítear i staidéar nua a foilsíodh an tseachtain seo gurb é sin an rud is measa a d’fhéadfá a dhéanamh agus gur fínéagar agus uisce te an leigheas is fearr

Comhairle nua leis an dochar a bhaint as ga na smugairlí leonmhongacha atá i nGaeltacht Thír Chonaill faoi láthair

Tá comhairle nua á cur ar shnámhaithe faoin nga a chuireann an smugairle leonmhongach, smugairle róin contúirteach a chonacthas le deireanas ar thránna agus i bhfarraigí na Gaeltachta i dTír Chonaill, i bhfianaise taighde atá déanta ag zú-eolaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá an smugairle leonmhongach ar cheann de na smugairlí róin is mó a chuireann isteach ar shnámhaithe na hÉireann agus na Breataine bliain i ndiaidh bliana. Bíonn os cionn 1,000 braiteog ar an smugairle leonmhongach a shíneann amach suas le 5 méadar ó bholgán an ainmhí.

Ag obair as lámh a chéile, rinne eolaithe na Gaillimhe agus saineolaithe smugairlí róin as Haváí athbhreithniú ar na cleachtais gharchabhrach is mó a mholtar do gha smugairlí leonmhongacha.

Mholtaí go dtí seo an ga a ghlanadh leis an sáile agus leac oighir a chur ar an gcraiceann ina dhiaidh sin, ach maítear i staidéar nua a foilsíodh an tseachtain seo caite gurb é sin an rud is measa a d’fhéadfá a dhéanamh.

Bhréagnaigh torthaí taighde na n-eolaithe an chomhairle sin agus léiríodh gur cheart an ga a ghlanadh le fínéagar, na braiteoga a bhaint amach as an gcraiceann, agus an ball leonta a chur in uisce te (45ºC) ar feadh 45 nóiméad.

Bhí an toradh céanna ar an taighde seo is a bhí ar an taighde a rinneadh níos luaithe i mbliana san ollscoil chéanna faoin nga a chuireann smugairle an tseoil i duine, agus obair eile a rinneadh in áiteanna eile faoi smugairlí an bhosca.

Dúirt an dochtúir Tom Doyle, léachtóir le zú-eolaíocht san ollscoil go bhfuil sé tábhachtach go n-aithneodh an pobal go bhfuil smugairlí an tseoil, smugairlí leonmhongacha agus smugairlí an bhosca “chomh difriúil céanna óna chéile is atá an madra agus an nathair”.

“Mar sin, nuair atá tú ag féachaint ar leigheas garchabhrach do gha na smugairlí róin, tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí an leigheas sin a thástáil ar gach ceann de na hainmnithe seo atá fíor-éagsúil óna chéile.

“Tá léirithe anois againn gur fínéagar agus uisce te an leigheas is fearr ar an nga a thagann ó na trí chineál smugairlí róin seo, agus beidh sé i bhfad níos éasca amach anseo caighdeánú agus simpliú a dhéanamh ar an treoir a thugtar maidir le ga na smugairlí róin, go háirithe in áiteanna a mbíonn cineálacha éagsúla smugairlí san aon áit amháin,” a dúirt Doyle.

Tá an smugairle róin contúirteach, an smugairle leonmhongach, níos fairsinge i mbliana san iarthuaisceart ná mar a bhí riamh cheana. D’eisigh Sábháilteacht Uisce na hÉireann rabhadh le deireanas faoi smugairle róin a tháinig i dtír in Ard an Rátha.

Chonacthas ceann eile ar snámh san fharraige timpeall Ghabhla, oileán atá níos faide ó thuaidh arís.

I bhfarraigí fuara an Leathsféir Thuaidh a aimsítear an smugairle leonmhongach de ghnáth ach meallann an t-athrú aeráide iad anuas chuig farraigí na hÉireann. Lena chois sin, is nós leo agus iad ar tí a mbáis, bailiú le chéile in áiteanna foscúla. Sáinnítear ar an trá iad nuair a thránn an taoide. Athraíonn an smugairle róin a dhath, ó oráiste go corcairdhearg, á oiriúnú féin dá thimpeallacht.

Fág freagra ar 'Comhairle nua leis an dochar a bhaint as ga na smugairlí leonmhongacha atá i nGaeltacht Thír Chonaill faoi láthair'