Comhairle nua fógartha do RTÉ RnaG agus Siobhán Seoighe ina cathaoirleach

Deineadh athrú anuraidh ar an mbealach a gceaptar baill ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tugadh cuireadh poiblí do dhaoine cur isteach ar bhallraíocht ar an gComhairle

Comhairle nua fógartha do RTÉ RnaG agus Siobhán Seoighe ina cathaoirleach

Tá Comhairle nua ceaptha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bean as Gaeltacht Ráth Chairn atá ceaptha ina Cathaoirleach uirthi.

Is í Siobhán Seoighe, Oifigeach Gaeilge i DCU agus ball de Bhord Údarás na Gaeltachta, a bheidh mar chathaoirleach ar an gComhairle nua.

Deichniúr eile a bheidh ar an gComhairle nua, ina measc Colm Ó Dúlacháin, a bheidh mar ionadaí foirne.

Is iad na daoine eile a bheidh ar an gcomhairle: Mícheál S. Mac Donnacha, múinteoir bunscoile As Leitir Móir i gCeantar na nOileán; Joe Mac Suibhne, Príomhoide ar Ghaelcholáiste an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin agus stiúrthóir ar Choláiste Uí Chadhain sna Mine; Mairéad Ní Nuadháin, iar-chraoltóir agus  iarbhainisteoir sinsearach in RTÉ; Cillian de Búrca, láithreoir raidió as Co Dhoire ó dhúchas; Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Phort Láirge agus Rúnaí Chomhlacht Forbartha na nDéise; Gearóid Ó Smoláin, saineolaí ar thionscal na turasóireachta as an tSean Bhaile, An Fál Cárrach; Michelle Mhic Suibhne, múinteoir bunscoile as Baile Bhuirne; Seosaimhín Mhic Gionntaigh, as an bhFód Dubh i gContae Mhaigh Eo, ar ball de Chomharchumann Ionad Deirbhile é; agus Aodán Mac Gearailt, iarpheileadóir agus Príomhoide ar Mheánscoil Nua an Leith Triúigh i gCaisleán Ghriaire.

Deineadh athrú anuraidh ar an mbealach a gceaptar baill ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tugadh cuireadh poiblí do dhaoine cur isteach ar bhallraíocht ar an gComhairle.

Roimhe seo is amhlaidh a d’ainmnítí baill na Comhairle.

Dúirt Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha go raibh sé tábhachtach go mbeadh an pobal lárnach in obair na seirbhíse.

“Thuig muid ariamh go raibh an-spéis ag an bpobal in obair na seirbhíse seo, agus go raibh tuairimí láidre acu ina leith, agus tá muid sásta anois go bhfuil deis tugtha dóibh siúd a léirigh spéis ann a bheith páirteach san obair a dhéanann muid tríd an ról a bheidh acu ar an gComhairle.

“Tá taithí, saineolas agus scileanna ag na baill a chuideoidh go mór linn san obair thábhachtach atá le cur i gcrích againn le chéile san trí bliana seo romhainn.”

Déanann Comhairle RnaG ionadaíocht ar lucht éisteachta na seirbhíse agus cuireann sí comhairle ar bhainistíocht an stáisiúin i dtaobh na seirbhíse.

Tréimhse trí bliana a beidh ag an gComhairle nua agus beidh a gcéad chruinniú acu i gCasla ar an 7 Iúil.

Fág freagra ar 'Comhairle nua fógartha do RTÉ RnaG agus Siobhán Seoighe ina cathaoirleach'