Comhairle dlí á lorg ag Príomhfheidhmeannach Muintearas agus ‘géarleanúint’ curtha i leith Seanadóra aige

Dúirt Príomhfheidhmeannach Muintearas Seán Ó Coisdealbha i dTithe an Oireachtais inné go bhfuil comhairle dlí á lorg aige faoi ráitis phoiblí atá déanta ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. Deir an Seandadóir go bhfuil 'dualgas' air mar ionadaí poiblí ceisteanna a chur ar eagraíochtaí

Comhairle dlí á lorg ag Príomhfheidhmeannach Muintearas agus ‘géarleanúint’ curtha i leith Seanadóra aige

Príomhfheidhmeannach Muintearas Teo, Seán Ó Coisdealbha, sa lár, i dTithe an Oireachtais inné

Dúirt Príomhfheidhmeannach Muintearas Teo Seán Ó Coisdealbha i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné go bhfuil comhairle dlí á lorg aige faoi ráitis phoiblí atá déanta ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi chúrsaí fostaíochta san eagraíocht Ghaeltachta.

Thug Ó Coisdealbha an méid sin le fios i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné agus ceisteanna á bhfreagairt aige a chuir an Seanadóir de chuid Shinn Féin air ag cruinniú de Bhuan-Choiste an Oireachtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

D’iarr an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh eolas ar Príomhfheidhmeannach Mhuintearais Seán Ó Coisdealbha faoi chásanna caidreamh saothair a mhaígh an Seanadóir a bhain leis an eagraíocht.

Thagair an Seanadóir chomh maith d’iniúchadh atá á dhéanamh ar struchtúir agus feidhmeanna na heagraíochta Gaeltachta.

“Ar déanadh íocaíochtaí le hiaroibrithe sna cásanna áirithe sin agus, an rud a bheadh ann, an bhfuil an iniúchadh atá ar bun chun díriú ar na cúinsí a bhain leis na cásanna sin. An bhfuil na deacrachtaí sin le réiteach mar chuid den iniúchadh?

“Tá mé cinnte go dteastaíonn Muintearas, tacaím le cuid mhaith de na héilimh atá agaibh, ach caithfidh muid a bheith cinnte go bhfuil inmharthanacht na heagraíochta agus na próisis bainistíochta agus airgeadais iomlán i gceart ag dul chun tosaigh,” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Mar fhreagra ar an méid sin, rinne Ó Coisdealbha cosaint láidir ar chur chuige na heagraíochta agus líomhain sé go raibh “géarleanúint” ar bun ag an Seanadóir.

“Tosóidh mise amach ar chúpla ceist a chuir an Seanadóir trasna ansin. Cuirfidh mé ar an taifead go bhfuil dea-chleachtas iomlán fostaíochta á leanacht againne sa togra. Dea-chleachtas iomlán a bhaineann le chuile réimse agus le cúrsaí fostaíochta. Ní ghabhfaidh mé níos doimhne sa scéal mar tá mé féin ag lorg comhairle dlí maidir le rudaí éagsúla atá ráite ag an Seanadóir go poiblí agus san Údarás.

“Tá comhairle dlí lorgtha agamsa maidir leis – go ndearnadh géarleanúint orm. Ní theastaíonn uaim dul níos faide isteach sa scéal. Tá dea-chleachtas ar siúl san eagraíocht faoi mo bhainistíochtsa, maidir le chuile ghné a bhaineann le cúrsaí fostaíochta,” a dúirt Seán Ó Coisdealbha.

Trevor_Ó_Clochartaigh_crop
An Seanadóir de chuid Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh i ndiaidh an chruinnithe aréir go raibh “dualgas air mar ionadaí poiblí ceisteanna a ardaíonn daoine leis a chur”.

“Aon eagraíocht a chaitear airgead poiblí uirthi, is gá ceisteanna a chur agus is cuma cén eagraíocht a thagann os comhair an choiste, bíonn nós agamsa ceisteanna crua a chur orthu,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Bhí toscaireacht ó Mhuintearas i láthair ag an gcoiste Oireachtais inné chun labhairt faoi ról na heagraíochta agus faoi chur i bhfeidhm Pholasaí Oideachais nua na Gaeltachta.

D’iarr lucht Muintearas ar bhaill an choiste go gcuirfí an maoiniú ar fáil chun 13 scoil eile a thabhairt isteach faoi Scéim na gCúntóirí Teanga a bhíonn á reáchtáil acu i nGaeltacht Chonamara agus i nGaeltacht Dhún na nGall. Rinne an toscaireacht cur i láthair faoin obair a bhíonn ar bun ag an eagraíocht agus ar chuid de na dúshláin atá rompu. Thug Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly, agus baill eile den choiste, moladh don obair atá ar bun ag an eagraíocht.

Dúradh chomh maith go bhfuil gá ag eagraíocht le comhordaitheoir oideachais mar a bhíodh cheana. Moladh go mbeadh “níos mó leanúnachais idir an naíonra agus an bhunscoil” sa chóras oideachais sa Ghaeltacht, go gcuirfí cúrsaí oiliúna a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeltachta agus go dtacófaí le scoileanna atá ag iarraidh teagasc trí Ghaeilge.

Agus deontas breise riaracháin á fhógairt aige do Mhuintearas Teo an mhí seo caite, thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios sa Dáil go raibh an maoiniú breise á cheadú aige ar an tuiscint go raibh tús á chur “láithreach” ag Údarás na Gaeltachta le hiniúchadh ar “fheidhmeanna, maoiniú agus struchtúir” Mhuintearas. Bhain an maoiniú breise sin le Scéim na gCúntóirí Teanga a bhíonn á reáchtáil ag Muintearas, fochomhlacht de chuid an Údaráis.

Thug urlabharaí ó Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie gurb é Gilroy Gannon, comhlacht cuntasóirí cairte agus iniúchóirí, atá fostaithe ag Bord Mhuintearas Teo le “hathbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar straitéis, struchtúr agus chlár oibre Mhuintearas Teo, ag tabhairt san áireamh na hathruithe atá tagtha ar réimsí áirithe dá chlár oibre le cúpla bliain anuas”.

Dúirt urlabhraí an Údaráis gur “gnáthphróiseas oibre rialachas corparáideach” é “athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis agus pleananna oibre comhlachtaí gach cúpla bliain”.

Fág freagra ar 'Comhairle dlí á lorg ag Príomhfheidhmeannach Muintearas agus ‘géarleanúint’ curtha i leith Seanadóra aige'